Acmhainní do Thús na Scoilbhliana

Tá neart acmhainní ag Gaeloideachas ar féidir le scoileanna a chur ar fáil do thuismitheoirí nua. Tá formhór na leabhrán ar fáil i bhfoirm PDF i Leabharlann Gaeloideachas – ní gá ach “tuismitheoir” a roghnú mar úsáideoir, agus cuardach a dhéanamh ansin.
Tá fáilte mhór roimh scoileanna a bhfuil ballraíocht acu le Gaeloideachas cóipeanna crua a ordú saor in aisce trí Siopa Gaeloideachas am ar bith freisin.
Déan Comhrá: Bíonn an-tóir ar an leabhar Déan Comhrá atá dírithe ar thuismitheoirí & chaomhnóirí. Tá sé lán le foclóir úsáideach agus frásaí simplí praiticiúla ar féidir leis an teaghlach a shní isteach ina saol laethúil. Tá seinnliosta ar chainéal Youtube Gaeloideachas a théann leis an leabhar.
Seinnliostaí eile ar chainéal Youtube Gaeloideachas atá úsáideach do thuismitheoirí:
Oideachas Lán-Ghaeilge ag an mBunleibhéal & Iar -bhunleibhéal
Ábhar léitheoireachta do Thuismitheoirí