Bíonn gá le tuiscint shóisialta ar ghnáthrialacha agus nósmhaireachtaí i gcás cuid mhaith gníomhaíochtaí súgartha faoin aer.
Is scileanna iad sealanna a ghlacadh ar threalamh súgartha agus bréagáin a roinnt, scileanna ar féidir tacú leo trí roinnt deiseanna súgartha. Déanann an insint shóisialta seo ó Ionad Uathachais Middletown soiléiriú físiúil ar rialacha agus an méid a mbítear ag súil leis.
Tabhair faoi deara gur sampla d’insint shóisialta atá anseo, ach go mbeidh sí níos éifeachtaí agus í sainoiriúnaithe do shainriachtanais an pháiste nó an duine óig. Tá breis eolais ag Ionad Uathachais Middletown anseo chuig treoracha maidir le scéalta sóisialta a scríobh. Tá nasc chuig insintí sóisialta samplacha eile i Leabharlann Gaeloideachas chomh maith ach cuardach a dhéanamh ar na focail “insint shóisialta”