Bhí Tionól Forbartha Gaeloideachas i bpáirt le COGG 2025 ar siúl in Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh, ar an 21 Samhain 2025.
Thíos, gheobaidh tú cur síos ar na ceardlanna agus cainteanna a bhí ann ar an lá. Áit go bhfuil an t-ábhar ar fáil i bhfoirm sleamhnáin nó físeáin, tá siad roinnte againn ann. Táimid an-bhuíoch ar fad as chomh fiail is a bhí na rannpháirtithe uile ag roinnt a gcuid ama agus saineolais linn. Tá dath glas dírithe ar an mbunleibhéal, dath gorm dírithe ar an iar-bhunleibhéal agus dath liath feiliúnach do gach duine.
Is féidir na cuir i láthair a íoslódáil mar zip anseo: Cur i láthair ag Paul Bilbao Sarria, TF 2025 Ceardlanna Zip 1 agus TF 2025 Ceardlanna Zip 2
Clár
Tá dath glas le ♥ dírithe ar an mbunleibhéal, dath gorm le ♦ dírithe ar an iar-bhunleibhéal agus dath liath feiliúnach do gach duine.
Ollseisiún agus Eochairaitheasc
Úsáid shóisialta na mionteanga: Ag Foghlaim ó Euskadi (Tír na mBascach) le Paul Bilbao Sarria, Stiúrthóir/Zuzendari Orokorra Armentia Ikastola
Focal fáilte le Clodagh Ní Mhaoilchiaráin, Uachtarán Gaeloideachas
Comhoibriú is cothú: Forás na Gaelscolaíochta” le Tomás Ó Ruairc, Rúnaí Cúnta, Cumarsáid, Fianaise, Straitéis agus Polasaí, An Roinn Oideachais agus Óige
Focal fáilte le Cathnia Ó Muircheartaigh, Cathaoirleach COGG
Beathaisnéis
Tá ríméad an domhain orainn príomhchainteoir an Tionóil Forbartha a fhógairt – An tUasal Paul Bilbao Sarria, Stiúrthóir/Zuzendari Orokorra Armentia Ikastola.
Bhí a chaint ag díriú ar Úsáid shóisialta na mionteanga: Ag Foghlaim ó Euskadi agus a bhfuil sé siúl i dTír na mBascach maidir le teanga an tsóisialaithe.
Tá Paul Bilbao Sarria ina stiúrthóir ginearálta faoi láthair ar Armentia Ikastola, institiúid oideachais Bascaise le níos mó ná 1,200 páiste is duine óg ag freastal uirthi. Cuireann Armentia Ikastola tumoideachas Bascaise ar fáil do pháistí is dhaoine óga ó aois a haon suas go 18 ag freastal uirthi idir naíolann, naíonra, bunscoil, meánscoil agus ardscoil.
Is céimí é Paul Bilbao Sarria sa bhFealsúnacht agus sna Dána, le speisialtóireacht i bhFileolaíocht na Bascaise. Ina theannta sin, tá iarchéim i bPleanáil Teanga, Máistreacht i gCearta Bunúsacha agus in Údaráis, agus Máistreacht san Oiliúint Mhúinteoirí don Oideachas Meánscoile Éigeantach, don Oideachas Ard-Mheánscoile, don Oiliúint Ghairmiúil, agus i Múineadh Teangacha Iasachta aige.
Le níos mó ná fiche bliain anuas, tá Paul ag obair go dícheallach ar son na Bascaise. Bhí sé mar stiúrthóir ar Behatokia, an Fhaireachlann um Chearta Teanga, agus mar rúnaí ginearálta ar Kontseilua, Comhairle na nEagraíochtaí Sóisialta um Bascais.
Bíonn sé ag labhairt go minic ag comhdhálacha idirnáisiúnta éagsúla ar bheartais teanga, go háirithe i réimse an oideachais agus tá go leor alt agus páipéar taighde scríofa aige.
Tá muid an-bhuíoch de Paul Bilbao Sarria as taisteal an bealach ar fad ó Euskadi go Corcaigh le bheith mar aoichainteoir oinigh ag Tionól Forbartha 2025. Bhí an cur i láthair ana-mhaith agus ba iomaí an duine a rinne tagairt air i rith an lae.
Conas cluichí mata a úsáid chun teanga na matamaitice a fhorbairt sa bhunscoil - Megan Ní Dhálaigh, Gaelscoil Phort Láirge
Conas cluichí mata a úsáid chun teanga na matamaitice a fhorbairt sa bhunscoil
Léireofar sa cheardlann idirghníomhach seo conas ar féidir cluichí a úsáid tríd an scoil chun teanga mhatamaiticiúil na ndaltaí ar fad a fhorbairt.
Beathaisnéis
Is príomhoide tánaisteach agus comhordaitheoir riachtanais speisialta oideachais i nGaelscoil Phort Láirge í Megan Ní Dhálaigh. Bhain sí máistreacht san oideachais amach ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh in 2024. Dhírigh a tráchtas ar thionchar na teanga atá mar chuid de na measúnuithe suimitheacha matamaitice ar thorthaí páistí le riachtanais bhreise oideachais. Tá an-suim aici sa Mhata agus go háirithe conas tacú le páistí le riachtanais bhreise sa suíomh tumoideachais.
Ficheall: uirlis don mhúinteoir, deis don dalta – scileanna sóisialta agus cognaíocha a fhorbairt sa bhunscoil - Cian Ó Fathaigh, Gaelscoil na nDéise/Ficheall.ie agus Fionnuala De Chnuic, Gaelscoil Phort Láirge/Ficheall.ie
Ficheall Uirlis don mhúinteoir, deis don dalta Scileanna sóisialta agus cognaíocha a fhorbairt
Tabharfaidh an cheardlann seo léargas praiticiúil ar conas ceachtanna fichille a chur i bhfeidhm chun scileanna sóisialta agus cognaíocha a fhorbairt. Pléifear clubanna fichille scoile, comórtais laistigh den scoil, Féilte Fichille, agus acmhainní tacaíochta ó Ficheall.ie.
Beathaisnéis
Is príomhoide í Fionnuala De Chnuic, i nGaelscoil Phort Láirge agus is príomhoide tánaisteach é Cian i nGaelscoil na nDéise. Tá siad ina mbaill ghníomhacha den líonra Ficheall ó 2017 – 2018 i leith. Is líonra náisiúnta de mhúinteoirí bunscoile é Ficheall a chuireann ficheall chun cinn i scoileanna mórthimpeall an hÉireann. Tá ról lárnach acu i gcur chun cinn na fichille ina scoileanna féin, rud a léiríonn na buntáistí sóisialta agus cognaíocha a bhaineann leis an gcluiche. Ina theannta sin, tá forbairt ghairmiúil leanúnach curtha ar fáil acu do mhúinteoirí eile, mar aon le hacmhainní is ceachtanna forbartha, ag tacú le leathnú leanúnach na heagraíochta.
An Ghaeilge mar Theanga Bhreise (GTB) i mBunscoileanna T1 - Aoife Ní Dhomhnaill agus Ciara Ní Chuilinn, Oide
An Ghaeilge mar theanga bhreise (GTB) i mbunscoileanna T1
San eispéireas foghlama gairmiúla seo, tabharfar tacaíocht do cheannairí scoile agus múinteoirí atá ag plé le foghlaimeoirí na Gaeilge mar Theanga Bhreise (GTB) i suíomhanna tumoideachais. Is ag díriú ar pháistí a thagann chuig an scoil gan an Ghaeilge nó an Béarla mar theanga baile acu a bheidh an cheardlann seo.
Mar thoradh ar an bplé gníomhach agus ar an machnamh ar gcleachtas reatha, gheobhaidh na rannpháirtithe deiseanna
- An tábhacht a bhaineann le comhoibriú idir gach ball foirne scoile chun timpeallacht foghlama chuimsitheach a chothú
- Timpeallacht ranga ina gcuirtear luach agus béim ar chumarsáid le cuimsiú gach foghlaimeora agus le forbairt a stór teanga trasna teangacha éagsúla a chíoradh
Beathaisnéis
Is seirbhís tacaíochta í, Oide, do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile, arna maoiniú ag an Roinn Oideachais, a bunaíodh ó chomhtháthú ceithre sheirbhís tacaíochta, a seoladh ar an 1 Meán Fómhair, 2023.
Beatha Teanga – Spreagchomhrá Idirghníomhach - Criostóir Ó Cathasaigh agus Deirdre Breathnach, Gaelscoil Mhainistir na Corann agus Maebh Nic Cárthaigh, Coláiste an Phiarsaigh, Gleann Maghair
Seo deis do rannpháirtithe teacht le chéile le spreagchomhrá idirghníomhach a bheith acu i dtaobh na Gaeilge mar theanga an tsóisialaithe lasmuigh den seomra ranga. Beidh deis ann eolas agus dea-chleachtais a chomhroinnt is a mhalartú. Beidh aoichainteoirí ón mbunleibhéalagus ón iar-bhunleibhéal araon i láthair chomh maith le hionadaithe ó eagraíochtaí eile teanga.
Beathaisnéis
Is múinteoir Múinteoir Gaeilge agus Corpoideachais í Maebh Nic Cárthaigh i gColáiste an Phiarsaigh, Gleann Maghair. Is í Oifigeach Gaeilge na scoile í chomh maith.
Is Múinteoir Naíonáin Bheaga é Criostóir Ó Cathasaigh i nGaelscoil Mhainistir na Corann, Co Chorcaí. Tá Post Príomhoide Cúnta 1 sa scoil aige chomh maith agus tá sé i bhfeighil ar chúrsaí tumoideachais agus Aistear le roinnt mhaith blianta anuas, mar aon le Gaoluinn i mbliana.
Is Múinteoir Rang a 5 í Deirdre Breathnach i nGaelscoil Mhainistir na Corann, Co Chorcaí. Tá sí nuacheaptha i bPost Príomhoide Cúnta 1 i mbliana. Tá sí i bhfeighil ar Chóras Piaraí na scoile i dteannta rudaí eile.
Scríbhneoireacht chruthaitheach don iar-bhunscoil – Fighting Words
Scríbhneoireacht chruthaitheach le Fighting Words
Is ceardlann phraiticiúil a bheidh anseo a thabharfaidh blaiseadh do rannpháirtithe de mhodheolaíochtaí Fighting Words i spreagadh na scríbhneoireachta cruthaithí sa seomra ranga iar-bhunscoile. Tá spraoi, samhlaíocht agus guth na hóige lárnach i gcur chuige Fighting Words.
Beathaisnéis
Is eagraíocht scríbhneoireachta cruthaithí í Fighting Words, a bhunaigh Roddy Doyle agus Seán Love in 2009, a chuireann deiseanna cruthaitheacha ar fáil saor in aisce. Tá sé mar aidhm acu cabhrú le leanaí agus le daoine óga, agus le daoine fásta nach bhfuair an deis mar leanaí, cumhacht a gcuid samhlaíochta agus a gcuid scileanna sa scríbhneoireacht chruthaitheach féin a aimsiú agus leas a bhaint astu.
Ról an Bhéarla sa seomra ranga lán-Ghaeilge iar-bhunleibhéil – deiseanna agus dúshláin – An Dr Ailín Ní Chonchúir, Ollscoil Mhá Nuad
Ról an Bhéarla sa seomra ranga lán Ghaeilge iar bhunleibhéil – deiseanna agus dúshláin
An bhfuil tú ag múineadh ábhar trí Ghaeilge? An dtarlaíonn sé go dtarraingíonn tú ar acmhainn Bhéarla sa seomra ranga ó am go ham? (suíomh gréasáin, físeán YouTube, gearrthóg TikTok, leathanach as téacsleabhar srl.)? An bhfuil tú fiosrach maidir le conas a d’fhéadfaí na hacmhainní sin a úsáid chun tacú leis na daltaí an Ghaeilge a shealbhú agus a shaibhriú, mar aon le heolas agus tuiscint ar an ábhar féin a fhorbairt? An bhfuil mearbhall ort faoi conas pleanáil dá leithéid?
Sa cheardlann seo, beidh deis ag rannpháirtithe ról an Bhéarla sa seomra ranga lán-Ghaeilge iar-bhunleibhéil a chíoradh. Pléifear dúshláin agus deiseanna a bhaineann le húsáid acmhainní Béarla agus bealaí inar féidir leas a bhaint astu chun tacú leis an nGaeilge. Féachfar chomh maith ar straitéisí samplacha pleanála chun tascanna trasteangeolaíocha inbhuanaithe a chur i bhfeidhm sa seomra ranga.
Beathaisnéis
Tá an Dr Ailín Ní Chonchúir ag obair le Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad, ag plé le hoiliúint do mhúinteoirí agus le dearadh ábhar teagaisc. Tá spéis ar leith aici in oiliúint do mhúinteoirí – múinteoirí faoi oiliúint agus múinteoirí cáilithe araon. Tá sí bainteach le fada le teagasc, le hoiliúint do mhúinteoirí agus le dearadh siollabas ag iliomad leibhéal den chóras oideachais – an leibhéal bunscoile, an leibhéal iar-bhunscoile, an suíomh luathoideachais, an tríú leibhéal agus an earnáil aosoideachais, chomh maith le teagasc na Gaeilge thar lear. Bhain a taighde dochtúireachta le gnéithe d’úsáid an Bhéarla sa suíomh iar-bhunscoile lán-Ghaeilge.
Scríbhneoireacht chruthaitheach don bhunscoil – Fighting Words
Scríbhneoireacht chruthaitheach le Fighting Words
Is ceardlann phraiticiúil a bheidh anseo a thabharfaidh blaiseadh do rannpháirtithe de mhodheolaíochtaí Fighting Words i spreagadh na scríbhneoireachta cruthaithí sa seomra ranga bunscoile. Tá spraoi, samhlaíocht agus guth na hóige lárnach i gcur chuige Fighting Words.
Beathaisnéis
Is eagraíocht scríbhneoireachta cruthaithí í Fighting Words, a bhunaigh Roddy Doyle agus Seán Love in 2009, a chuireann deiseanna cruthaitheacha ar fáil saor in aisce. Tá sé mar aidhm acu cabhrú le leanaí agus le daoine óga, agus le daoine fásta nach bhfuair an deis mar leanaí, cumhacht a gcuid samhlaíochta agus a gcuid scileanna sa scríbhneoireacht chruthaitheach féin a aimsiú agus leas a bhaint astu.
Machnamh ar theagasc litrithe sa Ghaeilge - Micheál S. Mac Donnacha, COGG
Sa cheardlann seo, roinnfear aiseolas ó scoileanna Gaeltachta maidir le múineadh agus forbairt litrithe sa Ghaeilge i suíomh an tumoideachais.
I measc na n-ábhar a phléifear, beidh:
- Aiseolas ó shuirbhé ar mhúinteoirí i scoileanna Gaeltachta
- Eolas agus dea-chleachtas ó mhúinteoirí i scoileanna Gaeltachta
- Straitéisí praiticiúla chun litriú na Gaeilge a fhorbairt sa bhunscoil.
Beathaisnéis
Is múinteoir bunscoile Gaeltachta é Micheál S. Mac Donnacha, atá ag obair faoi láthair mar Oifigeach Oideachais Gaeltachta de chuid COGG. Is iar-Uachtarán Ghaeloideachas é. Is Cathaoirleach é ar bhoird bhainistíochta scoileanna Gaeltachta, agus tá M.Oid san Oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta bainte amach aige.
Bunú agus Bláthú: Pléphainéal ar Ranganna Speisialta ag leibhéal na bunscoile - An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta
Is deis luachmhar é seo teacht le chéile, dea-chleachtais a roinnt, agus acmhainní, straitéisí agus tacaíochtaí cabhracha éagsúla don rang speisialta a mhalartú. I measc na n-ábhar a bheidh á bplé beidh:
- teanga oibre an ranga
- tuiscint agus athfhrámú iompair
- ionchuimsitheacht éifeachtach
- tacaíochtaí do dhaltaí ar bheagán cainte
- spásanna céadfaí mar chuid den timpeallacht foghlama
Mar chuid den phléphainéil, beidh comhairleoirí ó fhoirne éagsúla de chuid na Comhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta i láthair chomh maith le príomhoide Gaelscoile d’fhonn treoir agus dea-chleachtais a roinnt.
Cuirtear fáilte roimh mhúinteoirí agus cheannairí a bhfuil rang speisialta nuabhunaithe ina scoileanna ach go háirithe, ach fáilte roimh éinne eile a bhfuil suim acu rang a bhunú amach anseo nó a bhfuil rang fadbhunaithe acu chomh maith le héinne eile a bhfuil suim acu sa cheist.
Beathaisnéis
Ar son na Comhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS), beidh na daoine seo ar an bpainéal: Eibhlín Breathnach, Bainisteoir teiripe urlabhraíochta agus teanga, Brian Harrington, Comhairleoir ar Iompar, Fionnuala Ní Chonaill, Comhairleoir ar Oideachas agus Curaclam. In éindí leo, beidh Órla Ní Chathasaigh, Leas-Phríomhoide, agus Mícheál Ó Draighneáin, Príomhoide, Ghaelscoil Uí Ríordáin, Baile an Chollaigh. Tá trí rang uathachais ag an scoil anois.
Bunaíodh an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta faoin Acht um Oideachas do Dhaoine a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais Acu, 2004 chun seirbhísí oideachais a chur ar fáil, ar bhealach níos fearr, do dhaoine a bhfuil riachtanais oideachais speisialta acu mar gheall ar mhíchumas agus cuirtear béim ar leith ar leanaí.
Cuireann CNOS comhairle agus eolas maidir le hoideachas speisialta ar fáil do scoileanna agus do thuismitheoirí; leithdháiltear tacaíochtaí díreacha agus treoir agus cuirtear ar fáil iad do scoileanna; cuirtear foghlaim ghairmiúil ar fáil do mhúinteoirí; tugtar faoi thaighde agus scaiptear an taighde chuig oideachas speisialta; agus cuirtear comhairle ar pholasaí ar fáil don Aire Oideachais ar shaincheisteanna a bhaineann le hoideachas speisialta.
Ag úsáid litríocht na Sraithe Sóisearaí T1 agus na teicneolaíochta chun an teanga labhartha a spreagadh sa rang Gaeilge - Ciara Ní Shé, Pobalscoil Chorca Dhuibhne
Déanfar plé sa cheardlann seo ar chúpla sampla ó liosta dualgais T1 na Sraithe Sóisearaí agus conas is féidir an teanga labhartha a spreagadh sa rang. Roinnfear smaointe praiticiúla is uirlisí a chabhróidh leis an múinteoir beocht agus úire a thabhairt don litríocht sa rang.
Beathaisnéis
Is múinteoir Gaelainne í Ciara Ní Shé i bPobalscoil Chorca Dhuibhne ó bunaíodh an scoil in 2007. Roimhe sin, bhí sí ag múineadh i nGaelcholáiste Mhuire AG sa Mhainistir Thuaidh i gCorcaigh. Is Príomhoide Cúnta 1 í agus í mar Oide Bliana ar Bhliain 1 chomh maith le dualgais uirthi ó thaobh Teagasc agus Foghlaim a éascú sa Phobalscoil .
Bhain Ciara M.Oid san Oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta amach in 2021. ‘Iniúchadh ar eispéiris mhúinteoirí san iar-bhunscoil Ghaeltachta maidir le cur i bhfeidhm Sonraíocht Gaeilge T1 na Sraithe Sóisearaí ‘ teideal a tráchtais. Tá suim faoi leith aici in oiliúint an mhúinteora Gaeilge. Tá taithí aici a bheith ag oibriú le Comisiún na Scrúduithe Stát mar scrúdaitheoir ag leibhéal T1 na Sraithe Sóisearaí.
An Dialann Phleanála FCÁT agus scafláil teanga le 'Ní Ceart go Cruinn' - Caitlín Ní Ruanaidh, COGG
An Dialann Phleanála FCÁT agus scafláil teanga le ‘Ní Ceart go Cruinn’
Tabharfar léargas ar An Dialann Phleanála agus Ní Neart go Cruinn, acmhainní nua FCÁT de chuid COGG sa seisiún seo. Dearadh an Dialann Phleanála go sonrach do mhúinteoirí iar-bhunscoile i suíomhanna T1, le tacú le múinteoirí na moltaí dea-chleachtais ón taighde reatha a chur i bhfeidhm sa tseomra ranga. Forbraíodh an dialann nua seo le tacú le múinteoirí an Fhoghlaim Chomhtháithe Ábhar agus Teanga (FCÁT) a chur i bhfeidhm ina gcleachtas ábharbhunaithe. Cuimsíonn an dialann nua na míreanna seo a leanas:
- Teimpléid phleanála le riar ar spriocanna ábhair agus teanga araon ar bhonn laethúil
- Samplaí pleanála le FCÁT san áireamh, do réimse ábhair
- Stráitéisí agus moltaí tumoideachais
- Earráidí na nDaltaí
- Acmhainní samplacha
- Suíomhanna úsáideacha don chleachtóir tumoideachais
- Greamáin aiseolais
- Míreanna eile amhail: RSO, Bainistíocht Ranga, Forbairt Ghairmiúil, An Cleachtóir Athmhachnamhach, Gnóthachtáil Dalta agus neart eile!
Beathaisnéis
Ceapadh Caitlín Ní Ruanaidh mar Oifigeach Oideachais FCÁT i mí Aibreáin 2024. Is múinteoir iar-bhunscoile í a bhfuil cúig bliana déag de thaithí aici i gcomhthéacsanna éagsúla sa chóras oideachais ó thuaidh agus ó dheas. Faoi láthair, tá sí ar iasacht ó Choláiste Feirste i mBéal Feirste, áit ar oibrigh sí mar mhúinteoir staire agus mar bhainisteoir scoile ó 2018. Ina ról mar bhainisteoir scoile, bhí Caitlín ina Ceann ar Roinn na Staire, ina Ceannaire Foghlama, agus ina Múinteoir Theagascóra do mhúinteoirí nua-cháilithe.
Tá raon leathan de cháilíochtaí bainte amach aici, ina measc BA ó Ollscoil na Gaillimhe, Teastas Iarchéime i gCumarsáid Fheidhmeach ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, PGCE ó Ollscoil Uladh, agus TICO ó Choláiste Ollscoile Naomh Muire. In 2023, bhain Caitlín Máistreacht san Oideachas amach ó Choláiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste, áit ar dhírigh a tráchtas ar chúrsaí FCÁT agus comhtháthú na Gaeilge i gcleachtas ábharbhunaithe.
Súgradh agus Teicneolaíocht: Ag Tacú le Foghlaim Teangacha trí Scéalaíocht agus Róbataic sna Luathbhlianta - An Dr Susan Nic Réamoinn, Institiúid Oideachais Marino
Sa cheardlann seo, déanfar iniúchadh ar an gcaoi ar féidir teicneolaíocht a úsáid sna luathbhlianta tosaigh chun tacú le foghlaim teanga páistí. Sna blianta tosaigh den bhunoideachas, tá tábhacht ar leith ag baint le cur chuige spraíúil agus tarraingteach, toisc go gcabhraíonn siad le páistí scileanna teanga a fhorbairt ar bhealaí taitneamhacha agus fiúntacha.
Tríd an scéalaíocht agus úsáid na róbataice, is féidir le páistí teanga a fhoghlaim agus ag an am céanna, comhoibriú, réiteach fadhbanna, buanseasmhacht agus féinmhuinín a thógáil. Ní hamháin go dtugann na cineálacha cur chuige seo deis chun spraoi agus cruthaitheacht a thabhairt isteach sa seomra ranga, ach tacaíonn siad le gnéithe tábhachtacha d’fhorbairt teanga chomh maith.
Cuirfidh an cheardlann seo smaointe praiticiúla agus samplaí ar fáil maidir le conas is féidir scéalaíocht agus róbataic a chomhcheangal chun eispéiris foghlama saibhre agus spraíúla a chruthú. Beidh deis ag rannpháirtithe triail a bhaint as gníomhaíochtaí iad féin, agus taithí phraiticiúil a fháil ar na féidearthachtaí is oiriúnaí dá gcuid seomraí ranga féin.
Beathaisnéis
Is léachtóir sa Litearthacht agus san Oideachas Luath-Óige í an Dr Susan Nic Réamoinn in Institiúid Oideachais Marino (IOM).
Bronnadh a Dochtúireacht (PhD) uirthi in 2024 agus dhírigh a cuid taighde ar úsáid na róbataice sna luathbhlianta chun tacú le foghlaim an dara teanga.
Is múinteoir bunscoile cáilithe í Susan ó 2008, agus tá sí tar éis múineadh i réimse scoileanna, Gaelscoileanna agus Scoileanna Foghlaim le Chéile ina measc. Sular thosaigh sí in Institiúid Oideachais Marino, d’oibrigh sí mar Oifigeach Oideachais (Teanga) leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnaithe (CNCM), ag cur le forbairt Churaclam Teanga na Bunscoile.
Ceardlann Léitheoireachta: Teagasc na Léitheoireachta le leabhair oiriúnacha - An Dr Jacqueline de Brún, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus An Dr Róisín Ní Mhulláin, COGG
Sa cheardlann seo, tabharfar cur síos ar an tionscadal ‘ In Ord agus In Eagar’, tionscadal ar an dóigh le leabhair chuí a roghnú do rang/grúpa/léitheoir ar leith agus do chomhthéacs ar leith. Beidh an t-eolas seo úsáideach do mhúinteoirí atá ag lorg leabhair oiriúnacha agus eolas ar na leabhair a thaitníonn le daltaí agus na tréithe a dhéanann leabhar sultmhar, dúshlánach nó inléite. Beidh an seisiún dírithe ar mhúinteoirí bunscoile sna meán/ardranganna i scoileanna Gaeltachta agus i nGaelscoileanna, agus treoir ann.
An Tionscadal: Cuireadh bailiúchán leabhar chuig meánranganna agus ardranganna bunscoile i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ar fud na tíre. Léigh múinteoirí na leabhair leis na páistí agus thug siad eolas dúinn ar an eispéireas a bhí acu leo. Cuireadh an t-eolas ar fad ar fhrámaí, fráma do gach leabhar agus foilsíodh innéacs níos mó ná 20 leabhar a bhí ‘in ord agus in eagar’!
I measc na n-ábhar a phléifear, beidh:
- Cur síos ar an tionscadal agus aiseolas ó na múinteoirí agus gasúir
- Na bealaí ina bhféadfadh an cur chuige seo tacú le léitheoireacht agus grúpaí léitheoireachta mar chur chuige
- Samplaí praiticiúla de ghníomhaíochtaí atá curtha i bhfeidhm ag múinteoirí cheana féin
- Conas an cur chuige seo a úsáid le haghaidh leabhar ar bith!
Beathaisnéis
Is léachtóir í Jacqueline de Brún in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Tá PhD aici ar theagasc agus fhoghlaim na léitheoireachta Gaeilge. Is iar-mhúinteoir bunscoile í agus tréimhse de bhlianta caite san Áisaonad i gColáiste Ollscoile Naomh Muire agus seal ag obair ag COGG.
Bíonn sí ag plé le bunmhúinteoirí faoi oiliúint chomh maith le forbairt ghairmiúil leanúnach do mhúinteoirí. Bhí sí ina stiúrthóir ar an chlár léitheoireachta Cleite agus ina bainisteoir tionscadail ar dhearadh clár fónaice don Ghaeilge. Tá leabhair scríofa aici do léitheoirí óga agus bíonn baint aici le cláir theilifíse a fhorbairt do pháistí.
Is Oifigeach Oideachais Iar-bhunscoile í Róisín Ní Mhulláin le COGG. Ba mhúinteoir bunscoile í agus ba léachtóir le Gaeilge í i gColáiste San Aingeal, Sligeach, ag plé le hábhair oidí. Tá an-spéis aici i leabhair Ghaeilge do dhaoine óga agus cur chun cinn na litríochta agus léitheoireachta sa seomra ranga.
Grúpa tacaíochta do phríomhoidí bunscoile - Marc de Grás, Gaelscoil na nDéise
Is deis é seo do phríomhoidí teacht le chéile le hábhair imní a phlé agus fadhbanna a réiteach trí chomheagna agus saineolas a roinnt. Fáilte roimh phríomhoidí nuacheaptha chomh maith leo siúd le taithí na mblianta acu!
Beathaisnéis
Is as Gaeltacht na Rinne do Mharc de Grás agus tá sé ag obair mar phríomhoide i nGaelscoil na nDéise ó 2005. Tá taithí aige a bheith ag feidhmiú mar phríomhoide teagaisc mar aon le príomhoide riaracháin agus tá tréimhsí caite aige mar bhall de Bhord Stiúrtha Gaeloideachas agus Coiste Náisiúnta IPPN. Tá suim faoi leith aige sa cheannaireacht scoile agus tá máistreacht bainte amach aige san ábhar seo. Is mac léinn dochtúireachta é faoi láthair na huaire i gColáiste na hOllscoile Corcaigh agus taighde idir lámha aige dírithe ar an gceannaireacht sa suíomh tumoideachais bunscoile.
Cruinneas a fhorbairt i gComhthéacs an Tumoideachais: Aiseolas Ceartaitheach - Caitríona Ní Mhurchú agus Donncha Ó Duinnín, Oide
Cruinneas a fhorbairt i gcomhthéacs an tumoideachais Aiseolas ceartaitheach
San eispéireas foghlama gairmiúla seo, díreofar ar Aiseolas Ceartaitheach (AC) mar chur chuige féideartha chun botúin choitianta ó bhéal a cheartú sa seomra ranga ar bhonn scoile uile. Tabharfar deis do rannpháirtithe machnamh a dhéanamh ar bhotúin choitianta a chloistear i gcomhthéacs a scoile féin. Roinnfear straitéisí AC gur féidir le múinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile araon a chur i bhfeidhm sa seomra ranga chun aird na bpáistí/na scoláirí a dhíriú ar na botúin chruinnis seo i mbealach dearfach agus tacúil. Cuirfear fáilte roimh rannpháirtíocht ghníomhach ina roinntear dea-chleachtas reatha. Pléifear na réimsí seo lena linn:
- Sainmhíniú ar cad is AC ann
- Straitéisí éagsúla AC a iniúchadh.
- Moltaí praiticiúla faoi chur i bhfeidhm éifeachtach AC sa chomhthéacs scoile.
Beathaisnéis
Is seirbhís tacaíochta í, Oide, do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile, arna maoiniú ag an Roinn Oideachais, a bunaíodh ó chomhtháthú ceithre sheirbhís tacaíochta, a seoladh ar an 1 Meán Fómhair, 2023.
Cur Chuige Comhaimseartha chun Úsáid na Gaeilge a spreagadh trí Cheol – Foireann Bharr na gCnoc, Ionad na Gaeilge Labhartha, Coláiste na hOllscoile Corcaigh
Cur Chuige Comhaimseartha chun Úsáid na Gaeilge a spreagadh trí Cheol Barr na gCnoc
Ceardlann idirghníomhach iar-bhunleibhéil ina dtaispeánfar do mhúinteoirí conas ceardlann rap as Gaeilge a reáchtáil – ó chumadh na liricí go taifeadadh simplí. Dírithe ar mhúinteoirí Gaeilge, ach oiriúnach chomh maith do mhúinteoirí eile a bhfuil suim acu i gcur chuige cruthaitheach sa seomra ranga.
Beathaisnéis
Cruthaíonn Barr na gCnoc (BnaC) nasc idir obair phobail COC agus dualgas taighde agus teagaisc na hOllscoile. Cuirtear acmhainní acadúla, daonna agus praiticiúla Gaeilge ar fáil don phobal ar mhaithe le scoileanna DEIS an cheantair. Tharraing BnaC freisin ar thaighde idirnáisiúnta Ollscoil Pennsylvania (Netter Center for Community Partnerships) chun múnla feabhais um dhea-theoiric & dhea-chleachtas a chruthú.
Is é croílár an taighde ná go mbainfidh daltaí scoile tairbhe as teacht a bheith acu ar fhoghlaim oiriúnach teanga, ar roghanna éagsúla oideachasúla agus ar acmhainní uileghabhálacha pobail, chomh maith le cothromaíocht.
Seo a leanas príomhghnéithe BnaC: Abhcóideacht agus Tacaíocht (do dhaltaí, do mhúinteoirí & do thuismitheoirí). D’éirigh le Barr na gCnoc dámhachtain a bhaint amach faoi Mhaoiniú Fheidhmiúil an Údaráis um Ard-Oideachais in 2023.
Ionchuimsitheacht san Iar-bhunscoil - An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta
Is deis foghlama agus machnaimh é seo atá dírithe ar chleachtais ionchuimsitheacha san iar-bhunscoil. Tabharfar léargas praiticiúil ar conas timpeallacht oscailte agus thacúil a chruthú do gach scoláire. Pléifear straitéisí ranga, modhanna múinteoireachta comhoibríocha, agus cur chuige uile scoile a chuireann comhionannas agus rannpháirtíocht chun cinn. Labhrófar faoi straitéisí chun tacú le scoláirí a bhfuil riachtanais bhreise acu sa rang príomhshrutha ach go háirithe.
Beidh an seisiún seo feiliúnach do gach múinteoir agus ceannaire iar-bhunscoile beag beann ar an na hábhair a bhíonn a múineadh.
Beathaisnéis
Beidh na daoine seo a leanas ar an bpainéal ar son na CNOS: Lisa Uí Fhlatharta, Comhairleoir ar Ionchuimsitheachas, agus Brian Harrington, Comhairleoir ar Iompar. Beidh Maedhbh Daltún, Príomhoide Choláiste Ghlór na Mara, Baile Brigín. Tá 3 rang uathachais ag Coláiste Ghlór na Mara faoi láthair, ar a dtugtar Rang Lir. Faigheann daltaí tacaíocht chuí laistigh de Rang Lir agus nuair a bhíonn siad comhtháite i ranganna príomhshrutha. Cinntíonn sé seo gur féidir leo páirt iomlán a ghlacadh i bpobal níos leithne na scoile. Tarlaíonn comhtháthú droim ar ais go rialta freisin, rud a ligeann do dhaltaí príomhshrutha páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí laistigh de Rang Lir, ag cothú tuisceana agus cuimsithe frithpháirteach.
Bunaíodh an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) faoin Acht um Oideachas do Dhaoine a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais Acu, 2004 chun seirbhísí oideachais a chur ar fáil, ar bhealach níos fearr, do dhaoine a bhfuil riachtanais oideachais speisialta acu mar gheall ar mhíchumas agus cuirtear béim ar leith ar leanaí.
Cuireann CNOS comhairle agus eolas maidir le hoideachas speisialta ar fáil do scoileanna agus do thuismitheoirí; leithdháiltear tacaíochtaí díreacha agus treoir agus cuirtear ar fáil iad do scoileanna; cuirtear foghlaim ghairmiúil ar fáil do mhúinteoirí; tugtar faoi thaighde agus scaiptear an taighde chuig oideachas speisialta; agus cuirtear comhairle ar pholasaí ar fáil don Aire Oideachais ar shaincheisteanna a bhaineann le hoideachas speisialta.
An Léitheoireacht faoi threoir le Cleite (An Clár Luathléitheoireachta) trí bhainistiú ranga éifeachtach a chur i bhfeidhm - Aingeal Nic an tSábhaisigh, an tÁisaonad
Sa cheardlann seo, amharcfar ar smaointe agus straitéisí éifeachtacha a chuideoidh le bainistiú ranga agus múinteoirí ag tabhairt faoin léitheoireacht faoi threoir. Léireofar na hacmhainní fiúntacha, a bhí deartha ag múinteoirí, atá ar fáil ón Áisaonad le tacú leis an Chlár Luathléitheoireachta (go háirithe do Bhandaí 3-4). Míneofar na dóigheanna a gcuidíonn siad le bainistiú ranga agus cur chun cinn na léitheoireachta i lár na bunscoile. Díreofar ina dhiaidh sin ar na leabhair úra a tháinig amach i mbliana i mBanda 5.
Beathaisnéis
Is í Aingeal Nic an tSábhaisigh Comhairleoir Oideachais an Áisaonaid. Dearann agus foilsíonn an tÁisaonad acmhainní oideachasúla do Ghaelscoileanna, idir leabhair mhóra, leabhair léitheoireachta, théacsleabhair, chluichí agus acmhainní digiteacha ar an iliomad ábhar curaclaim. Is múinteoir bunscoile í Aingeal le breis agus 20 bliain, agus ba phríomhoide í ar feadh roinnt blianta fosta. Mar Chomhairleoir Oideachais, cuidíonn sí le háiseanna úra an Áisaonaid a chruthú agus le monatóireacht a dhéanamh orthu chun bheith cinnte de go bhfreagraíonn siad do riachtanais na scoileanna. Cuireann sí ceardlanna oiliúna ar fáil, chomh maith, ar dhea-úsáid acmhainní an Áisaonaid sa seomra ranga.
Meaisínfhoghlaim le Kinia – Foireann Kinia
Foghlaimeoidh tú faoi na coincheapa atá taobh thiar d’intleacht shaorga agus meaisínfhoghlaim trí ghníomhaíochtaí praiticiúla le róbat urláir. Is uirlis chumhachtach í seo chun litearthacht dhigiteach agus scileanna réitigh fadhbanna a chur chun cinn i measc daltaí.
Beathaisnéis
Eagraíocht neamhbhrabúis, carthanas, agus fiontar sóisialta dírithe ar an oideachas is ea Kinia. Creideann siad gur infheistíocht in athrú inbhuanaithe é oideachasóirí a chumhachtú chun oideachas a chur ar a gcuid daltaí agus iad a spreagadh, agus go gcruthaíonn an fhoghlaim fíordheiseanna agus atá in ann saol a athrú. Gan teacht air seo, fágfar leanaí agus daoine óga thíos leis.
Croí-inniúlachtaí san oideachas lán-Ghaeilge – An Dr Gabrielle Nig Uidhir, Coláiste Ollscoile Naomh Muire & An Dr T.J. Ó Ceallaigh, Coláiste na hOllscoile Corcaigh
Croí inniúlachtaí gairmiúla an mhúinteora lán Ghaeilge
Sa cheardlann seo, cíorfar inniúlachtaí bunriachtanacha, lena n-áirítear eolas, scileanna agus luachanna múinteoirí tumoideachais. Déanfar cur síos ar an taighde a thug fianaise den chreat inniúlachtaí a chuirfear i láthair. Tugann an saothar léargas ar shaintréithe an mhúinteora lán-Ghaeilge a shíltear a bheith tábhachtach agus ábhartha do dhul chun cinn na ndaltaí. Beidh deis ag rannpháirtithe amharc go grinn ar chreat forbartha na n-inniúlachtaí. Cuirfear uirlis féinmheasúnaithe i láthair is féidir le cleachtóirí a úsáid chun le tacú le pleanáil agus le forbairt ghairmiúil. Déanfar moltaí faoin dóigh leis an ábhar a chur i bhfeidhm sa scoil agus spreagfar plé ar an cheist sin.
Beathaisnéisí
Tá ról ceannaireachta ag an Dr Gabrielle Nig Uidhir i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste. Baineann na dualgais sin le hoideachas tosaigh múinteoirí go ginearálta. Déarfaidh Gabrielle leat gur mó an sásamh gairmiúil a bhaineann sí as forbairt an oideachais lán-Ghaeilge sa choláiste, ag ullmhú agus ag tacú le soláthar sármhúinteoirí don earnáil Ghaeloideachais. Is gné thábhachtach den obair sin an taighde a thugann léargais nua ar an tumoideachas agus a thugann treoir dúinn mar chleachtóirí oideachais. Tá an sprioc sin neadaithe i ngach saothar taighde a raibh sí rannpháirteach ann go nuige seo. Thosaigh sí a gairm mar mhúinteoir bunscoile. Chaith sí tréimhse i mbun teangacha san Aosoideachas. Ghlac a cosán gairmiúil casadh taitneamhach i dtreo an ardoideachais, ina dhiaidh sin, áit a bhfuil sí ó shin.
Tá an Dr T.J. Ó Ceallaigh mar Léachtóir Sinsearach/Ollamh Comhlach i Scoil an Oideachais, Coláiste na hOllscoile Corcaigh. An phríomhspéis taighde atá aige is ea díriú ar an oideolaíocht atá ag teastáil chun teagasc na teanga agus an ábhair agus an measúnú a chomhtháthú go rathúil, go háirithe i gcomhthéacsanna tumoideachais agus dátheangacha. Glacann T.J. páirt ghníomhach i bpobail tumoideachais in Éirínn agus thar lear, bíonn sé ina chomhairleoir ar chláir thumoideachais, is minic é a bheith ina chainteoir ag comhdhálacha agus tá sé mar bhall freisin de roinnt comhfhiontair thaighde ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Educaring ó chroí – féidearthachtaí don fhoghlaim, folláine agus cruthaitheacht sa suíomh foghlama - an Dr Deirdre McGillicuddy, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Educaring ó chroí – féidearthachtaí don fhoghlaim, folláine agus cruthaitheacht
Is cuireadh atá sa cheardlann seo teacht ar thuras folláine, ag díriú ar:
- Brí do shiúil – deis athbhreathnú a dhéanamh ar an bhfáth a bhfuil muid ag obair san oideachas
- Mála droma an oide – tuiscint níos doimhne a fháil orainn féin agus na réimsí éagsúla atá againn mar oidí
- Bunluachanna – cuireadh machnamh a dhéanamh ar na bunluachanna atá againn go pearsanta, agus go proifisiúnta.
Tugann Educaring ó chroí deis dúinn stopadh agus briseadh a thógáil ó ghnóthacht an tsaoil chun díriú isteach orainn féin mar oidí.
Beathaisnéis
An Dr Deirdre McGillicuddy, Ollamh Cúnta, Léachtóir san Oideachas, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Is múinteoir, taighdeoir agus ollamh cúnta san oideachas í Deirdre McGillicuddy le taithí 25 bliain bainte amach aici ag obair sa chóras oideachais. Chaith sí tréimhse ag obair i scoil a bhí suite i bpobal a bhaineann le míbhuntáiste agus, dá bharr, creideann sí go diongbháilte i gceisteanna comhionannais a mbaineann le hoideachas. Tá suim faoi leith aici in oideolaíocht agus cúrsaí folláine, go háirithe an tionchar atá ag polasaithe oideachais ar chursaí múinteoireachta agus cursaí foghlama de. Sheol sí leabhar le déanaí (Educaring from the Heart – How to nurture your wellbeing and rediscover your purpose in education) a dhíríonn ar chúrsaí folláine an oideora chun spás a thabhairt don ábhar tábhachtach seo inár gcuid institiúidí oideachais. Tugann an leabhar cuireadh don oideoir athbhreathnú a dhéanamh ar a gcuid folláine féin sula ndíríonn siad isteach ar fholláine na bpáistí/ndaoine óga atá os a gcomhair. Is cuireadh don oideoir é an leabhar seo chun machnamh a dhéanamh ar a gcuid modhanna múinte agus na féidearthachtaí a mbaineann le comhoibriú le scoláirí chun foghlaim, folláine agus cruthaitheacht a chur chun cinn sa suíomh foghlama.
Cás aisteach Dr GenAI agus Mr Hack: Saol dúbailte intleachta saorga sa seomra ranga - Stephen Murphy, Coláiste na hOllscoile Corcaigh
Cuireann Intleacht Shaorga deiseanna agus dúshláin nua ar fáil don mhúineadh, don fhoghlaim agus don mheasúnú sa seomra ranga. Pléifear na topaicí seo sa léiriú seo.
Beathaisnéis
Is léachtóir san Oideachas Eolaíochta i gColáiste na hOllscoile Corcaigh é Stephen Murphy. Is iarmhúinteoir Bitheolaíochta agus Ríomheolaíochta é.
An Buille Líofa: Na taibhealaíona don Ghaeilge labhartha – Oireachtas na Gaeilge
An Buille Líofa: Na taibhealaíona don Ghaeilge labhartha
Conas is féidir leis na healaíona béil Gaeilge shaibhir bheo a chur chun cinn i measc scoláirí iar-bhunscoile sa suíomh lán-Ghaeilge agus Gaeltachta?
Roinnfear eolas is foinsí saibhre cruthaitheacha le linn an tseisiúin chun cur le tuiscint na múinteoirí ar:
- conas gur féidir filíocht bhéil, lúibíní, ceoldrámaí, rap agus amhráin muinín, líofacht agus saibhreas teanga a fhorbairt sa Ghaeilge.
- samplaí praiticiúla simplí gur féidir a úsáid sa seomra ranga.
- na naisc idir an traidisiún béil agus foirmeacha comhaimseartha cainte.
- deiseanna tacaíochta agus comhoibrithe.
Tá an seisiún praiticiúil seo dírithe ar mhúinteoirí iar-bhunscoile a bhfuil suim acu na healaíona a chur chun cinn, ar chomhordaitheoirí idirbhliana agus ar éinne eile a bhfuil suim acu sa réimse seo.
Beathaisnéis
Is ceanneagraíocht é Oireachtas na Gaeilge atá tiomanta do dheiseanna úsáidte Gaeilge agus do bhunú gréasáin úsáidte Gaeilge. Reáchtálann Oireachtas na Gaeilge príomhfhéile bhliantúil na nGael, Oireachtas na Samhna, chomh maith le Comórtais Liteartha an Oireachtais, Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, Léacht Bhliantúil an Oireachtais agus a lán eile.
Is leas-phríomhoide í Siobhán Ní Mhuimhneacháin i Scoil Chúil Aodha, Barr d’Inse, i gCo. Chorcaí. Tá taithí aici ar a bheith ag múineadh i suíomh Gaeltachta chomh maith le suíomh Gaelscoile. Glacann sí páirt go rialta i gcomórtais ardáin an Oireachtais do dhaoine fásta, agus le roinnt blianta anuas, ullmhaíonn sí daltaí scoile do na comórtais lúibíní, agallamh beirte agus aithriseoireachta. Rinne sí eagarthóireacht ar an leabhar An tAgalllamh Muimhneach (2018) – bailiúcháin cuimsitheach d’agallaimh bheirte, lúibíní agus amhráin saothair. Scríobhann sí cuid mhór ábhar í féin – sceitsí, drámaí scoile agus dánta do leanaí san áireamh, agus foilsíodh úrscéal léi do leanaí dar teideal An Gadaí Dubh sa bhliain 2021. An bhliain chéanna bhuaigh sí duais liteartha an Oireachtais dá dráma nuascríofa, Díoltas na Sí. Tá cúrsaí samhraidh do mhúinteoirí tugtha ag Siobhán le roinnt blianta anuas faoi scáth COGG, agus aoicheardlanna tugtha aici in Ollscoil Mhá Nuad agus Coláiste na hOllscoile Corcaigh.
Grúpa Tacaíochta do bhunscoileanna a bhfuil stádas DEIS acu
Is spás é seo do phríomhoidí agus mhúinteoirí atá ag obair i scoileanna DEIS teacht le chéile le deiseanna agus dúshláin sa chomhthéacs DEIS lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a phlé. Beidh deis cleachtais, acmhainní is straitéisí éifeachtacha a mhalartú, mar aon le fadhbanna a réiteach trí chomheagna agus saineolas a roinnt.
Beathaisnéis
Is Príomhoide é Adrian Breathnach i nGaelscoil Pheig Sayers, bunscoil lán-Ghaeilge le stádas DEIS Banda Uirbeach 1, i tuaisceart Chathair Chorcaí.Beidh Ciara Ní Bhroin ó Gaeloideachas in éindí leis ag éascú an tseisiúin.
Cumarsáid le Suaimhneas: Uirlisí Práinneacha do Shláinte agus Folláine na Múinteoirí - Julie Gilbert
Cumarsáid le suaimhneas uirlisí práinneacha do shláinte agus d’fholláine na múinteoirí
“Is pribhléid é an brú,” a dúirt Billie Jean King — agus i gcúrsaí múinteoireachta, tagann cuid mhór den bhrú sin tríd an gcumarsáid: na comhráití laethúla le daltaí, le comhghleacaithe agus le tuismitheoirí. Nuair a bhraitheann na hidirghníomhaíochtaí seo deacair, is féidir leo ár bhfuinneamh agus ár bhfolláine a ídiú. Ach leis na huirlisí cearta, is féidir leis na cuimhneacháin bhrú chéanna a bheith ina ndeiseanna le haghaidh ceangail, soiléire agus fiú suaimhnis.
Sa cheardlann idirghníomhach folláine seo, déanfaidh múinteoirí straitéisí praiticiúla cumarsáide a iniúchadh atá bunaithe ar an tsíceolaíocht (NLP, CBT agus síceolaíocht eagraíochtúil). Le chéile, déanfaimid cleachtadh ar theicnící chun caidreamh a thógáil, dúshláin a athfhrámú, agus comhráite casta a láimhseáil le muinín. Fágfaidh tú an seisiún seo le 3–4 uirlis shimplí gur féidir leat a úsáid láithreach chun strus a laghdú, caidrimh a neartú, agus níos mó éascaíochta a thabhairt isteach i do lá múinteoireachta.
Beathaisnéis
Tá Céim Mháistreachta (MSc) ag Julie Gilbert sa tSíceolaíocht agus tá sí i mbun Céim Mháistreachta sa tSíceolaíocht Eagraíochtúil faoi láthair. Is comhairleoir NLP cáilithe í, cáilithe i dTeiripe Iompraíochta Cúthail (CBT), agus tá Teastas sa Mhachnamh aici. Tá 23 bliana taithí aici san oideachas, lena n-áirítear teagasc agus freastal mar Leas-Phríomhoide, le fócas láidir ar shláinte mheabhrach mhúinteoirí agus ar cheannaireacht scoile. Cuimsíonn a ceardlanna eolas acadúil le huirlisí praiticiúla chun cabhrú le hoibrithe oideachais naisc láidre a thógáil le daltaí, comhoibritheoirí, agus tuismitheoirí, ag cur le cumarsáid, rialú mothúchánach, agus scileanna caidrimh, agus ag cruthú timpeallachtaí foghlama suaimhneacha, spreagúla, agus éifeachtacha.
Forbairt suíomh idirlín scoile faoi scéim An Nead - Clare Spáinneach, Gaeloideachas
Seisiún eolais do scoileanna gur mian leo suíomh idirlín a fhorbairt ar bheagán costas faoi scéim An Nead, á riaradh ag Gaeloideachas agus i gcomhpháirt le The Upping Company.