Bíonn sceidil amhairc tairbheach do neart páistí agus daoine óga uathacha mar go dtugann siad soiléireacht agus intuarthacht, rudaí a mhaolaíonn imní. Is minic a ghlactar leis go mbíonn siombailí/línte i gceist leis na sceidil ach i ndáiríre, tagann siad i bhformáidí éagsúla. Ba chóir iad a shaincheapadh do stíleanna cumarsáide éagsúla le cinntiú gur féidir leis an duine óg nó an páiste iad a thuiscint. Is féidir leas a bhaint as sceideal chun:
- páiste nó duine óg a ullmhú d’athrú atá ag teacht
- imní a laghdú
- a thaispeáint céard atá ag tarlú agus cathain
- cinnteacht a chur ar fáil
- neamhspleáchas a chothú
Tá acmhainn dea-chleachtais maidir le húsáid sceideal ag Middletown ag an nasc seo atá lán le heolas cabhrach. Tá acmhainn eile ag an Ionad anseo le físeán míníthe, samplaí agus feasachán taighde.
Tá roinnt sceideal eile forbartha ag Gaeloideachas le Middletown agus is féidir teacht orthu sin tríd an bhfocal “sceideal” a chuardach sa Leabharlann. Ina measc:
- Sceideal chun cabhrú le mála scoile a phacáil 1
- Sceideal chun cabhrú le mála scoile a phacáil 2
- Sceideal obair bhaile