Our Board Members

Clodagh Ní Mhaoilchiaráin
Uachtarán
Príomhoide Ghaelscoil Bhaile Brigín, Cathaoirleach ar Choláiste Ghlór na Mara, Iarbhall de bhord COGG, Cathaoirleach fhochoiste RSO Gaeloideachas, Rúnaí agus Cisteoir Ógeagrais, Máistreacht san Oideachas Lán-Gaeilge agus Gaeltachta, ball den mheitheal oibre don churaclam teanga nua de chuid an CNCM.

Cormac Ó Tuairisg
Leas-uachtarán, Ionadaí Earnáil na mBunscoileanna Gaeltachta agus Cisteoir
Príomhoide Cúnta II i Scoil Éinne, An Spidéal. Ag múineadh le na mblianta fada anuas i scoileanna Gaeltachta agus gaelscoileanna. Ball de mheitheal oibre iar-innealtóir aerlonga. Baoil bord de Coiste Comhairleach Náisiúnta um Mheasúnú Náisiúnta agus Idirnáisiúnta. Iar Rúnaí agus Cisteoir na heagraíochta. Céim san Innealtóireacht Mheicniúil, Ard-Dioplóma san oideachas ó Coláiste Mhuire, Marino, Máistreacht san Oideachas, ó Choláiste Phádraig. Iar innealtóir aerloingseoireachta.

Patricia Uí Tharlaigh
Ionadaí Réigiún 1
Scoil Náisiúnta Gort an Choirce

Crios Hickson
Ionadaí Réigiún 2 agus Rúnaí an Bhoird
Múinteoir bunscoile agus Príomhoide Cúnta i nGaelscoil Phortlaoise. Comh maith le M. Sc. i mBainistíocht ar Oideachais & ar Thraenáil ó Ollscoil na Cathrach B.A.C., tá Ard Dioplóma i Dlí agus Oideachas ó Óstaí na Rí bainte amach aige.

Éabha Ní Chualáin
Ionadaí Réigiún 3
Príomhoide bunscoile i nGaeltacht Chonamara, agus amuigh ar iasacht ón scoil le blianta beaga anuas ar fhoireann Churaclam Teanga na Bunscoile le seirbhísí foghlama gairmiúla Oide. Taithí ag obair i ngach saghas scoil idir T1 agus T2. Mórshuim in athnuachan na Gaeilge, chomh maith le Riachtanais Bhreise Oideachais agus an measúnú sa bhunscoil. Teastas Iarchéime sa Staidéar ar an Uathachas, M.Oid san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

Máiréad Ní Chatháin Uí Chonchúir
Ionadaí Réigiún 4
Ciarraíoch bródúil, Múinteoir Bunscoile, Post Cúnta, Gaelscoil Lios Tuathail, Co. Chiarraí, le taithí fairsing ag múineadh sa chóras gaeloideachais. Máistreacht san Oideachas, san Oideachas Lán-Gaeilge agus Gaeltachta (M.Oid.), Dioplóma Iarchéime san Riachtanais Speisialta Oideachais (PGDSEN), agus Dioplóma Gairmiúil Iarchéime i gCeannaireacht Scoile (DGCS).

Gemma Ní Bhroin
Ionadaí Réigiún 5
Múinteoir meánscoile i gColáiste Pobail Osraí i gCill Chainnigh le 18 mbliana anuas. Is iad an Ghaeilge agus an Tíreolaíocht na hábhair atá aici. Bhain sí Máistreacht san Oideachas san Fhoghlaim Inniúlach, M.Ed (I.L.) amach in Ollscoil Mhá Nuad sa bhliain 2024.

Mary Ann Uí Dhuibhghiolla
Ionadaí Réigiún 6
Bainisteoir/múinteoir naíonra le breis agus dhá bhliain déag i Naíonra Lorcáin, Baile na Manach, Baile Átha Cliath. Múinteoir meánscoile tráth dá raibh (BA, Ardteastas san Oideachas agus MA san Oideachas). Tréimhse caite ar Bhord Stiúrtha Comhluadar.

Deborah Ní Cheallaigh
Ionadaí Earnáil na nIar-bhunscoileanna
Múinteoir i bhFeighil ar Aonad Loch Gile, Sligeach. Múinteoir meánscoile le taithí fairsing ag múineadh sa chóras gaeloideachais ó 2010. Is Oideachasóir Oirirce Apple í ó 2015 agus is iarbhall í den Bhord Comhairleach Oideachasóirí Oirirce Apple (EMEIA). Iartheagascóir don Mhatamaitic leis an M.G.O le hOllscoil na Gaillimhe.

Déaglán Ó Laoire
Ionadaí Earnáil na nIar-bhunscoileanna
Príomhoide i gColáiste Ráithín, Bré. Múscraíoch ó dhúchas, a chaith seal fada ag múineadh Gaeilge i mBleá Cliath. BA sa Ghaeilge agus Iarchéim san Oideachas, bhain sé MA sa Cheannaireacht Scoile amach i 2016. Bronnadh na gradam uilig air in Ollscoil Mhá Nuad.

Neasa Ní Mhurchadha
Ionadaí Earnáil na mBunscoileanna Gaeltachta
As Rinn Ua gCuanach i nGaeltacht na nDéise ó dhúchais. Í ag múineadh i Scoil Náisiúnta na Rinne le breis is deich mbliana. Máistreacht san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta (M.Oid) bainte amach aici.

Seán Seosamh Mac Íomhair
Ionadaí Earnáil na mBunscoileanna Gaeltachta
Príomhoide Scoil Mhuire Na Doirí Beaga.

Colmán Ó Drisceoil
Ionadaí Earnáil na mBunscoileanna lasmuigh den Ghaeltacht
Príomhoide agus iarscoláire le Scoil Lorcáin, Baile na Manach, Co. Bhaile Átha Cliath. Cathaoirleach ar Naíonra Lorcáin. Oiliúnaí Camógaíochta agus Iomána le Fochumann Cuala C.L.G. Deilginis. Cuairteoir go hOileán Chléire, Co. Chorcaí.

Bernard Ó Cathmhaoil
Ionadaí Earnáil na mBunscoileanna lasmuigh den Ghaeltacht
Príomhoide Scoil Rois, Carraig Mhachaire Rois, Co. Mhuineacháin. M.Oid san Oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

Evelyn Ní Raghaill
Stiúrthóir Chomhthofa
Múinteoir iarbhunscoile ó 1999 agus múinteoir i bhfeighil ar Choláiste na Tulchann, Aonad lán-Ghaeilge Choláiste Pobail Bhaile Lotrail i mBÁC 15 ó 2018. Iarphríomhoide ar chúrsaí samhraidh Choláiste UISCE agus bainisteoir oideachais le suim sa phleanáil teanga do dhéagóirí. M.Oid san Oideachas Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge i measc na gcáilíochtaí iarchéime.

Daithí Ó Cinnéide
Stiúrthóir Chomhthofa
Múinteoir Iarbhunscoile Gaeltachta i Scoil Phobail Mhic Dara, Carna, Co. na Gaillimhe le breise is deich mbliana. Is iad an Ghaeilge agus Ceol na hábhair atá aige. Bhain sé B.A. (Gaeilge agus Ceol) agus M.A. sa Nua-Ghaeilge, M.Oid san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Iartheagascóir le Modheolaíochtaí Ceoil ar an M.G.O. in Ollscoil na Gaillimhe. Iarléachtóir ar an Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach in Ollscoil Luimnigh.