6. Déan Comhrá
An bhfuil na tuismitheoirí i do naíonra ar an eolas faoinár leabharán Déan Comhrá? Tá foclóir simplí agus abairtí áisiúla ann do theaghlaighí ar go leor téamaí éagsúla. Sa leagan seo, agus sa leagan scoile, tá íomhá MF ar gach leathanach a osclaíonn comhad fuaime le guthán nó leac, nó le gliogáil air i leagan PDF. Mar thacaíocht do fhoghlaimeoirí fásta tá cúig leathanach dírithe ar fhoghraíocht na Gaeilge. Tá leagan Úcráinís – Gaeilge ar fáil mar leabhrán agus PDF freisin.