Seastáin ag Tionól Forbartha 2024
Seo thíos na heagraíochtaí agus comhlachtaí a mbeidh linn ag an Tionól Forbartha in Óstán Slieve Russell, Co. an Chabháin ar an 22 Samhain.
Cuirfear tuilleadh eolais leis an leathach seo de réir a chéile maidir leis na seirbhísí agus táirgí a chuireann siad ar fáil do na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.
Bí cinnte an deis a thapú cuairt a thabhairt orthu i rith an lae. Beidh siad ann céad rud ar maidin agus le linn am sosa agus am lóin. Cliceáil anseo le breathnú ar an gclár.

An Foras Pátrúnachta
Pátrún scoile
Is é an Foras Pátrúnachta an pátrún is mó in Éirinn ar scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbun- agus ag an iar-bhunleibhéal. Tá 80 scoil faoina bpátrúnacht. Tá an Foras Pátrúnachta ina phátrún ar scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil éiteas Caitliceach, Ilchreidmheach, Ionchreidmheach agus Idirchreidmheach (Caitliceach/Protastúnach) acu.

An Gúm
Foilseacháin agus áiseanna
Cuireann an Gúm foilseacháin agus áiseanna ar fáil a thacaíonn leis an oideachas trí mheán na Gaeilge agus le húsáid na Gaeilge i gcoitinne. Ar an gcaoi seo, tacaíonn An Gúm le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus le múineadh na Gaeilge.

An tÁisaonad
Áiseanna
Cruthaíonn An tÁisaonad áiseanna foghlama agus teagaisc ardchaighdeáin atá saindírithe ar riachtanais daltaí Gaelscoile. Cuireann na háiseanna nuálacha le heispéireas foghlama an dalta, le teagasc éifeachtach an mhúinteora agus le forbairt earnáil na Gaelscolaíochta trí chéile, thuaidh agus theas. Tá an tÁisaonad lonnaithe i gColáiste Ollscoile Naomh Muire i mBéal Feirste.

Branar
Téatar do Pháistí
Tá Branar Téatar do Pháistí ar cheann de phríomhchompántais amharclannaíochta na hÉireann a chruthaíonn saothar ealaíne do pháistí. Bunaíodh Branar in 2001 agus tá os cionn 20 seo cruthaithe acu sa tréimhse sin. Oibríonn siad go dlúth le foireann iontach ealaíontóirí agus le comhpháirtithe cruthaitheacha éagsúla ar nós The Ark, Babóro, NIE (Sasana), Starcatchers (Albain), Teatre Reflekion (An Danmhairg) agus le príomhionaid agus féilte ealaíne na hÉireann. Téann an compántas ar camchuairteanna náisiúnta agus idirnáisiúnta lená gcuid oibre a chur ar stáitse in ionaid ealáine éagsúla ó Londain go scoileanna áitiúla na Gaillimhe.

Cló Iar-Chonnacht
Foilsitheoir leabhair
Foilsíonn CIC, atá lonnaithe i gConamara, réimse an-leathan litríochta: cnuasachtaí filíochta, gearrscéalta agus amhrán, úrscéalta, leabhair do dhéagóirí, leabhair do pháistí, tráchtais taighde agus leabhair staire. Foilsíonn siad táirgí ceoil freisin: taifeadtaí sean-nóis, ceoltóirí aonair, grúpaí traidisiúnta, srl.

COGG
Acmhainní, tacaíocht, taighde
Déanann an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta freastal ar riachtanais oideachais na scoileanna Gaeltachta agus na scoileanna lán-Ghaeilge. Tá feidhmeanna maidir le múineadh na Gaeilge i scoileanna eile na tíre ag an gComhairle chomh maith. Tá trí mhór-réimse oibre ag an gComhairle: soláthar acmhainní teagaisc, seirbhísí taca agus taighde.

Cumann na bhFiann
Ógeagras
Trí chúrsaí, clubanna óige, imeachtaí agus gníomhaíochtaí a reáchtáil díríonn Cumann na bhFiann ar chúnamh a thabhairt do dhaoine óga a líofacht agus a muinín i labhairt na Gaeilge a fhorbairt agus grá agus meas ar ár dteanga dhúchais a chothú iontu freisin. Eagraíonn Chumann na bhFiann sraith turais scoile, ‘Carnabhal na nGaelscoileanna’, do pháistí Gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta. Tá rogha sé ionad éagsúil, ina mbeidh Carnabhal na nGaelscoileanna ar siúl i 2024. Tugann Carnabhal na nGaelscoileanna deis do dhaltaí scoile, bualadh le daltaí ó Ghaelscoileanna eile ar thuras a eagraítear go hiomlán tré mhéan na Gaeilge. Is deis iontach í seo, labhairt na Gaeilge a normalú do bhur ndaltaí, lasmuigh den seomra ranga/geataí na scoile agus cur leis an dea-obair atá ar siúl agaibh cheana féin sa scoil.

Conradh na Gaeilge
Eagraíocht pobail
Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Tá idir ranganna Gaeilge, abhcóideacht ar son chearta teanga, Seachtain na Gaeilge, PEIG.ie, An Siopa Leabhar, thacaíocht do Raidió Rí-Rá agus eile ar bun ag an eagraíocht.

Dalen Éireann
Foilsitheoir leabhair
Foilsíonn Dalen Éireann úrscéalta grafacha agus stiallghreannáin i nGaeilge. Foilsíonn Dalen Cyf úrscéalta agus stiallghreannáin i mBreatnais, i gCoirnis, in Albainis agus i mBéarla freisin.

DBG Mata
Áiseanna
Cuireann dbgmata.ie áiseanna ar fáil idir théacsleabhair cruaidh agus áiseanna digiteacha. 'Siad an dá phríomh luach lená n-ofráil ná: 1) Feabhsaímid torthaí scoláirí Mata & Eolaíochta trí ardán d’áiseanna, de ghníomhaíochtaí agus d’ábhar foghlama a thacaíonn le agus a thógann ar obair an tseomra ranga 2) Cuirimid lárionad ar fáil do mhúinteoirí a thacaíonn le barr feabhais a bhaint amach san earnáil lán-Ghaeilge trí bhunachar áiseanna, pobal cleachtais agus ardán meantóireacha agus forbartha gairmiúil.
Fóram Feasa
Pobail cleachtais
Is tionscnamh ceannródaíoch líonraithe agus pobail cleachtais é Fóram Feasa do mhúinteoirí agus ceannairí scoile in iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge. Tá an tionscnamh seo á chur ar fáil go bródúil ag Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann i gcomhar leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.
Cuirtear fáilte mhór roimh oideachasóirí ó scoileanna Gaeltachta, Gaelcholáistí agus Aonaid lán-Ghaeilge a bheith mar bhall de phobal a labhraíonn an Ghaeilge, a roinneann paisean don teagasc agus don fhoghlaim agus atá tiomanta do na dúshláin a shárú agus tacú lena chéile.

Futa Fata
Foilsitheoir Leabhar
Féachann Futa Fata leis an gcaighdeán is airde a bhaint amach le gach leabhar a thagann uathu, bíodh sé sin ina leabhairín cairtchláir don pháiste óg nó ina shaothar neamhfhicsin don duine fásta. Tá leabhair do gach aoisghrúpa foilsithe acu, ach cuirtear béim ar leith ar ábhar spreagúil a chur ar fáil do léitheoirí óga. Tá suim ar leith acu sa cheol agus sna hamhráin agus tá mór-éileamh ar na dlúthdhioscaí atá acu.

Gaelchultúr
Cúrsaí agus acmhainní Gaeilge
Is é Coláiste na hÉireann/Gaelchultúr, a bunaíodh in 2004, an soláthraí is mó cúrsaí Gaeilge ar domhan agus an chéad institiúid tríú leibhéal lán-Ghaeilge.

Gael-Linn
Fondúireacht
An phríomhaidhm atá ag Gael Linn ná an Ghaeilge agus a hoidhreacht a chothú agus a chur cinn ar fud Éireann uile mar theanga bheo agus mar spreagadh féiniúlachta. Eagraíonn siad imeachtaí do bhunscoileanna & d’iar-bhunscoileanna – Coirm, Féilte Peile, Gaelbhratach, Díospóireachtaí, Scléip, Siansa, Abair, Tráth na gCeist.

Giglets
Áiseanna
Cuireann Giglets réimse leathan de théacsanna agus d'áiseanna Gaeilge ar fáil don seomra ranga.
Giglets is an online multilingual literacy and language resource, developed in partnership with schools to support Superhero Teachers deliver an engaging and differentiated learning experience for all pupils. The rich, rigorous and relevant range of texts encourages a love of reading, and challenges pupils to improve comprehension and language acquisition through a range of HOTS questions and literacy rich tasks.

Glanmore Foods
Comhlacht Bia
Déanann agus soláthraíonn Glanmore Foods bia atá sláintiúil, beathúil agus blasta (sneaiceanna, lóin, clubanna bricfeasta agus clubanna obair bhaile) do bhunscoileanna agus d’iarbhunscoileanna. Déanann siad freastal, faoi láthair, ar bhreis agus 300 scoil gach lá, ag freastal ar riachtanais 38,000+ daoine óga.

Global Village
Global Village is a Global Citizenship Education (GCE) programme for primary schools in Ireland. It aims to support primary school pupils to become active global citizens committed to building a fairer and more sustainable world. Engaging with teachers and school communities, Global Village is working to increase the reach, quality, accessibility, and effectiveness of GCE in primary schools. Global Village aims to do so through research, learning and establishing connections with key stakeholders in the GCE and Primary Education sectors. Global Village is the strategic partnership for Global Citizenship Education in Primary Schools between Irish Aid at the Department of Foreign Affairs, and a consortium of four partners: Dublin City University (DCU), the Irish National Teachers’ Organisation (INTO), the Irish Primary Principals’ Network (IPPN) and Trócaire.

Gréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí
Imeachtaí
Is é Gréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí an gréasán nua a bunaíodh chun daoine atá ag obair san earnáil phoiblí a thabhairt le chéile agus a bhfuil suim acu a gcuid Gaeilge a úsáid, a chleachtadh nó a fhorbairt ag ócáidí rialta. Tá sé beartaithe 4 mhór-imeacht ar an meán a reáchtáil in aghaidh na bliana, mar aon le himeachtaí réigiúnacha, sainspéise agus imeachtaí éagsúla inniúlachta.

High Rock Productions
Seónna agus ceardlanna oideachasúla
Bunaíodh High Rock Productions in 2011 chun seónna agus ceardlanna oideachasúla a chur ar fáil do dhaltaí scoile ar bhealach taitneamhach, nádúrtha agus spraíúil. Tugann siad cuairteanna ar scoileanna agus ar amharclanna fud fad na tíre agus bíonn na seónna agus na ceardlanna seo bríomhar agus idirghníomhach.

Institiúid Oideachais Marino
Pobal teagaisc, foghlama agus taighde is ea Institiúid Oideachais Marino atá tiomanta d’ionchuimsiú agus do bharr feabhais san oideachas a chur chun cinn. Is coláiste comhlachaithe de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Ollscoil Bhaile Átha Cliath é IOM, agus cuireann sé cláir fochéime agus iarchéime san oideachas ar fáil, lena n-áirítear cláir oideachais tosaigh múinteoirí. Is céim ar leith é an Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht), atá ar cheann de na cláir sin, a oireann go speisialta do mhic léinn a dteastaíonn uathu múineadh san earnáil oideachais Lán-Ghaeilge i.e. i scoileanna Gaeltachta nó i scoileanna Lán-Ghaeilge. Tá géarghá le múinteoirí do scoileanna Gaeltachta agus do scoileanna Lán-Ghaeilge agus tá cáilíocht mhúinteoireachta trí mheán na Gaeilge ag teastáil ó mhic léinn atá ag iarraidh múineadh sna scoileanna sin. Sa chéim cheithre bliana seo déantar staidéar ar an tumoideachas, ar na bealaí ina bhfoghlaimíonn páistí teanga, ar na bealaí ina bhfoghlaimíonn siad conas léamh, scríobh, comhaireamh agus áireamh. Foghlaimítear conas na healaíona a chur ar shúile na bpáistí, faoin tábhacht a bhaineann leis an gcultúr Gaelach mar aon leis an draíocht agus na mistéir mórthimpeall orthu, agus na bealaí chun fás agus forbairt ar bhealach sláintiúil. Is féidir teacht ar thuilleadh eolais faoin gcéime ag suíomh na hInstitiúide ag www.mie.ie/oid

JD Resources
Comhlacht Oideachais
Tá JD Resources ag freastal ar riachtanais bhunscoileanna na tíre le breis agus fiche bliain anuas. Soláthraíonn siad réimse leathan agus éagsúil léarscáileanna, taispeántais lasmuigh, acmhainní bithéagsúlachta, folláine, cairteacha airde agus go leor eile nach iad.

Lámh Chúnta
Acmhainní don seomra ranga
Cuireann Lámh Chúnta réimse acmhainní ar fáil chun múineadh agus foghlaim na Gaeilge a dhéanamh níos tarraingtí don fhoghlaimeoir agus don mhúinteoir: leabhair, leabhair saothair, cluichí teanga agus cumarsáide, Fónaic agus Rann, srl.

Óga Yoga
Cúrsaí yoga agus aireachais
Freastalaíonn Óga Yoga ar dhaoine ar gach aois grúpa ar mhaith leo tabhairt faoin yoga agus faoin aireachas as Gaeilge. Cuireann siad cúrsaí yoga agus aireachais ar fáil ar scoil agus ar líne do scoileanna timpeall na tíre: ceardlanna lae, gearrchúrsaí a mhaireann téarma agus cláir a ritheann ar feadh na scoilbhliana ar fáil. Is féidir le scoileanna leas a bhaint as cuairteanna scoile, seisiúin idirghníomhacha bheo ar Zoom agus ranganna réamhthaifeadta fiú.

Oide
Seirbhís Tacaíochta do Mhúinteoirí agus do Cheannairí Scoile
Seirbhís tacaíochta nua de chuid na Roinne Oideachais do scoileanna, a bunaíodh ó chomhtháthú ceithre sheirbhís tacaíochta a bhí ann cheana féin: an Lárionad um Cheannaireacht Scoile, an tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí, an Clár Náisiúnta Ionduchtaithe do Mhúinteoirí agus an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí. Is í an aidhm atá ag Oide ná cabhrú le foghlaim ghairmiúil ceannairí scoile agus múinteoirí agus é sin a dhéanamh ar bhealaí ceannródaíocha, nuálacha a chinntíonn go mbíonn na heispéiris foghlama is fearr ag foghlaimeoirí óga.

Oifig an Choimisinéara Teanga
Seirbhís Ombudsman
Bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 le monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha an Achta ag comhlachtaí poiblí. Is é bunchuspóir an Achta go mbeadh breis seirbhísí ar ardchaighdeán ar fáil trí Ghaeilge ón tseirbhís phoiblí. Fiosraíonn an Oifig gearáin ón bpobal i gcásanna ina gcreidtear go bhfuil teipthe ar chomhlachtaí poiblí a ndualgais a chomhlíonadh faoin Acht. Cuireann an Oifig comhairle ar fáil don phobal maidir lena gcearta teanga agus do chomhlachtaí poiblí maidir lena ndualgais teanga faoin Acht.

Outside the Box Learning Resources
Set up in 2004, Outside the Box Learning Resources is Ireland’s leading provider of:
- Online Training Courses
- Professional Development Resources
- Psychometric Assessments
- Self-Assessments.
Our clients include:
- Teachers
- Speech & Language Therapists
- Occupational Therapists
- Psychologists
- Government Bodies
The company provides resources to help and assist children, their parents and teachers. The company has a dedicated section on their website with resources in Irish. (www.otb.ie/gaeilge/). Fí na Folláine is our Well-Being Programme for 2nd to 6th Class by Fiona Forman. Outside The Box is a passionately run company that has built up an impeccable reputation for delivering excellent products and customer service and after-sales support.

Rockfield Educational Resources
Comhlacht Acmhainní Oideachasúla
Déanann Rockfield Educational Resources póstaeir PVC ar ghramadach na Gaeilge, an Stair, an Tír Eolaíocht, an Mhatamaitic agus an Fholláine. Déantar na póstaeir seo ar ard-chaighdeán agus tá siad so-léite ó áit ar bith sa seomra ranga.

Safefood
Comhairle agus acmhainní
Safefood was established in December 1999 as the Food Safety Promotion Board. It is one of 6 North/South Implementation Bodies established under the Belfast (Good Friday) Agreement.
Safefood’s role is to promote food safety and provide nutritional advice on the island of Ireland in accordance with its legislative remit. We achieve this by building an evidence base of sound and authoritative science which we use to influence policy and to promote behaviour change in the overall interests of improved public health.

Solas Relaxation
Aireachas
Is comhlacht aireachais agus suimhnis é Solas Relaxation. Cuireann muid ranganna agus ceardlanna ar siúl do scoileanna; múinteoirí agus daltaí le go mbeidh scileanna acu le buaireamh agus imní a laghdú. Tá dialann aireachais do pháistí bunscoile ar fáil ag Solas Relaxation i nGaeilge agus i mBéarla.

Steamkits
Áiseanna
Seolta i Mí na Samhna 2024, is clár ETIME é STEAMKITS.IE atá deartha ag múinteoirí bunscoile ó Chill Chainnigh. Is í an aidhm atá ag STEAMKITS.IE ná oideachas ETIME a chur chun cinn sa seomra ranga i slí taitneamhach, praiticiúil a shábhálann am ar mhúinteoirí trí bhoscaí ETIME réamhdhéanta a chur ar fáil.

Studyclix Schools
Ardán foghlama
Is ardán foghlama é Studyclix a dhéanann scrúduithe níos éasca. Tá acmhainní ar fáil acu do mhúinteoirí agus do dhaltaí meánscoile. Tá acmhainní (nótaí, luascártaí, físeáin, srl.) ar fáil i réimse leathan ábhar trí mheán na Gaeilge. Tá lascainní ar fáil do Ghaelscoileanna a cheannaíonn ceadúnas scoile agus cuirtear seisiún traenála do mhúinteoirí ar fáil le gach ceadúnas scoile freisin.

TG4 Foghlaim
Comhthionscnamh Oideachais
Is comhthionscnamh de chuid TG4 agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é TG4 Foghlaim. Cuireann TG4 Foghlaim acmhainní ar fáil ar líne do bhunscoileanna, don tSraith Shóisearach agus don tSraith Shinsearach.

The Weatherbies Ltd.
Leabhair, físeáin, amhráin agus acmhainní
Soláthraíonn The Weatherbies seirbhís idirghníomhach, oideachasúil do scoileanna trí leabhair, físeáin, amhráin agus acmhainní eile a chur ar fáil. Tá sé mar sprioc ag an tseirbhís acmhainní tarraingteacha, idirghníomhacha a chur ar fáil a chabhróidh le páistí óga foghlaim faoin timpeallacht agus cur lena gcuid scileanna teanga sa Ghaeilge.

Toomey Audio Visual
Comhlacht Oideachais
Tá Toomey Audio Visual ag freastal ar scoileanna na tíre le 55 bliain anuas maidir le riachtanais closamharc. I rith na tréimhse sin, thuill Toomey Audio Visual cáil dóibh féin maidir le caighdeán an trealaimh, na seirbhíse agus na tacaíochta a chuireann siad ar fáil. Soláthraíonn siad trealamh idirghníomhach Clevertouch agus Iiyama, teilgeoirí Epson agus Vivitek chomh maith le réimse trealaimh fuaime agus córais chomharthaíochta digiteacha.

Tuismitheoirí na Gaeltachta
Seirbhísí agus imeachtaí
Eagraíocht náisiúnta Gaeltachta í Tuismitheoirí na Gaeltachta a chuireann cúnamh, seirbhísí, imeachtaí, deiseanna teagmhála agus comhairle ar fáil do thuismitheoirí atá ag tógaint a gcuid leanaí le Gaelainn sa Ghaeltacht, nó gur mhaith leo sin a dhéanamh.

Uisce
Is ionad eachtraíochta Gaeilge é Coláiste UISCE atá lonnaithe i gcroílár Ghaeltacht Mhaigh Eo, áit a múintear an Ghaeilge fite fuaite le spóirt uisce agus gníomhaíochtaí eachtraíochta atá spleodrach agus taitneamhach. ‘Gaeilge bheo bhríomhar múinte go hanamúil, go proifisiúnta agus go sábháilte, trí eachtraí ar muir is ar tír.’ an mana atá againn ag Coláiste UISCE. Bogann muid an Ghaeilge ón seomra ranga agus cuirimid an fhoghlaim ar siúl trí na gníomhaíochtaí eachtraíochta amhail; seoltóireacht, clársheoltóireacht, tonnmharcaíocht etc. Eagraíonn muid:
- Cúrsaí ceannaireachta trí mheán na Gaeilge
- Cúrsaí ceannaireachta lánGhaeilge do chinnirí óga agus do dhéagóirí na Gaeltachta
- Cúrsaí nua san fholláine lánGhaeilge don aos óg
- Cúrsaí oiliúna do theagascóirí sna spóirt uisce
- Cúrsaí Samhraidh
- Turais scoile
- An Tréimhse Foghlama sa Ghaeltacht (d’Ábhar Oidí)

WorldWise Global Schools
Clár náisiúnta na hÉireann um Oideachas Saoránachta Domhanda (OSD) i suíomhanna iar-bhunscoile, maoinithe ag Irish Aid. Foghlaim agus gníomhaíocht OSD ar ardchaighdeán a thógáil trí thacaíocht aonair agus scoile, comhdhálacha, maoiniú agus oiliúint. An sprioc atá againn ná pobal cleachtais OSD a chothú i measc oideachasóirí.

Wriggle Learning
Wriggle is the largest provider of managed rugged laptops and tablets to schools all over Ireland. Our team of educational technology experts set up each device to school specifications so that the device is safe for educational use only with school and ebook apps installed and ready to use. Wriggle’s on-staff teachers provide guidance and training to schools to ensure teachers, parents and students are confident and competent at using technology to enhance learning.
Wriggle is the only solely education focused technology company that is a certified Apple, Microsoft and Google educational technology partner. With over 10 years experience, we’d be happy to assist your school with their technology needs.