Acmhainní nua ar fáil ón gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta
Tá go leor acmhainní nua Gaeilge ar fáil ón gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) chun tacú le scoileanna agus múinteoirí clár samhraidh scoilbhunaithe a sholáthar. Cabhróidh na hacmhainní seo le múinteoirí díriú ar scileanna agus riachtanais foghlama thábhachtacha le linn na gclár agus tacóidh siad le folláine na scoláirí freisin.
Tacóidh siad le scoileanna agus múinteoirí comhoibriú le tuismitheoirí agus scoláirí chun clár samhraidh scoilbhunaithe a phleanáil agus a chur i bhfeidhm ina mbeidh gach scoláire ag foghlaim i mbealach spraíúil, fiúntach agus mealltach.
Tá roinnt mhaith de na hacmhainní ar fáil in Úcráinis agus sa Rúisis chomh maith. Tá acmhainní Gaeilge ar fáil faoi na mórtheidil éagsúla ar an leathnach seo.