Fear as an gCaorán Beag ag cur síos ar na cleasanna a d’imríodh daoine ar a chéile ar Lá na nAmadán.📻🔥
Tuairisc.ie ag glacadh múnla dátheangach chuige féin 🤣 scéal Earraigh buíochas le Dia!
Amadán Aibreáin: Na 5 bhob is fearr a d’imir na meáin ar NÓS.ie agus ceann deas scríofa acu féin 🤣
Alt ar na deacrachtaí atá ag Samhailtí Móra Teanga 🤖 leis an nGaeilge.
Cad as a tháinigh Lá na nAmadán, nó Lá an Phleidhce? 📻 An Dr Pádraig Ó Héalaí ar Raidió Na Gaeltachta.
BLOC | Guth an Phobail – Lá na nAmadán 📽️ daoine ag roinnt na scéalta is amadaí fúthu féin.
Laethanta na Riabhóige 📻🔥 Cur síos ar an seanchas a bhaineann leis an 3 lá deiridh de Mhárta agus an chéad 3 lá d’Aibreán.
Amadán Aibreáin 🔥 alt faoi stair an lae leis an Draoi Rua.
Lá na n-Amadán 🔥 béaloideas le Micheál Ó Concheanainn, múinteoir ar an Droim, Condae na Gaillimhe.
Ar Son Na Cúise 🤪 altanna barrúla ar bhréagscéalta… foirfe don seomra ranga le bob a bhualadh ar na daltaí!
Rann:
Lá Na nAmadán
(traidisiúnta)
Sceimhle! Sceimhle!
An chéad lá ‘Gheimhreadh.
Scanradh! Scanradh!
An chéad lá ‘Shamhradh.
Amadán! Amadán!
An chéad lá ‘Aibreán.
Dánta:
| Scéalta Earraigh | An Príomhoide |
|
Ar chuala tú an nuacht? Tá do chailpís ar oscailt An bhfaca tú é? Scéal fada d’obair bhaile Nílim ach leath slí tríd le Tonaí Ó Roduibh |
Ag déanamh scrúdú litrithe, ‘Bíonn litriú an-leadránach, ‘Tógaigí go bog é. ‘Oibríonn sibh i bhfad ródhian, ‘Nílim sásta le bhur múinteoir. ‘Imeoidh mé,’ ar seisean, le Máire Ní Ghallchobhair |
Nathanna cainte agus seanfhocla:
Síle chaoch a dhéanamh de dhuine.
Nach tusa an t-amadán is mó idir aer is uisce.
Ní dóithín réidh duit mise. / Ní inniu ná inné a rugadh mise. / Ní amadán agat mé. / Ní haon leanbh ó aréir (agat) mé.
Ní bhíonn cóisir ar bith gan amadán.
Bain díot an leagan amadáin sin atá ort.
An chóisir i ndiaidh na hóinsí. (leanann daoine amdáin scaití)
An óinseach ag aoir ar an amadán.
Fileann an feall ar an bhfeallaire.
Is éasca an t-amadán is a mhaoin a scaradh óna chéile.
Pós amadán saibhir le bheith i do bhean bhocht bhrónach. / Pós óinseach agus spré, imíonn an spré agus fanann an óinseach.
Leabhar:
Amadán Aibreáin, cuid den sraith ghreannmhar Lúsaí, le Máire Ní Ghallchobhair. An leabhar á léamh ag Donach, mar chuid de Scéalta do pháistí le Glór Na nGael; YouTube. 4-7 mbliana d’aois.
Samhain 🔥 Nollaig 🔥 Lá Fhéile Bríde 🔥 Lá Fhéile Vailintín 🔥 Máirt Inide 🔥 Lá Fhéile Pádraig 🔥 Lá Aibreáin 🔥 An Cháisc 🔥 Samhradh na nGael 🔥 Oíche Shin Seáin 🔥 An Fómhar