06.10.2020 – RSO sa Bhunscoil
Téama: Comhoibriú, modhanna agus straitéisí le tacú le daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu sa bhunscoil
Dírithe ar: Muinteoirí bunscoile
Am agus áit: 6 Deireadh Fómhair, 19.00, Zoom
Aoichainteoirí: Dr Ciara Uí Chonduibh, Scoil Uí Ghramhnaigh
Déanfar plé sa seisiún seo ar mhodhanna comhoibreacha a bhféadfadh le múinteoirí bunscoile a úsáid le tacú le daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu sa suíomh scoile mar atá faoi láthair. Beidh an seisiún dírithe ar bhealaí praiticiúla le bheith ag comhoibriú le cur le foghlaim na ndaltaí. Roinnfear go leor eolais maidir le straitéisí teagaisc, áiseanna agus acmhainní úsáideacha lena linn. Beidh cur i láthair ón éascaitheoir agus réiteach fadhbanna gníomhach le rannpháirithe an tseisiúin.
Is múinteoir bunscoile í an Dr Ciara Uí Chonduibh i scoil Ghaeltachta i Ráth Chairn, Contae na Mí. Tá taithí mhúinteoireachta aici sa rang agus in oideachas speisialta. D’oibrigh sí leis an gClár Ionduchtaithe do Mhúinteoirí (National Induction Programme for Teachers) mar mheantóir, mar éascaitheoir ar na ceardlanna agus mar chomhlach ó 2011. Bhí sí mar léachtóir ar Oideachas Reiligiúnda i gColáiste Mhuire Marino don sruth Ghaeilge ó 2009 go dtí 2013.
Bhain sí máistreacht (M.Ed Equality and Diversity) in Oideachas Speisialta amach leis an Open University. Bhain sí dochtúireacht (Ed.D) amach le DCU. D’úsáid sí taighde gníomhaíochta agus comh-mhúinteoireacht i bpobail foghlama. Rinneadh é a reáchtáil i scoileanna agus idir scoileanna chun tacú le agus forbairt a dhéanamh ar fhoghlaim ghairmiúil leanúnach na múinteoirí agus a gcaidrimh ghairmiúla. Bíonn Ciara ag plé le cúrsaí forbairt ghairmúil leanúnach do mhúinteoirí agus caidrimh phoifisiúnta anseo agus thar lear.
Déanfar taifead ar an seimineár seo agus cuirfear ar fáil ar YouTube é ina dhiaidh.