Ag teacht le chéile do na scoileanna DEIS ag Tionól Forbartha 2025, chuala muid níos mó faoi Cleo, madra leitheoireachta a bhíonn ag cabhrú le scileanna litearthachta agus féinmhuinín na bpáistí i nGaelscoil Pheig Sayers, Corcaigh. Tá Cleo traenáilte le treoracha as Gaeilge a thuiscint. Rinneadh plé air seo le linn an tseisiúin agus conas ar féidir madraí den chineál seo a úsáid chun leasa phobal na scoile. Reading Dogs Ireland an dream a bhíonn i mbun na madraí léitheoireachta.

 

File Type: mp4
Categories: Ar scoil | Use in school, Bunscoil | Primary, Eolas | Information, Físeán | Video, Gaeilge amháin | Irish only, Múinteoir | Teacher
Tags: Disléicse | Dyslexia, RSO | Special education, Uathachas | Autism