18 & 19 Márta: Cruinnithe Earnála na mBunscoileanna agus ainmniúcháin á lorg do Bhord Stiúrtha Gaeloideachas

Feb 11, 2026

Beidh Gaeloideachas ag reáchtáil cruinnithe earnála do na scoileanna ar-líne roimh Cruinniú Ginearálta Bliantúil na heagraíochta (a bheidh ar siúl ar an 25 Aibreán). Tá dhá earnáil bunscoile ann de réir bunreacht na heagraíochta, sé sin earnáil na mBunscoileanna Gaeltachta agus earnáil na mBunscoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Dá réir beidh dhá cruinniú éagsúla ar siúl do na bunscoileanna. Seo hiad na dátaí don dá earnáil sin:

  • Cruinniú earnála na mBunscoileanna GaeltachtaCéadaoin, 18 Márta ag 16.00.
  • Cruinniú earnála na mBunscoileanna Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht Déardaoin, 19 Márta ag 16.00.

Thíos uaidh seo tá dréachtchlár don chruinniú:

  • Aithne a cur ar bhaill reatha Bord Stiúrtha Gaeloideachas agus deis baill nua a cheapadh
  • Nuashonrú maidir le gníomhaíochtaí Gaeloideachas i réimse na hearnála

Clárúcháin do na cruinnithe

Is féidir leat nó ionadaí eile ón scoil clárú don chruinniú ag an nasc seo. 

Ainmniúcháin a dhéanamh do Bhord Stiúrtha Gaeloideachas

Tá fáilte roimh scoil, atá mar bhall den eagraíocht, ainmniúcháin a dhéanamh le duine ó earnáil na scoile a ainmniú le bheith ar Bhord Stiúrtha na heagraíochta. Tá spás do bheirt ó gach earnáil (trí cinn acu, dhá cheann bunscoile agus ceann amháin iar-bhunscoile) ar an mBord. Más suim ag éinne a bhfuil aithne agat orthu go mbeadh siad ainmnithe don ról seo is féidir sin a dhéanamh ag an gcnaipe thíos. Má ainmnítear níos mó ná beirt in aon earnál caithfear vóta ag an gcruinniú earnála sin.

Déan ainmniúcháin anseo. 

Ní leanfaidh an cruinniú ach 1/2 uair nó mar sin. Bheadh muid buíoch dá bhféadfadh duine ó do scoil freastail ar. Seolfar na naisc do na cruinnithe chugat ag tús mí Márta.

Scaip an scéal le’d thoil! Ag tnúth le buaileadh libh ann.