Léiríonn Réamhthorthaí an Daonáirimh Ról Ríthábhachtach an Oideachais Lán-Ghaeilge ag méadú Líon na gCainteoirí Gaeilge

Is léiriú soiléir agus suntasach torthaí dhaonáireamh 2022, a fógraíodh an tseachtain seo ar thionchar an oideachais lán-Ghaeilge, dar le Gaeloideachas, eagraíocht náisiúnta abchóideachta agus tacaíochta scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta agus na naíonraí, lasmuigh den Ghaeltacht.  

Tae agus Plé: Teacht le chéile do thuismitheoirí chun caint faoi eispéireas páistí agus teaghlaigh uathacha san oideachas lán-Ghaeilge

Tae agus Plé: Teacht le chéile do thuismitheoirí chun caint faoi eispéireas páistí agus teaghlaigh uathacha san oideachas lán-Ghaeilge

An bhfuil fonn ort bualadh le tuismitheoirí nó cúramóirí eile a bhfuil páistí uathacha acu atá ag freastal ar oideachas lán-Ghaeilge? Fáilte romhat chuig teacht le chéile neamhfhoirmiúil cairdiúil atá á eagrú ag Gaeloideachas i bpáirt le AsIAm ar an 14 Meitheamh ag...

Scéim Cáilíochta an Ionaid Tacaíochta Teaghlaigh 2023-2024

Tá an-fhás agus forbairt tagtha ar an ITT in Indreabhán le blianta beaga anuas, agus bíonn an-éileamh ar ár seirbhísí uileag. Táthar ag earcú oibrithe nua faoi láthair ach tá ganntanas oibrithe luathbhlianta san earnáil trí chéile.

Mar sin, is cúis áthais a fhógairt go bhfuil Scéim Cáilíochta an Ionaid Tacaíochta Teaghlaigh á seoladh le haghaidh 2023-2024. Scéim nua í seo a chuirfidh sparánacht ar fáil chun cáilíocht a bhaint amach i bhFoghlaim agus Cúram na Luath-Óige, cáilíocht a theastaíonn chun oibriú in ionad cúraim leanaí.