Annual Conference

This page is available in Irish only.
Sábháil an dáta do 2026!
Tá ríméad orainn a fhógairt go mbeidh Tionól Forbartha 2026 ar siúl in Óstán Slieve Russell ar an 13 Samhain 2026.
Bí linn don ócáid fhíorspeisialta seo agus buail le do chuid comhghleacaithe le saincheisteanna a bhaineann leis an oideachas lán-Ghaeilge a phlé; dea-chleachtais a mhalartú; foghlaim óna chéile; acmhainní nua a thriail; smaointe cruthaitheacha nua a fháil; agus líonrú le pobal leathan oideachasóirí, taighdeoirí, agus baill foirne eile.
Clár 2026
Beidh réimse leathan cheardlann ar siúl don bhunleibhéal agus don iar-bhunleibhéal arís i mbliana agus fógrófar anseo é nuair a bheidh sé deimhnithe. Cliceáil anseo le breathnú ar an gclár a bhí ann i 2025.
Lóistín 2026
Bíonn éileamh ollmhór ar lóistín le linn an Tionóil Forbartha agus molann muid go láidir do dhaoine lóistín a shocrú chomh luath agus is féidir. Tá ráta speisialta ar fáil do thoscairí trí chód lascaine GAEL26 a úsáid agus caithfear é a chur in áirithe trí shuíomh an óstáin amháin. Tá breis eolais anseo.



