Fáilte á cur roimh mhaoiniú breise faoi Scéim na gCúntóirí Teanga ag Gaeloideachas

Cuireann Gaeloideachas fáilte roimh fhógairt an mhaoinithe breise do bhunscoileanna Gaeltachta le huaireanta breise teagaisc a chur ar fáil faoi Scéim na gCúntóirí Teanga. D’fhógair an tAire Stáit don Ghaeltacht agus don Spórt, Jack Chambers, le déanaí go gceadófar ciste breise trí bliana faoin scéim ar fiú suas le €72,000.

Stráitéis Náisiúnta agus Tacaíochtaí Teanga ag teastáil le Tacú le Múinteoirí sa Chóras Tumoideachais

“Tacaíonn torthaí taighde a foilsíodh le déanaí maidir le dearcthaí, eispéiris agus tuairimí múinteoirí ábhair i nGaelcholáistí lenár dtuiscint go bhfuil dúshlán mór le heaspa líofachta agus easpa muiníne i measc múinteoirí a mhúineann ábhair eile trí mheán na Gaeilge sa chóras lán-Ghaeilge, dúshlán a chuireann isteach ar chleachtas teagaisc an ranga” a deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas.

Fáilte á chur ag Gaeloideachas roimh phlean nua do na Luathbhlianta, ach tacaíocht bhreise ag teastáil do Naíonraí

Cuireann Gaeloideachas fáilte roimh fhoilsiú dhá mór-phlean de chuid na Roinne Leanaí le tacú le hearnáil na luathbhlianta, a chinnteoidh infheistíocht mhéadaithe agus a chabhróidh le gairm an mhúinteora luathbhlianta a fhorbairt. Molann an eagraíocht, áfach, gur chóir tacaíocht ar leith a sholáthar do na naíonraí mar gheall ar na costais agus na dúshláin bhreise a bhaineann le seirbhís a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge.  

Preasráiteas: Tús maith leath na hoibre

Preasráiteas: Tús maith leath na hoibre

Tréaslaíonn Gaeloideachas leis an Roinn Oideachais agus leis an bhForas Taighde as foilsiú na tuarascála ar na scoileanna cás-staidéir sa Scéim Aitheantais Gaeltachta. “Is ábhar ceiliúrtha chomh mór céanna le hábhar machnaimh í an tuarascáil seo agus tugann sé ardú meanma dúinn go mbeidh forbairt shuntasach agus riachtanach á déanamh ar na scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ar an gcaoi céanna” – Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach