Úsáideann insintí sóisialta téacs agus íomhánna chun sainmhíniú a thabhairt ar a mbítear ag súil leis i gcás ar leith. D’fhéadfadh insint shóisialta a bheith cabhrach do pháiste nó duine óg agus ag iarraidh scil nua a fhoghlaim, nó máistreacht a fháil ar chás a bhíonn dúshlánach dóibh. Bíonn rath níos mó ar insintí sóisialta agus iad sainoiriúnaithe do scil, do chás agus/nó do dhuine ar leith.
Chun tacú leis na treoirlínte seo um insint shóisialta, tá breis eolais ag Ionad Uathachais Middletown anseo chuig treoracha maidir le scéalta sóisialta a scríobh. Tá nasc chuig insintí sóisialta samplacha eile i Leabharlann Gaeloideachas chomh maith ach cuardach a dhéanamh ar na focail “insint shóisialta”
Tá súil againn go gcabhróidh na hacmhainní seo leat chun insintí sóisialta a scríobh don pháiste nó duine óg ar a bhfuil aithne agat.