Roinnfidh Áine Ní Thuathail agus Laura Nic Grianna straitéisí uathúla atá i bhfeidhm ina gcuid scoileanna maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn, a láidriú agus a shaibhriú mar theanga an tsóisialaithe agus na cumarsáide ar bhonn uile scoile. Pléifear an ceangal idir an scoil agus an naíonra áitiúil, conas a spreagtar na páistí i ranganna éagsúla, gníomhaíochtaí atá ar bun agus céard a oibríonn dóibh.

Déanfar tagairt do Bheatha Teanga de chuid Gaeloideachas agus conas a bhaintear leas as an acmhainn seo go praiticiúil. Anuas air sin, pléifear ról phobal uile na scoile agus conas úinéireacht a thabhairt do na páirtithe éagsúla.

Beidh an cheardlann seo ábhartha do scoil ar bith atá ag iarraidh Polasaí Labhartha na Gaeilge a threisiú nó éinne atá ag smaoineamh ar Beatha Teanga a chur i bhfeidhm den chéad uair.

Breis eolais: www.beathateanga.ie

Is múinteoir bunscoile í Áine Ní Thuathail i Scoil Náisiúnta na bhForbacha, Co. na Gaillimhe. Tá an-taithí aici as a bheith ag múineadh san earnáil lán-Ghaeilge agus Ghaeltachta. Tá sí tar éis máistreacht a dhéanamh i gColáiste Mhuire gan Smál ar an oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta agus tá sí ag tabhairt faoi dhioplóma iarchéime sa cheannaireacht scoile in Ollscoil Luimnigh i láthair na huaire. Ina theannta sin tá sí ag feidhmiú mar theagascóir páirtaimseartha le hOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Is í Áine an t-ionadaí bunscoile d’Éirinn sa Chúinne Foghlama mar chuid d’obair an Choimisiúin Eorpaigh.

Is as Rann na Feirste, Tír Chonaill, ó dhúchas de Laura Nic Grianna. Tá sí ag obair mar phríomhoide teagaisc i nGaelscoil Eois, Cluain Eois, ó 2010. Tá sí ag múineadh na Naíonán le 8 mbliana anuas. Tá obair thógála ar siúl faoi láthair agus tá sí ag súil go mbeidh siad ag bogadh isteach i scoil úr nua i mí Lúnasa 2024.

File Type: pptx
Categories: Ar scoil | Use in school, Bunscoil | Primary, Físeán | Video, Gaeilge amháin | Irish only, Múinteoir | Teacher, Naíonra | Preschool, Sa naíonra | Use in the naíonra, Sleamhnáin | Slides
Tags: Beatha Teanga, FGL | CPD, Gaeltacht, TF2023, Tumoideachas | Immersion