Acmhainní COVID-19
Tá súil againn go bhfuil sibh go maith agus go bhfuil sibh ag súil le filleadh ar scoil, cé go mbeidh sé éagsúil i mbliana. Tuigeann muid go bhfuil sibh ag ullmhú agus ag réiteach na scoileanna i láthair na huaire.
Tá comharthaí Gaeilge a bhaineann le COVID-19 ar fáil anois óna na naisc thíos. Seo iad na comharthaí oifigiúla atá ar fáil ón tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta, féach anseo. Is féidir na comharthaí seo a chur ar aghaidh go clódóirí le priontáil do scoil.
Is féidir teacht ar thuilleadh acmhainní maidir le COVID-19 ag na naisc seo:
- Acmhainní bailithe ag Gaeloideachas: https://gaeloideachas.ie/covid-19-eolas-acmhainni/?lang=ga
- Acmhainní ón FSS: roinnt acu i nGaeilge: https://www.hse.ie/eng/services/news/newsfeatures/covid19-updates/partner-resources/
- Acmhainní ón rialtas: https://www.gov.ie/en/collection/ee0781-covid-19-posters-for-public-use/
- Acmhainní ón Roinn Oideachais agus Scileanna: https://www.education.ie/ga/An-Roinn/Fogra%C3%AD/comhairle-o-fss-maidir-le-coronavirus.html
Má tá aon cheist agat i leith COVID-19 agus filleadh ar scoil, is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag eolas@gaeloideachas.ie