Sa cheardlann seo, léireofar na féidearthachtaí atá ar fáil leis an áis úrnua dhigiteach seo chun tacú le gnéithe éagsúla den churaclam. Míneofar dóigheanna praiticiúla chun úsáid mhaith a bhaint as “Nuacht Anois” sa seomra ranga leis an Ghaeilge labhartha, léite agus scríofa a chur chun cinn i measc na ndaltaí trí réimse d’ábhair churaclaim.
Is seirbhís saor in aisce atá i gceist le Nuacht Anois. Eisítear alt nuachta ar líne gach lá le linn na scoilbhliana, ag déanamh tagairt do scéalta reatha sa nuacht, nó do thopaicí atá ábhartha don churaclam, go háirithe ag leibhéal na Bunscoile.
Is í Aingeal Nic an tSábhaisigh an Comhairleoir Oideachais san Áisaonad atá suite i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste. Tá an tÁisaonad ag dearadh agus ag foilsiú acmhainní oideachasúla do Ghaelscoileanna le 25 bliain anuas, idir leabhair mhóra, leabhair léitheoireachta, téacsleabhair, cluichí agus acmhainní digiteacha ar an iliomad ábhar curaclaim. Ba mhúinteoir bunscoile í Aingeal ar feadh 20 bliain, agus iar-phríomhoide ar Bhunscoil Bheanna Boirche, Caisleán Uidhilín. Tá sí ag plé le cur chun cinn na foghlama trí theicneolaíocht an oideachais a úsáid i gcomhthéacs Gaelscoile le roinnt mhaith blianta anuas, agus tá aitheantas agus duaiseanna bainte ag a hiar-scoil dá bharr sin. Mar Chomhairleoir Oideachais, cuidíonn sí le háiseanna úra an Áisaonaid a chruthú agus le monatóireacht a dhéanamh orthu chun bheith cinnte de go bhfreagraíonn siad do riachtanais na scoileanna. Cuireann sí ceardlanna oiliúna ar fáil, chomh maith, ar dhea-úsáid acmhainní an Áisaonaid sa seomra ranga.
Breis eolais: https://leighanois.com/nuacht