Is Máirt Na hInide, nó Máirt Inide, an Mháirt roimh an gcéad lá den Charghas agus mar sin tá nósanna nasctha leis an bhféile sin mar dheis dheireanach uibheacha a ithe sula dtosaíonn an Carghas an lá dar gciionn ar Chéadaoin An Luaithrigh. Tugtar Mardi Gras, a thagann ón bhFraincis, nó Máirt Ramhar uirthi i dtíortha éagsúla. Bíonn sé lá de Karneval i Köln roimh Charghas agus bíonn féilte mar sin ina lán cathracha in iarthar na Gearmáine. Ón Laidin a thagann an focal Gaeilge ‘inid’; ‘tús an Charghais’ atá i gceist le ‘inid’.
Nós a bhíodh ann in Éirinn ná go gcaitheadh mná óga, nach raibh pósta, pancóg suas san aer agus go ndéanaidís iarracht breith uirthi arís sa bhfriochtán gan ligean di titim ar an urlár. Dá n‑éireodh leis an gcailín é sin a dhéanamh deirtí gur cinnte go mbeadh sí pósta roimh dheireadh na bliana.
Máirt na bPancóg 📽️ le nuacht24
Pancóga Coirce, Pancóga Veigeánacha agus Pancóga Veigeánacha Saillte 📽️ ar YouTube.com/Gaeloideachas
Máirt na hInide 📽️ pancóga le Gáirm Scoil Buirgheas / Coláiste Na Buiríse
Lá na bPancóg 📽️ le Meon Eile – oideas agus físeán le Sarah de Búrca agus an cócaire Éamonn Ó Catháin
Lá na bPancóg 2023 📽️ le Meon Eile – Brídín Uí Choinn agus a mac óg i mBéal Feirste
Cén chaoi le pancóga blasta tanaí órdhonn a dhéanamh 📰 leis an gcócaire Diarmuid Ó Mathúna do Tuairisc.ie
Máirt na hInide ℹ️ cur i láthair le Foras Na Gaeilge ar an lá agus nósanna na féile
Máirt na hInide ℹ️ PDF desna sleamhnáin thuas
Ceiliúradh Carnival sa Ghearmáin ar an suíomh Traasgpu
Máirt na hInide ar Gascaint – abairtí le cleachtadh
Pancóga, pósadh agus plátaí páipéir le hÉilis Ní Anluain san Irish Times
Céadaoin an Luaithrigh ℹ️ leathanach ar an lá agus ar na nósanna bhaineann leis
Céadaoin an Luaithrigh – sa tráth sin bhíodh iachall orthu a gcuid tae a ól dubh gan rian bainne uirthi 📰 le Tuairisc.ie
Samhain 🔥 Nollaig 🔥 Lá Fhéile Bríde 🔥 Lá Fhéile Vailintín 🔥 Máirt Inide 🔥 Lá Fhéile Pádraig 🔥 Lá Aibreáin 🔥 An Cháisc 🔥 Samhradh na nGael 🔥 Oíche Shin Seáin 🔥 An Fómhar