Feachtas Liúntais Ghaeltachta & Liúntais Theagasc trí Ghaeilge a fháil ar ais do Mhúinteoirí Iar-bhunleibhéil
Is mian le Gaeloideachas tacú le múinteoirí iar-bhunscoile comhionnanas liúntas a bhaint amach. Leagtar amach thíos roinnt moltaí do mhúinteoirí, rún inmholta ina measc, chun an cás a bhrú chun cinn ag leibhéal na gceardchumann agus an chórais pholaitiúil.
Mórspriocanna an fheachtais:
(a) deireadh a chur le éagothroime agus (b) comhionannas a bhaint amach do : na múinteoirí iar-bhunscoile a ceapadh san earnáil Ghaeltachta, lán-Ghaeilge & ar Oileáin ó 2 Feabhra 2012. Ar an dáta sin gearradh na liúntais teagaisc i Scoileanna Gaeltachta, Gaelscoileanna & Gaelcholáistí chomh maith le scoileanna ar Oileáin do mhúinteoirí nuacheaptha ón dáta sin.
Cá luíonn an éagothroime ?
Fáiltítear go mór roimh imlitir 0054/2026 a foilsíodh ar 21.05.26 ag eascairt as margáil áitiúil de chuid Cumann Múinteoirí Éireann faoina tugadh liúntais ar ais do mhúinteoirí bunscoile na hearnála. Níor cuireadh aon socrú mar seo i bhfeidhm do na hiar-bhunscoileanna. Tá sé thar am an éagothroime seo a chur ina cheart.
Is é búnus na himlitreach bunscoile 0054/2026 gur beart spriocdhírithe iad na liúntais a thabhairt ar ais chun tacú le hearcú agus le coinneáil foirne. Tá deacrachtaí suntasacha earcaíochta agus coinneála ag an iar-bhunleibhéal freisin ach níl an tacaíocht ná an t-aitheantas céanna tugtha do mhúinteoirí an Iar-bhunleibhéil .
Níl an luach saothair céanna á thabhairt d’obair chóhórt múinteoirí iar-bhunscoile a fostaíodh san earnáil Ghaeltachta agus Lán-Ghaeilge ó 2 Feabhra 2012 ar aghaidh, i gcomparáid lena gcomhghleacaithe sna scoileanna céanna a fostaíodh roimh 2 Feabhra 2012. Cruthaíonn an difríocht shuntasach íocaíochta seo idirdhealú ghairmiúil san obair chéanna i measc foirne scoile.
Tá éagothroime cruthaithe idir an earnáil bunscoile agus earnáil Iarbhunscoile Gaeltachta agus lán-Ghaeilge. Níl an luach céanna á chur ar obair an chóhórt múinteoirí iar-bhunleibhéil a fostaíodh ó 2 Feabhra 2012 i gcomparáid le cohórt iomlán na múinteoirí bunscoile san earnáil Ghaeltachta agus lán-Ghaeilge.
Nóta Suntais – Fógraíodh ar 22 Meán Fómhair 2026 go bhfuil an liúntas Gaeltachta d’altraí ar cuireadh deireadh leis le linn na géarchéime eacnamaíochta le tabhairt ar ais ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Treisíonn seo imeallacht an chóhórt múinteoirí iar-bhunscoile nach bhfuil ag fáil na liúntas Gaeltachta.
An Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta & POLG
Cuireadh tús leis an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta faoin bPolasaí don Oideachas Gaeltachta i 2017. Tá foirne scoile an-bhródúil as an obair a rinneadh agus an spreagadh atá curtha in úsáid na Gaeilge sna scoileanna agus ina bpobail áitiúla. Tá an obair seo ag leanúint ar aghaidh ins na scoileanna ach tá ceist bhunúsach le cur:
Cén chaoi ar féidir leis an Stát a bheith ag súil go leanfaidh Iar-bhunscoileanna Gaeltachta ag comhdhlúthú torthaí na Scéime Aitheantais Scoileanna Gaeltachta muna dtugtar an t- aitheantas céanna dá gcuid múinteoirí ar fad trí na liúntais Ghaeltachta agus lán-Ghaeilge a íoc leo?
Tá an cheist chéanna le cur ar son na múinteoirí atá ag teagasc sna Gaelcholáistí a bheidh ag tabhairt faoin Polasaí Oideachais Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.
Na dualgais bhreise a bhíonn ar mhúinteoirí sna hIar-bhunscoileanna Gaeltachta agus sna Gaelcholáistí
1. San Iar-bhunscoil Ghaeltachta agus i nGaelcholáiste, is í an Ghaeilge teanga an teagaisc, na cumarsáide agus an tsóisialaithe. Bíonn ar an múinteoir timpeallacht tumoideachais a chothú ina mbíonn sé nádúrtha don dalta Gaeilge a úsáid
2. Bíonn Ábhar agus Teanga á múineadh ag an am céanna. Caithfidh an múinteoir freastal ar na riachtanais agus cumais éagsúla teanga a bhíonn ag gach dalta, chun cinntiú go bhfuil leibhéal ard Gaeilge acu le rochtain a bheith acu ar an gcuraclam
3. Níl an rogha chéanna téacsleabhar, físeán, bileoga oibre, suíomhanna idirlín agus ábhar digiteach ar fáil trí Ghaeilge do gach ábhar. Bíonn ar mhúinteoirí acmhainní a chuardach, a chur in oiriúint, a aistriú nó a chruthú as an nua chomh maith le huirlísí measúnaithe.
4. De réir Critéar 8 – Polasaí don Oideachas Gaeltachta, tá ceangal reachtúil ar an scoil Ghaeltachta nasc a chothú idir an scoil agus an pobal áitiúil. Is freagracht bhreise í seo. Níl an fhreagracht reachtúil seo ar Ghaelcholáistí ach cuireann múinteoirí na nGaelcholáistí uaireanta breise oibre isteach ag cruthú pobal teanga báúil don Ghaeilge mórthimpeall na scoile.
5. Ní bhíonn an leibhéal céanna Gaeilge ag gach tuismitheoir. Bíonn ar mhúinteoirí comhfhreagras dátheangach a chruthú lena chinntiú nach gcuirtear bac ar chumarsáid éifeachtach leis na tuismitheoirí.
6.Bíonn ar mhúinteoirí comhfhreagras dátheangach a chruthú go minic le síceolaithe, teiripeoirí cainte agus le pearsanra seirbhísí eile a thacaíonn leis an scoil
7. Tá riachtanais shonracha forbartha gairmiúla ag múinteoirí na hearnála. Tá scileanna breise ag teastáil maidir le teagasc i suímh tumoideachais chun freastal ar dhaltaí dátheangacha
8. Tá dúshláin bhreise ann maidir le hearcú foirne – tá líofacht Ghaeilge ag teastáil, tuiscint ar chur chuige an tumoideachais, tá cuid de na scoileanna Gaeltachta i suímh iargúlta agus cuid ar oileáin. Bíonn taisteal farraige agus an aimsir mar dhúshláin do mhúinteoirí ar na hoileáin amach ón gcósta.
An Rún do na Ceardchumainn
Iarrtar ar mhúinteoirí iar-bhunscoile na hearnála Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge an t-eolas thuas a roinnt le brainsí áitiúla a gceardchumann agus a iarradh orthu an rún a leanas nó leagan de, a chur ar aghaidh chuig comhdhálacha náisiúnta na gceardchumann i 2027.
Rún : Éilíonn an Chomhdháil seo go dtabharfaí ar ais liúntais a gearradh ar 2 Feabhra 2012 de bharr na géarchéime eacnamaíochta ag an am, do mhúinteoirí a ceapadh ón dáta sin ar aghaidh in Iar-bhunscoileanna Gaeltachta & Lán-Ghaeilge & ar Oileáin agus do gach múinteoir nua a cheapfar san earnáil amach anseo , mar aitheantas ar na dualgais shuntasacha bhreise atá orthu sna suíomhanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge.
Ar Scáth a Chéile a Mhaireann na Daoine