Acmhainní úrnua i nGaeilge do pháistí agus daoine óga a bhfuil uathachas orthu

Apr 13, 2021

Seoladh Acmhainní AsIAm

Tá an-áthas ar Gaeloideachas bheith in ann cur leis an réimse tacaíochtaí atá ar fáil do pháistí agus daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, go háirithe do pháistí agus daoine óga a bhfuil uathachas orthu.

Tá sé an-tráthúil go bhfuil leagan Gaeilge de 22 acmhainn éagsúla de chuid na heagraíochta AsIAm forbartha agus curtha ar fáil ag Gaeloideachas anois i lár Mhí Feasachta an Uathachais. Is acmhainní iad seo chun tacú le páistí agus daoine óga a bhfuil uathachas orthu barr a gcumais a bhaint amach sa naíonra nó ar scoil. Cabhróidh na hacmhainní seo le múinteoirí agus le scoláirí eile riachtanais pháistí agus daoine óga a bhfuil uathachas orthu a thuiscint níos fearr. Tá sé an-tábhachtach go bhfuil na hacmhainní seo anois ar fáil i nGaeilge, teanga chumarsáide agus foghlama na ndaoine óga seo ar bhonn laethúil.

I measc na n-acmhainní, tá póstaeir, leabhráin, bileoga oibre, seicliostaí don timpeallacht agus pas do naíonraí chun cabhrú leis an aistriú chun na scoile san áireamh. Tá Gaeloideachas thar a bheith buíoch d’AsIAm a thug faoin gcomhpháirtíocht seo linn go fonnmhar agus tá muid ag súil go mór le leanúint le deiseanna comhoibrithe eile leo amach anseo. Ní hamháin go mbeidh na hacmhainní seo thar a bheith úsáideach do pháistí agus daoine óga a bhfuil uathachas orthu sa chóras, ach rachaidh siad chun leasa gach éinne sa chóras oideachais agus cabhróidh siad le feasacht i leith an uathachais a ardú ó leibhéal an naíonra ar aghaidh. Is iomaí páiste atá ag freastal ar an gcóras oideachais lán-Ghaeilge nó Gaeltachta agus táimid ríméadach gur féidir linn acmhainní den chéad scoth a chur ar fáil dóibh, dá múinteoirí agus dá muintir trí Ghaeilge.

Tá na hacmhainní ar fáil i bhfoirm PDF le híoslódáil ag bun an leathanaigh seo. Tabhair faoi deara nach bhfuil gach ceann ar fáil i bhfoirm clóite. Le cóipeanna a ordú díobbh siúd atá i gcló, ní gá ach an fhoirm thíos a chomhlánú. Tá leagan Béarla de na hacmhainní ar fáil ar shuíomh AsIAm.

Ordaigh ábhar clóite | Order printed copies (AsIAm)

  • Acmhainní do pháistí agus daoine óga le huathachas

    Note re bulk orders for naíonraí and schools

    Níl ach stoc teoranta den ábhar thíos againn, faraor. Tá cóipeanna bog de gach rud ar fáil le híoslódáil ar an suíomh agus tá cead cóipeanna a chló neamhspleách orainn, ach níl aon chead na foilseacháin a leasú.

    Cuirfear cóipeanna crua ar fáil do:
    1. naíonraí a roinn staitisticí reatha linn (uasmhéid bunaithe ar líon na bpáistí sa naíonra)
    2. scoileanna le ballraíocht reatha (uasmhéid bunaithe ar líon na ndaltaí sna ranganna tosaigh)
    3. tuismitheoirí (cóip amháin)
    4. eagraíochtaí, grúpaí pobail, srl. (cóip amháin)
  • Líon de dhíth | Number required
  • Líon de dhíth | Number required
  • Líon de dhíth | Number required
  • Líon de dhíth | Number required
  • Líon de dhíth | Number required

Acmhainn

Cur Síos

Fúm Féin

Leabhar oibre do scoláirí (ar fáil i bhfoirm chlóite)

I mBun Aistrithe – A bhfuil scoláirí ag súil leis Bileog oibre – I mbun aistrithe (PDF amháin)
Feidhmiúcháin – Ag ullmhú don scoil – Céard a bheidh ag teastáil uaim Bileog oibre – Feidhmiú feidhmiúcháin (PDF only)
Cumarsáid Shóisialta – An féidir leat cabhrú le Alex Bileog oibre – Scileanna cumarsáide agus sóisialta (PDF amháin)
Buanna – Rudaí a bhfuilim go maith acu Bileog oibre – Cur chuige buanna (PDF amháin)
Buanna – Fúm Féin Bileog oibre – Cur chuige buanna (PDF amháin)
Buanna – Ag smaoineamh faoin gcaoi a bhfoghlaimím rudaí Bileog oibre – Cur chuige buanna (PDF amháin)
Bainistiú Ama – Mo chuid ama a úsáid ar bhealach atá cliste Bileog oibre – Feidhmiú feidhmiúcháin (PDF amháin)
Ag breathnú ar an am scáileáin atá agam Bileog oibre – Féinchúram (PDF amháin)
Acmhainní ón gClár Bridge Back to School – le chéile Acmhainní uile an chláir Bridge Back to School le chéile (PDF amháin)
Sláinte Shóisialta agus Mhothúchánach – Teirmiméadar Mothúchánach Bileog oibre – Féinrialúchán (PDF amháin)
Táimid uilig Éagsúil – Bileog oibre don bhunscoil Bileog oibre bhunscoile (PDF amháin)
Seicliosta maidir leis an Timpeallacht Céadfaí Seicliosta timpeallacha do mhúinteoirí (ar fáil i bhfoirm chlóite)
Seicliosta don mhála scoile Seicliosta do scoláirí (PDF amháin)
I mBun Aistrithe – Céard faoi má tharlaíonn Bileog oibre – I mbun aistrithe (PDF amháin)
I mBun Aistrithe – Na rudaí a bhfuilim ag súil leo Bileog oibre – I mbun aistrithe (PDF amháin)
Leideanna Amhairc a bhaineann le sceidealú Bileog oibre – Feidhmiú feidhmiúcháin (PDF amháin)
Mo Phas Réamhscoile My Preschool Passport Pas do thuismitheoirí agus mhúinteoirí (ar fáil i bhfoirm chlóite)
Póstaer – Ba mhaith liom go dtuigfeadh scoláirí nithe seo faoin uathachas Póstaer (ar fáil i bhfoirm chlóite)
Póstaer – Bealaí chun do scoil a dhéanamh báúil leis an uathachas Póstaer (ar fáil i bhfoirm chlóite)
Próifíl Céadfaí an Scoláire Bileog oibre – Féinrialúchán (PDF amháin)
Réimse Iompar Bileog oibre – Féinrialúchán (PDF amháin)
Rialacha na Scoile Bileog oibre – I mbun aistrithe (PDF amháin)