Aighneacht a chuir Gaeloideachas isteach mar chuid den athbhreithniú ar an Scéim Socruithe Réasúnta ag Scrúduithe an Teastais Stáit (RACE), á riaradh ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit.

San aighneacht, dírítear ar shainriachtanais na hearnála lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, agus riachtanais scoláirí atá ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge agus a bhfuil na tacaíochtaí breise seo ag teastáil uathu. Tá sé mar bhunriachtanas agus ag croílár na hionchuimsitheachta go bhfuil scoláirí a fhoghlaimíonn trí mheán na Gaeilge, mar aon le scoláirí a bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga acu, in ann rochtain chothrom a fháil ar thacaíochtaí cuí agus ar shocruithe réasúnta agus iad i mbun scrúduithe Stáit. Ní mór do na tacaíochtaí seo a bheith curtha in oiriúint don chomhthéacs teanga, fianaisebhunaithe, agus tacú lena gnáthbhealach foghlama na scoláirí. Ní mór do gach tacaíocht a bheith curtha ar fáil gan mhoill chomh maith le himní agus strus a laghdú.

Dáta aighnithe: 7 Bealtaine 2026

File Type: pdf
Categories: Aighneacht | Submission, Gaeilge amháin | Irish only
Tags: RSO | Special education