Sa cheardlann seo, díreofar ar straitéisí praiticiúla chun teangacha breise a mhúineadh do scoláirí bunscoile. Pléifear na réimsí seo lena linn:
- Sampla de ghníomhaíochtaí oiriúnacha chun teangacha breise a mhúineadh
- Acmhainní teagaisc atá ar fáil saor in aisce
- Conas cur isteach ar an scéim “Cuir Fáilte roimh Theangacha”
- Beidh an cheardlann seo feiliúnach do gach uile mhúinteoir bunscoile agus beidh fáilte roimh gach múinteoir ábhair.
Is as Co. na Mí ó dhúchas do Therese Eagers. Is múinteoir Seapáinise agus Gaeilge í atá anois mar chomhordaitheoir na foirne nuatheangacha iasachta i Meánscoil Naomh Raphaela, Stigh Lorgain, Baile Átha Cliath. D’oibrigh sí mar chomhlach le Teangacha Iar-bhunscoile Éireann (PPLI) ar feadh cúig bliana. Tá Therese ag obair mar chuid den fhoireann ar an MGO i gColáiste na hOllscoile Baile Átha Cliath. Is éascaitheoir í leis an gComhairle Múinteóireachta don chreat Cosán. Thosaigh sí ag múineadh sa bhunscoil anuraidh ar an gclár “Cuir Fáilte roimh Theangacha”. Tá máistreacht san oideachas bainte amach aici i gColáiste na hOllscoile, Má Nuad.