Bua mór don bhfeachtas i gcoinne chinneadh an Aire Oideachais Páipéar 1 Gaeilge na hArdteiste a scrúdú sa Chúigiú Bliain
Cuireann Gaeloideachas fáilte roimh an gcinneadh a fógraíodh inniu go dtarraingeofar siar an moladh go ndéanfar scrúdú ar Pháipéar 1 Gaeilge na hArdteiste ag deireadh an Chúigiú Bliain. Bhí Gaeloideachas in eindí le heagraíochtaí oideachais agus Gaeilge eile chun tosaigh sna díospóireachtaí conspóideacha seo, agus ag déanamh abhcóideachta ar son na scoláirí, a gcuid tuismitheoirí agus múinteoirí a bhí an-mhíshásta agus buartha faoin gcinneadh.
Oideachas lán-Ghaeilge – Easnaimh, Dúshláin agus Deiseanna
I ndiaidh roinnt blianta d’achainí ar an Roinn Oideachais, tá an-áthas ar Gaeloideachas go bhfuil tús curtha le forbairt pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge. “Céim fíorthábhachtach is ea forbairt pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht”, a deir...Stráitéis Náisiúnta agus Tacaíochtaí Teanga ag teastáil le Tacú le Múinteoirí sa Chóras Tumoideachais
“Tacaíonn torthaí taighde a foilsíodh le déanaí maidir le dearcthaí, eispéiris agus tuairimí múinteoirí ábhair i nGaelcholáistí lenár dtuiscint go bhfuil dúshlán mór le heaspa líofachta agus easpa muiníne i measc múinteoirí a mhúineann ábhair eile trí mheán na Gaeilge sa chóras lán-Ghaeilge, dúshlán a chuireann isteach ar chleachtas teagaisc an ranga” a deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas.

Scoil Sailearna
Polasaithe Fógra bliantúil maidir le ligean isteach Scoil Sailearna Foirm Chlárúcháin Scoil Sailearna 2022 2023 Sonraí Teagmhála Na hAille, Indreabhán, Co. na Gaillimhe, H91PW35 Príomhoide: Caitríona Uí Bhéarra Ríomhphost: eolas@scoilsailearna.ie Teileafón:...