Thíos tá liosta d’áiseanna; sleamhnáin, físeáin, craolta raidió agus billeoga; nasctha le Lá Fhéile Bríde, an naomh / ban-dia í féin agus na nósanna a bhaineann le tús an Earraigh nó Imbolc / Imbolg. Téann an fhéile Earraigh sin siar na mílte bliain agus is ceann de phríomhfhéile na nGael é le cois Samhain, Bealtaine agus Lúnasa. Rugadh Naomh Bríd (c.454-525) gar do Dhún Dealgán agus thosaigh sí a príomh-mhainistir i gCill Dara. Ceanglaíodh a lán de na nósanna a bhaineann leis an mbandia agus le hImbolc le Naomh Bríd. Leasainm amháin ar Naomh Bríd ná Muire na nGael agus is iad Pádraig (Pádraic), Bríd agus Colm Cille (Criomhthann) trí earlamh na hÉireann. Bhíodh an t-anim litrithe Bríghid ach tá an litriú Bríd i bhfad níos coitianta anois.
Urnaí / ortha:
A Naomh Bríd, a Mhuire na nGael, scar orainn do bhrat,
A Naomh Bríd, a chroí na féile, stiúir sinn ar an mbóthar ceart,
A Naomh Bríd gheanúil ghrástúil, ar ár namhaid cosain sinn,
A Naomh Bríd, a bhean rialta álainn, ar uair ár mbáis glaoigh orainn
Gabhaim Molta Bríghde (urnaí agus amhrán)
Gabhaim molta Bríde
Ionúin í le hÉirinn
Ionúin le gach tír í
Molaimís go léir í
Lóchrann geal na Laighneach
Soilsiú feadh na tíre
Ceann ar óg na hÉireann
Ceann na mban míne
Teach an Gheimhridh dhéin dhuibh
Gearradh lena ghéire
Ach ar lá ‘le Bríde
Gar dúinn Earrach Éireann
Rann:
Oíche Nollag Mhór gan im,
Oíche Fhéile Bríde gan brachán,
Oíche na hInide gan feoil,
Nach é sin an bothán lom!
Dán:
Ó Lá Fhéile Bríde amach
Bíonn na héin ag déanamh nead(acha),
Na caoirigh ag breith na n‑uan
Is an fuacht ag dul i dteas.
Lá Fhéile Bríde bricín –
Bain an chluas den toirtín,
Is tabhair a sháith don dailtín.
| Beannacht nuair a thagann Crios Bríde isteach i dteach: (crios, ní cros) | |
|
Crios Bhríde mo chrios, |
Crios Bhríde mo chrios, |
| Físeán ar an gCrios Bríde i gCois Fharraige | |
| Trí rann le rá ag na leanaí nuair a thagann siad isteach le brídeog: | |
| Seo í Naomh Bríd is í gléasta go breá. Tabhair di rud éigin in onóir don lá. |
Seo Bríd in éadaí bána. Tabhair pingin na hoíche duibhe di. Tá sí bodhar, tá sí balbh. Ná loic uirthi, in ainm Dé. |
|
Seo í isteach mo bhrídeog |
|
Seanfhocla:
Tá dhá lá san Earrach chomh maith le deich lá sa bhFómhar.
Chomh ramhar le fiach dubh sa bhFómhar is le feannóg san Earrach – bíonn go leor uibheacha agus scalltáin thart dosna feannóga fíochmhara.
Fómhar féarmhar agus Earrach éagmhar – bíonn ganntanas san Earrach tar éis Fómhar lán le fás.
Sneachta nach dtiocfaidh faoi Shamhain,
Tiocfaidh sé go ramhar faoi Fhéile Bríde.
Gach dara lá go haoibhinn álainn,
ó Lá Fhéile Bríde go Lá Fhéile Pádraig.
Ó Lá Fhéile Bríde amach,
Bíonn na héin ag déanamh nead(acha),
Bíonn na caoire ag breith na n-uan,
Is an lá ag dul i bhfad.
Leabhrán Dathúcháin do Lá Fhéile Bríde (anois nasctha le comhaid fuaime) agus bileog oibre 🖍️🎨✍️ ó Gaeloideachas. Tá tacar mór bileog oibre do leanaí óga ar fáil ar ár suíomh GaeilgeDonNaíonra.ie
Lá Féile Bríde (cur i láthair PowerPoint ón Gúm) – eolas faoin naomh, faoi Imbolg agus an bandia Bríd, agus faoi conas Cros Bhríde a dhéanamh le luachair / giolcacha.
Lá le Bhríde – Crois Bhríde – Cúla4 📽️ ar YouTube.
Lá Fhéile Bríde a cheiliúradh ag Herbie an dragún 📽️ físeán do leanaí ar stair agus nósanna le Teach Mhucrois.
Fáilte roimh an Earrach ✍️ bileog oibre álainn (4 leathanach) le Teach Mhucrois.
Crois Bhríde le Cúla4 Ar Scoil 📽️ Seinnteoir TG4.
Físeán deas eile ar conas Crosóg Bhríde a dhéanamh 📽️ YouTube
Scéal Naomh Bríde 📽️ le leanaí i Scoil Sailearna, Indreabhán, Cois Fharraige.
Ban-naomh: Bríd (453 – 525) 📚 leathanach 13 i Ré Órga na Mainstreacha.
Naomh Bríd 📽️📚 a scéal léite as an leabhar Éire: Sean is Nua ag John Farrell.
Brídeog á dhéanamh ag Scoil Chaomháin 📷 ar Inis Oírr d’Oíche Fhéile Bhríde 2025.
Eolas faoi Bhrídeoga agus conas ceann a dhéanamh 📽️ ceacht le RTÉ Home School Hub do Rang 5 & Rang 6.
Crios Bríde 📽️ Muintir Chois Fharraige ag labhairt faoi nósanna Lá Fhéile Bríde; na gasúir ag dul ó theach go teach le Crios Bríde nó le Brídeog.
Brighid 📽️ Clár faisnéise TG4 faoi Naomh Bríd ar bhain nósmhaireacht agus traidisiúin ar leith léi.
Scéal Naomh Bríd ✍️ bileoga oibre.
Pacáiste ar Lá Fhéile Bríde ✍️ leis an iarsmalann EPIC
Lá Fhéile Bríde ar Nuacht Anois le heolas ar an naomh agus a féile, agus treoracha do chrosóg dheas.
Taisce Tuisceana ✍️ An tEarrach agus Naomh Bríd.
Bríd, le dathú 🖍️🎨 buíochas le Jim FitzPatrick as an ealaín álainn seo.
Cén chaoi le Cros Bhríde a dhéanamh? 📽️ Taispeánann Jimí Ó Finneadha, fear Gaeltachta as Cois Fharraige, dúinn cén chaoi le Cros Bhríde a dhéanamh as broibh luachra.
Foghlaim conas Cros Bhríde a dhéanamh! 📽️ le Dúlra Chorcra Dhuibhne ar YouTube.
Crois Bhríde Longfort 📽️ (trí ghéag) le Laillí de Buitléar ar YouTube.
Cros Bhride na Rinne 📽️ (sé mhuileata air) le hAodh Mac Craith do MolScéal.
Crois Bhríde as Tír Chonaill 📽️ (4 scoth luachra de 4 luachair i dtreo amháin agus 5 cinn sa treo eile) le Laillí de Buitléar ar YouTube.
Ceacht ar conas Crosóg Bhríde a dhéanamh 📽️ ó Bhéal Feirste le Nuacht24 ar YouTube.
Déantús Crosóg Bhríde 📽️ le Clár Ní Chnáimhsí (An Carn, Doire) ar YouTube.
Ióga – Naomh Bríd 📽️ le Ciarán Mac Fhearghusa ar TG4 Foghlaim.
Foclóir don Earrach 📽️ le Déan Comhrá ar YouTube.
Brat Naomh Bríd – scéal an bhrait (leagan sinsir), agus an leagan sóisir, le LibrariesIreland
Leathanach ar Lá Fhéile Bríde ó Ard-Mhúsaem na hÉireann 🎗️🕈🔥 nósanna Oíche Lá Fhéile Bríde, Crios Bhríde, Brat Bhríde (nó Bratóg Bhríde) nó Ribín Bhríde, Crosa Bhríde, Brídeoga.
Lá Fhéile Bríde 📽️ gearr-fhíseán le Coláiste na hOllscoile Corcaigh
Lá Fhéile Bríde 📽️ le Meon Eile; cuairt ar an scrín tógtha ag Fochaird i gContae Lú.
Naomh Bríd agus an Mac Tíre 📽️ scéal léite as Gile na hÓige; Sa Bhaile agus i gCéin
Míorúiltí Naomh Bríd ó Leabhar An Leasa Mhóir 🔥🐗 ar Nós.ie – Scéalta ársa faoi Bhan-Éarlamh na hÉireann nach bhfuil an oiread sin clú orthu.
Naomh Bríd i nGrá Dé.
Cúig Rud Nach Raibh Ar Eolas Agat Faoi Naomh Bríd ar Nós.ie
5 Nós Ársa Ar Lá Fhéile Bríde; Ceiliúradh an earraigh & an naoimh ar Nós.ie
🔥 Ar lá ’le Bríghde, gar dúinn Earrach Éireann… ar Tuairisc.ie – alt líonta le heolas faoi nósanna na féile, beathaisnéis an naoimh agus an díospóireacht faoin ‘dá Bhríde’; an Bandia Págánach agus Bríd, iníon an sclábhaí.
Conair ghléineach an earraigh á soilsiú romhainn ag Naomh Bríd ar Tuairisc.ie
Traidisiún ársa na Brídeoige beo fós i gCill Ghobnait ar RTÉ.ie
Nósanna Fhéile Bríd i gCorca Dhuibhne 🐮🥛 an Dr. Pádraig Ó Héalaí agus é ag plé cuid dos na nósanna agus traidisiúi a bhaineann leis an bhféile (MolScéal)
Scéalta faoi Naomh Bríd i mBailiúchán Na Scol.
📻 Eagrán den chlár Bóthar Na Léinsí, ar Raidió Na Gaeltachta, dírithe ar scéalta agus nósanna nasctha le Naomh Bríd agus tús an Earraigh.
Lá Fhéile Bríde i dTír Chonaill; Foghlaim agus Feadhach, 📻 ó Raidió Na Gaeltachta. Labhair Patricia Dawson agus beirt dalta dá cuid ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair ar an gclár Barrscéalta ar na traidisiún a bhaineann le Oíche agus Lá Fhéile Bríde agus ar na nósanna áitiúla a bhaineann leis an fhéile.
Naomh Bríd – Muire na nGael, 📻 ó Raidió Na Gaeltachta. Cur síos ar Naomh Bríd; an duine, an seanchas a bhaineann léi, agus na nósanna agus na traidisiúin a bhaineann le Lá ‘le Bríde. Gheobhaidh muid léargas sa gclár ar an tábhacht a bhí, agus atá i gcónaí, le Muire na nGael agus ar an mheas atá ag muintir na hÉireann uirthi. Tá píosaí cartlainne le cloisteáil againn, chomh maith le hagallaimh le Bríd Anna Ní Bhaoill, faoi ghnásanna i dTír Conaill, agus le hAedín Ní Thiarnaigh a rinne máistreacht ar Naomh Bríd agus atá ag cur fúithi in Inis Meáin.
Foclóir bainteach le Lá Fhéile Bríde agus le tús an Earraigh ar fhógrán PNG, le aistriúcháin go Béarla; Gaeloideachas.
Clár faoin dán Anois Teacht An Earraigh agus Antaine Ó Raiftearaí, nó Antoine Ó Reachtabhraigh, a chraoladh don chéad uair i 1967 ar RTÉ. Ba Dubhghlas de hÍde a chur an t-ainm Cill Aodáin air ach creidtear gur in ómós dá gceantar dúchais Cill Liadáin a chum an Reachtabhrach an dán álainn seo.
📚 Leabhra:
- Clóca Naomh Bríd le Gabrielle Bean Uí Dhomhnaill agus Éanna Ní Lamhna, leabhar dátheangach le DD.
-
Naomh Bríd Chill Dara le Declan Collinge, leabhar dátheangach.
- Gnás na Féile Bríde le Seán Ó Duinn.
Leabhra Feabhra 📚 Ná dearmad ar an nós leabhar a thabhairt mar bhronntanas ar chéad lá an Earraigh; bíonn lascainí ar fáil i siopaí leabhar.
Naomh agus San
Tá dhá fhocal ar dhuine atá naomhaithe nó aitheanta amhlaidh ag an eaglais, naomh agus san, agus is nós sa teanga naomh a chur ar na cinn atá nasctha linne agus san a chur ar cinn ó thíortha eile. Mar sin is Naomh Bríd ach San Treasa, Naomh Pádraig ach San Proinsias.
Na Míonna – ráithe an Earraigh:
| Gaeilge | foinse | Gàidhlig | foinse |
|
Feabhra; |
Februārius (ón Laidin) |
an Gearran |
gearran = gearrán |
| Márta; Meán an Earraigh |
Mārtius (ón dia Rómhánach Mārs), nó mart (beithíoch mairteola)? | am Màrt | Martius nó mart |
| Aibreán; Mí na gCuach |
Aprīlis (ón Laidin) + braon? | an Giblean | am do phutóga |
Ceithre ráithe na bliana, ceithre thine na bhféilte móra.
Samhain 🔥 Nollaig 🔥 Lá Fhéile Bríde 🔥 Lá Fhéile Vailintín 🔥 Máirt Inide 🔥 Lá Fhéile Pádraig 🔥 Lá Aibreáin 🔥 An Cháisc 🔥 Samhradh na nGael 🔥 Oíche Shin Seáin 🔥 An Fómhar