Ceiliúradh féile na Samhna, tús an Gheimhridh agus tús na bliana úire in Éirinn, thart ar dheireadh Mhí Dheireadh Fómhair agus tús Mhí Na Samhna. Téann an nós sin siar na mílte bliain agus is príomhfhéile na nGael é le cois Imbolc (Lá Fhéile Bríde), Bealtaine agus Lúnasa. Ba oíche dhraíochtúil í Oíche Shamhna agus síleadh gur briseadh an teorainn idir an saol seo agus an ríocht eile le linn na hoíche seo agus go raibh na mairbh in ann filleadh ar shaol na mbeo arís don oíche seo amháin. (Ealaín, Leabhra agus Foclóir ag bun an leathanaigh)

Seo thíos amhrán beag do leanaí agus iad ag dul ó dhoras go doras ar an oíche;

Oíche Shamhna, Oíche Shamhna;
Bairín breac, bairín breac;
Úlla is cnónna, úlla is cnónna;
Bob nó beart, bob nó beart!

Oíche Shamhna, Oíche Shamhna;
Taibhse bán, taibhse bán;
Damhán alla, damhán alla;
Ar líontán, ar líontán!

Oíche Shamhna, Oíche Shamhna;
Cnámharlaigh, cnámharlaigh;*
Cailleach ghránna, cailleach ghránna;
Chí-hí-hí, Chí-hí-hí!

Oíche Shamhna, Oíche Shamhna;
Bairín breac, bairín breac;
Úlla is cnónna, úlla is cnónna;
Bob nó beart, bob nó beart!

* nó <Puimcíní, puimcíní;>

le Tonaí Ó Roduibh

Oíche Shamhna á chanadh ag Róise Nic Corraidh 📽️🎵 agus ar fáil mar PDF maisithe

Leabhrán Dathúcháin na Samhna nua agus bileoga oibre 🖍️👻✍️ íomhánna le dathú agus gníomhaíochtaí éasca eile

Neacha Scáfara 🖍️🔊 sraith de 23 bileog ar neacha scanrúla ó scéalta na hÉireann… foirfe do Shamhain!

Oíche Shamhna sa Naíonra 🖍️🎃 anois ar fáil mar leagan féinchló (dubh agus bán), bunaithe ar an leabhrán A5 ildaite; leagan clóite le hordú dár mbaill freisin

Cárta don Samhain le dathú 🎃🐈 Samhain scáfar duit!

Bileoga dathúcháin agus bileoga gníomhaíochta 🖍️✏️ le Cúla4

Cártaí imeartha Samhna 👻🎃 le hAlison Ní Mháirtín

Cúig rann faoi Oíche Shamna 📽️ le Gaelbhratach ar YouTube

Púca 📽️🐴 ceacht ar an dán sin le Cúla4 (rang a haon)

Cluichí Oíche Shamhna 📝🎃 dhá chluiche, leathanach dathúcháin agus masc le cló ó Cúla4.

Déan Comhrá – Oíche Shamna 📽️ físeán foclóra ón nGaeltacht 👻🔥🧙🍎🌰🧟

Oíche Shamhna agus an saol eile 📽️📝 físeán ó TG4 agus gníomhaíochtaí scríofa a ghabhann leis.

Oíche Shamhna Fadó 📽️ físeán le Cúla4.

Céilí Samhna ar Árainn 📽️🔥👺 agallamh le Dara Ó Maoilidhia faoi nós na bhréigéide mar chuid den bhfíseán deas seo le Máirtín Jaimsie Ó Flatharta ó 1992.

Tá Herbie ag ceilliúradh Féile Na Samhna 📽️🐲🔥🍎 foghlaim faoi fhéile na Samhna i dteannta Herbie, dragan Mhucrois.

Leabhráin dhathúcháin agus bileoga oibre 🖍️🎨✏️ Amhráin, Rainn agus Dánta d’Oíche Shamhna; pictiúir le dathú in éindí leo.

Leathanaigh dathúcháin agus bileoga oibre 🖍️🎨✏️🧩 le Siopa Údar.

Scéin na Samhna; bileoga spraoi 🖍️🎨 le Tuismitheoirí na Gaeltachta.

Spraoi, Scanradh agus Sceon um Shamhain 📝 eagrán ón sraith Eureka leis an Irish Independent.

Cat Na Caillí 📽️📚😼 leabhar léite ag Órla Ní Fhinneadha.

Oíche Shamhna 📽️📚🍎 scéal faoi leanaí ag cóisir Shamhna léite ag John Farrell.

Iníon Phuimcín 🎃 scéal do leanaí léite ag Ciara Ní Mhurchadh do RTÉ.

Nósanna oíche Shamhna 🔥🍎🌰 alt ar Tuairisc.ie bunaithe ar eolas ón gcartlann.

Piseoga Oíche Shamhna 📽️👻👺 Róise Ní Bhaoill ag labhairt faoi chuid de na pisreoga a bhaineann leis an oíche thaibhsiúil seo; MolScéal.

Oideas d’anraith puimcín 🎃🥣

Conas anraith puimcín a dhéanamh 📽️🎃🥣

Stór Focal d’Oíche Shamhna 🧛👺👻 íomhá sa ngailearaí thíos.

Biongó na Samhna (PDF) 🎲 le Teanga Tí.

Tóraíocht Taisce na Samhna (PDF) 🔍📝🧛 – Is féidir le leanaí dul thart leis an leathanach seo agus tic, nó uimhir, a chur sa mbosca in aice le gach ceann atá siad in ann a fheiceáil tharstu sa mbaile nó ar scoil.

Cluiche na Caillí 🎮 scéal idirghníomach agus cluife le Caitlín Cailleach ar Nuacht Anois.

Sosanna Gluaiseachta d’Oíche Shamhna 🧘 forbartha i gcomhpháirt leis an Ionad Uathachais Choillidh Chanannáin (Ard Mhacha).

Pléantáil d’Aghaidh 📽️ (seinnliosta le Cúla4) banfhlaith 👸, dragan 🐲, panda 🐼, coinín 🐰, maighdean mara 🧜‍♀️, tíogar 🐯, bobaide / fear grinn 🤡, fear beag glas 👽, róbó 🤖, foghlaí mara 🏴‍☠️, cat 😺, féileacán 🦋, blaosc 💀.

Seán Na Gealaí 🎃 a tharraingt 📽️🎨 le Lucy Ní Dhuiginn do Cúla4.

Idir Mise agus Tusa – Oíche Shamhna <Agallamh Beirte> 📽️🎭 le hAntaine Ó Donnaile (ceacht faoi ar Cúla4).

Oíche Shamhna; cailleach amuigh in Ard Mhacha 📽️🎭⭐ scéal / dán (fo-theidil i mBéarla ann faraor).

An raibh a fhios agat… gur in Éirinn a thosaigh féile na Samhna? 📽️🔥 físeán beag faoi stair an fhéile déanta go deas ag Gaelbhratach.

Stair sciobtha an fhéile 📽️🔥 le hEímear as an gcainéal Gaeilge le Eímear.

Bob nó bia agus tarraingt Oíche Shamhna 🔥🍎🌰 ar MeonEile.ie – cur síos ar stair agus nósanna na hoíche le Seán Ó Farraigh.

Oíche Shamhna le Tús Maith 📽️🐴👺👻 Corca Dhuibhne lán de phúcaí agus daoine aite ag siúil timpeall na háite.

Féile na Samhna; an bhunchiall 🔥 eolas faoi stair na féile.

Piseoga Oíche Shamhna 📽️👻👺 an taobh eile, síoga, bréigéide nó feistis, bia curtha amach (Meon Eile).

Oíche Shamhna; Dúntar na Doirse 📻👻🔥 pléitear na nósanna, deasghnátha agus piseoga a bhaineann léi.

Oíche Shamhna: Piseoga, ceol agus taibhsí 📻🔥🎶💀🧚 pléitear stair an fhéile ársa agus gach a bhain le Féile Na Samhna.

Oíche Shamhna i Rinn Ua gCuanach 📻🔥🪙 cuimhneacháin ar airgead a bhailiú ag na doirse agus ar nósanna eile.

Pisreoga an Bháis 📻⚰️🪦 clár cartlainne RnaG faoi phisreoga an bháis i dTír Chonaill.

Scéal faoi Oíche Shamhna 🐴⚰️🪦 scéal beag faoin bPúca bailithe ar an Eachréidh i 1937.

Samhain, an saol eile, agus filleadh na marbh 📻👻 Seachtain, an Indo as Gaeilge – labhraíonn Ciarán Dubar leis an saineolaí béaloidis Aedín Ní Thiarnaigh faoi nósanna na féile.

Oíche Shamhna i mBailiúchán Na Scol 🔥🐴👻120 scéal agus 17 tras-scríbhinn.

Stiallbhratach: Oíche Shamhna 🎉 ón Siopa Gaeilge agus cinn le cat dubh orthu ó Flags Ireland.

Seanfhocail agus nathanna cainte:

Seacht seachtaine ramhra ó Shamhain go Nollaig.

Dá mbeadh soineann go Samhain bheadh breall ar dhuine éigin – breall = pus san abairt seo.

Scéal ó Shamhain go Bealtaine – scéal an-fhada.

Ceithre ráithe na bliana, ceithre thine na bhféilte móra. – Samhain; Imbolc; Bealtine; Lughnasa.

Púca na sméar – millteoir na dtorthaí ag deireadh an Fhómhair agus teachta an Gheimhridh.

An rud a scríobhann an púca, léann sé féin é – Is féidir le daoine rud a chruthaíonn siad a thuiscint.

Bíonn súil le muir ach ní bhíonn súil le huaigh.

Níl luibh ná leigheas in aghaidh an bháis.

Is fearr súil le glas ná súil le huaigh – a bheith faoi ghlas i gcarcair.

Dánta:

Tá rainn agus dánta ar fáil mar PDFanna maisithe ar an suíomh GaeilgeDonNaíonra.ie

Tús

An Oíche Mhór

Tús an Gheimhridh
Tús ár mbliana
Tús lenár spraoi
Oíche Shamhna!

Am do thaibhsí
Am do ghléasadh
Am do leanaí
Oíche Shamhna!

Amuigh ar cuairt
Amuigh ag ithe
Amuigh gan bhuairt
Oíche Shamhna!

Tonaí Ó Roduibh

PDF maisitheÉist

Na geataí ar oscailt
idir thíos agus thuas.
Taibhsí ag eitilt
thall is abhus.

Tine chnámh mhór
Cairde is spraoi
Slán leis an bhFómhar
Tús an Gheimhridh

Cuir ort do bhréigéide
Aghaidh fidil scanrúil
Bailigh do chairde
Oíche mhór na nGael!!!

Tonaí Ó Roduibh

PDF maisitheÉist

Púcaí – conas an ruaig a chur orthu 🐴

Oíche Shamhna; Dán Gutha

Pú! Pú! Pú!
Púcaí!
Púcaí púcaí schmúcaí!
Púcaí schmúcaí
Púcaí schmúcaí
Suas an similéar libh!
SUAS! Sláááán!

Pú! Pú! Pú!
Púcaí!
Púcaí púcaí schmúcaí!
Púcaí schmúcaí
Púcaí schmúcaí
Síos an doirteal libh!
SÍOS! Sláááán!

Pú! Pú! Pú!
Púcaí!
Púcaí púcaí schmúcaí!
Púcaí schmúcaí
Púcaí schmúcaí
Amach an fhuinneog libh!
AMACH! Sláááán!

PDF maisithe

(cuid de)

An Taibhse:

Ar Oíche Shamhna, caithfidh mise braillín
agus feicfidh tú tibhse ag bun do ghairdín.
Beidh scanradh mór ort roimh mo phúicín
agus ceapfaidh tú gur tháinig mé chugat ón gcillín.

Gach duine:

Ar Oíche Shamhna, beidh cóisir is spraoi.
Imreoimid ‘Bob nó Bia’ is go leor cluichí.
Íosfaimid úlla, cnónna agus oráistí,
líreacáin, glóthach agus seacláidí.

le Gabriel Rosenstock (éist leis an dán)
sa leabhar Púcaí Schmúcaí! agus dánta eile, 2023.

le Marie Whelton (éist leis an dán)
sa leabhar Oíche Shamhna; Dán Gutha, 2024.


Leabhra:

📚 Na 10 leabhar ‘scéine’ Gaeilge is fearr d’Oíche Shamhna (tuairisc.ie):


Foclóir na Samhna

(📽️ físeán ar YouTube/Gaeloideachas + naisc go foclóirí)

SamhainOíche ShamhnaMí na Samhna
aghaidh fidil 👹
bréigéide / culaith bhréige
taibhse 👻 ≠ púca 🐴👺
amhailt
cnámharlach (creatlach) 🦴💀
draoi / asarlaí 🧙 ≠ draíodóir 🪄
cailleach / fuachaid 🧙‍♀️ – cailleach na gcearc, cailleach phiseogach, cailleach feasa
olagas ⚗️ – ortha 🗲
nimh ☠️
Bean Sí / Badhbh Chaointe
arracht / anchúinse / alltán 👹
súmaire (vaimpír) 🧛
seargán 🤕
ollphéist 🐉
fiach 🐦‍⬛
ialtóg / sciathán leathair 🦇 ialtóga
damhán alla 🕷️
líontán / nead / líon / snáth (damháin alla) 🕸️
coire (corcán mór le cosa agus drolanna air)
puimcínpuimcíní
Seán na Gealaí 🎃
cnó – cnónna 🌰🌰
cnó Gaelachcnónna Gaelacha
úll – úlla 🍏🍎
piseanna talún 🥜
milseán – milseáin 🍬🍫
bairín breacfáinne 💍, bonn 🪙, cipín 🪵, éadach 🧵 nó piseán/pónaire 🫛 duit?
bob nó bia / bob nó beart / bob nó breab 🎁 – Bhuail siad bob air mar níor thug sé tada dóibh.
tine chnámh 🔥
blaosc 💀 – cnámh 🦴
coinneal – coinnle 🕯️🕯️
cónra ⚰️ – uaighleac uaighe 🪦
fuil – ag cur fola
catamán / éagbhás / smúrthannach 🧟
reilig
Samhain scáfar, scanrúil, scéiniúil.. agus shona daoibh go léir!

Na Míonna – ráithe an Gheimhridh:

Gaeilge foinse Gàidhlig foinse
Mí na Samhna

Samhain – deireadh an tSamhraidh.

an t-Samhain
Samhain
Mí na Nollag Nollaig – nātālīcia (ón Laidin; cóisir lá breithe). an Dùbhlachd An duibhe / dorchadas.
Eanáir
(Mí na bhFaoilleach)
Iānuārius (ón Laidin).
Faol, faolchú. 🐺
am Faoilleach Am na bhfaolta.

Ceithre ráithe na bliana, ceithre thine na bhféilte móra.

🇬🇧 Google Translate


Samhain 🔥 Nollaig 🔥 Lá Fhéile Bríde 🔥 Lá Fhéile Vailintín 🔥 Máirt Inide 🔥 Lá Fhéile Pádraig 🔥 Lá Aibreáin 🔥 An Cháisc 🔥 Samhradh na nGael 🔥 Oíche Shin Seáin 🔥 An Fómhar


 

File Type: jpg
Categories: Ar scoil | Use in school, Bunscoil | Primary, Eolas | Information, Físeán | Video, Gaeilge amháin | Irish only, Iar-bhunscoil | Post-primary, Múinteoir | Teacher, Naíonra | Preschool, Póstaer | Poster, Sa bhaile | Use at home, Sa naíonra | Use in the naíonra, Tuismitheoir | Parent
adhairt Oíche Shamhna ó Dunnes Stores