25 Márta: Cruinniú Earnála na nIar-Bhunscoileanna agus ainmniúcháin á lorg do Bhord Stiúrtha Gaeloideachas

Feb 11, 2026

Beidh Gaeloideachas ag reáchtáil cruinnithe earnála do na scoileanna ar-líne roimh Cruinniú Ginearálta Bliantúil na heagraíochta (a bheidh ar siúl ar an 25 Aibreán). Dá réir beidh cruinniú á reáchtáil do na hIar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge/ Gaeltachta ar an gCéadaoin 25 Márta ag 16.30.

Seo dréachtchlár don chruinniú:

  • Aithne a cur ar bhaill reatha Bord Stiúrtha Gaeloideachas agus deis baill nua a cheapadh
  • Nuashonrú maidir le gníomhaíochtaí Gaeloideachas i réimse na hearnála

Clárúcháin don Chruinniú

Is féidir leat nó ionadaí eile ón scoil clárú don chruinniú ag an nasc seo.

Ainmniúcháin a dhéanamh do Bhord Stiúrtha Gaeloideachas

Tá fáilte roimh scoil, atá mar bhall den eagraíocht, ainmniúcháin a dhéanamh le duine ó earnáil na scoile a ainmniú le bheith ar Bhord Stiúrtha na heagraíochta. Tá spás do bheirt ó gach earnáil (trí cinn acu, dhá cheann bunscoile agus ceann amháin iar-bhunscoile) ar an mBord. Más suim ag éinne a bhfuil aithne agat orthu go mbeadh siad ainmnithe don ról seo is féidir sin a dhéanamh ag an gcnaipe thíos. Má ainmnítear níos mó ná beirt in aon earnál caithfear vóta ag an gcruinniú earnála sin.

Déan ainmniúchán anseo. 

Ní leanfaidh an cruinniú ach 1/2 uair nó mar sin. Bheadh muid buíoch dá bhféadfadh duine ó do scoil freastail ar an gcruinniú seo. Seolfar an nasc don chruinniú chugat ag tús mí Márta.

Scaip an scéal le’d thoil! Ag tnúth le buaileadh libh ann.