Léiríonn Réamhthorthaí an Daonáirimh Ról Ríthábhachtach an Oideachais Lán-Ghaeilge ag méadú Líon na gCainteoirí Gaeilge

Is léiriú soiléir agus suntasach torthaí dhaonáireamh 2022, a fógraíodh an tseachtain seo ar thionchar an oideachais lán-Ghaeilge, dar le Gaeloideachas, eagraíocht náisiúnta abchóideachta agus tacaíochta scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta agus na naíonraí, lasmuigh den Ghaeltacht.  

Ceisteanna le n-ardú faoin luach atá á chur ar theagasc agus ar fhoghlaim na Gaeilge sa Creatchuraclam Bunscoile a foilsíodh inniu

“Le foilsiú an chéad chreatchuraclaim bunscoile riamh inniu, tá idir dhóchas do chur chuige nuálaíoch i leith seachadadh an churaclaim agus imní mór faoi laghdú stádais do theagasc agus foghlaim na Gaeilge sna bunscoileanna”, a deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas.

Bua mór don bhfeachtas i gcoinne chinneadh an Aire Oideachais Páipéar 1 Gaeilge na hArdteiste a scrúdú sa Chúigiú Bliain

Cuireann Gaeloideachas fáilte roimh an gcinneadh a fógraíodh inniu go dtarraingeofar siar an moladh go ndéanfar scrúdú ar Pháipéar 1 Gaeilge na hArdteiste ag deireadh an Chúigiú Bliain. Bhí Gaeloideachas in eindí le heagraíochtaí oideachais agus Gaeilge eile chun tosaigh sna díospóireachtaí conspóideacha seo, agus ag déanamh abhcóideachta ar son na scoláirí, a gcuid tuismitheoirí agus múinteoirí a bhí an-mhíshásta agus buartha faoin gcinneadh.

Páistí le Riachtanais Speisialta Oideachais – Deiseanna Forbartha agus Deiseanna Fáis sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta

Ag Comhdháil Gaeloideachas ar Riachtanais Speisialta Oideachais i bpáirt le COGG amárach, 24 Samhain 2022, tiocfaidh ionadaithe i láthair múinteoirí na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ó NEPS, NCSE, an Roinn Oideachais agus an Chigireacht chun ceisteanna atá ag déanamh imní do na múinteoirí sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a fhreagairt agus chun éisteacht le múinteoirí agus le saineolaithe eile atá ag obair sa chóras ó lá go lá.