Seo acmhainní ar líne le cabhrú le naíonraí, scoileanna agus teaghlaigh ag am na Cásca.
Leabhráin dhathúcháin agus bileoga oibre don Cháisc 🖍️🎨 ar fáil ar an suíomh GaeilgeDonNaionra.ie – comhaid fuaime nasctha leo mar thacaíocht do theaghlaigh
Leabhar Dathúcháin na Cásca / Книжка-розмальовка до Великодня 🖍️🎨 le Teanga Tí
Leathanaigh dathúcháin agus bileoga oibre 🖍️🎨✏️🧩 le Siopa Údar
Herbie an Dragún ag Ceiliúradh na Cásca 📽️ Nósanna na Cásca a bhíodh i réim in Éirinn, an bunús a bhí le huibheacha Cásca ina measc
An Cháisc le Bua Na Cainte 1 📽️ daideo agus mamó ar cuairt , agus ag déanamh cártaí don Cháisc
Ag Sabháil Na Cásca 🐰 scéal do leanaí faoi conas a thosaigh Coinín Na Cásca ag eagrú uibheacha dóibh
Uibheacha na Cásca 🥚🎨📽️ Ealaín Na Cásca – maisiúcháin a dhéanamh as blaoscanna
Cluasa Choinín na Cásca 🐰✂️📽️ Ealaín Na Cásca – conas cluasa a dhéanamh mar chineál hata
Ceardaíocht le Pádraig – Sicín Cásca 🎨📽️ cárta don Cháisc le Glór Na nGaeil
Ciseán Cásca 🧺✂️📽️ le Niamh (Satharn Sásta), Cumann na bhFiann
Dréimirí Focla na Cásca ✏️🧩 (crosfhocal dosna hardranganna / iar-bhunscoil)
An Cháisc 🧩 cluife bheag ar fhoclóir na Cásca ar Wordwall.net
Beannachtaí na Cásca as Árainn na Naomh ar Tuairisc.ie
Thraidisiúin na Cásca san Ungáir 🇭🇺 ar Daily News Hungary
Cuir i láthair ✝️ ó Ard-Deoise Átha Cliath ar an gCáisc agus ar ábhair eile do gach rang ó NB go R6
Tá mé ag obair le blianta fada mar ghníomhaire rúnda ag Coinín na Cásca 🐰 alt le Bridget Bhreathnach ar Tuairisc.ie
1916 Seachtar na Cásca 📽️ Pádraig Pearse, Éamonn Ceannt, Seán Mac Diarmada, Tomás Mac Donagh, Joseph Plunkett, James Connolly, Tom Clarke
Comóradh 100 bliain ar Éirí Amach na Cásca le Meon Eile
Saor-raidió Chonamara- Seachtain na Cásca 1970 📰 alt le Donncha Ó hÉallaithe don Irish Times
Dánta:
An Samhradh ar an mBealach |
Bláthanna Beaga |
|
Léimeann na huain le háthas Léimeann an lao le hocras Léimeann an t-éan ar a nead le Tonaí Ó Roduibh |
Bláthanna beaga bána, |
Urnaithe / Paidreacha:
Ar Theacht na Cásca
Ar theacht na Cásca go raibh grásta Dé agat.
Ar theacht na Cásca go raibh grádh gach éinne agat.
Ar theacht na Cásca go raibh bárr an t-séin agat.
Is a chara mo chléibh sin duit mo ghuidhe.
Athas na Cásca go raibh agat coidhche
Solus na Cásca go raibh ar do shlighe.
Is a Chara mo cléibhe sin duit mo ghuidhe.
(bailithe i gCill Éinne, Árainn, do Bhailiúchán na Scol)
Seanfhocla:
Chomh dearfa agus atá an Cháisc ar an Domhnach.
Domhnach an Iúir is Satharn na Cásca,
Bíonn an ghrian ag rince le háthas.
Nollaig in aghaidh na míosa,
Cáisc in aghaidh na seachtaine,
Lá saoire gach re lá.
Oíche Inide gan feoil,
Lá Nollag Mór gan im,
Domhnach Cásca gan arán,
Sin é an bothán lom.
Is fearr greim de choinín ná dhá ghreim de chat.
Leabhra:
- Coinín Cásca le Seónaidh Ní Shíomóin (ón sraith Ár Scéalta); aois 2-6.
- Bran agus an Cháisc – léite i bhfíseán ag múinteoir ó Scoil Aonghusa; aois 2-4.
- Cá bhfuil Conall Coinín? – leabhar nocht an freagra; aois 2-4.
- Grian na Cásca le Treasa Ní Ailpín; dánta don aois 0-5.
- Sonas na Cásca (ón sraith Scéalta ón mBíobla); aois 4-10.
- An Cháisc de réir Mhuire (ón sraith Scéalta ón mBíobla); aois 4-10.
- An tSeachtain Bheannaithe (ón sraith Scéalta ón mBíobla); aois 4-10.
- Aoine an Chéasta (ón sraith Scéalta ón mBíobla); aois 4-10.
- Gleo Glómhar na Cásca (gearrscéal) le Seán Ua Cearnaigh.
- Uibheacha Cásca (gearrscéal) le Séamas Mac Annaidh á léamh ag Brian Danny Minnie; ón leabhar Bláth na dTulach; Díolaim Ultach.
- Seacht mBua an Éirí Amach le Pádraic Ó Conaire.
- Dé Luain le Eoghan Ó Tuirisc.
- Macallaí na Cásca 16: An tÉirí Amach Sa Domhan Thoir – Mar a chonaic an tSeapáin, an tSín agus an Chóiré Éirí amach na Cásca is a thionchar.
Samhain 🔥 Nollaig 🔥 Lá Fhéile Bríde 🔥 Lá Fhéile Vailintín 🔥 Máirt Inide 🔥 Lá Fhéile Pádraig 🔥 Lá Aibreáin 🔥 An Cháisc 🔥 Samhradh na nGael 🔥 Oíche Shin Seáin 🔥 An Fómhar