Ag Aistriú: Caint Phraiticiúil do Thuismitheoirí agus Chaomhnóirí
Ar Aghaidh Linn! Ag Aistriú ón Naíonra go dtí an Ghaelscoil nó Bhunscoil Ghaeltachta – Caint Phraiticiúil do Thuismitheoirí agus Chaomhnóirí
An bhfuil do mhac nó iníon ag tosú sa Ghaelscoil nó Bhunscoil Ghaeltachta i mbliana? Is céim mhór agus cloch mhíle an-tábhachtach do pháistí óga agus a dtuismitheoirí í seo. Tabharfaidh caint phraiticiúil Gaeloideachas ar an 1 Iúil go leor comhairle phraiticiúil agus nodanna úsáideacha duit maidir le conas do pháiste a ullmhú dá c(h)éad lá sa scoil lán-Ghaeilge. Roinnfidh muid roinnt acmhainní suimiúla do thuismitheoirí atá ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge féin, nodanna maidir le cabhrú leis an obair bhaile agus bealaí le tacú le do pháiste aistriú sona a dhéanamh idir an naíonra agus an bhunscoil.
Tá an chaint seo feiliúnach do thuismitheoirí a mbeidh páiste leo ag tosú ar an nGaelscoil nó bhunscoil Ghaeltachta an fómhar seo. Beidh an seisiún feiliúnach do chuile thuismitheoir, is cuma cén leibhéal líofachta atá acu sa teanga. Is iad Niamh Ní Chadhla, Príomhoide Ghaelscoil Chill Dara, agus Máire Uí Mhurchú, saineolaí sna luathbhlianta agus iar-Stiúrthóir Naíonra Neasáin, a bheas ag éascú an tseisiúin seo. Tabharfaidh Niamh agus Máire leideanna agus comhairle phraiticiúil ar na nithe seo a leanas:
- Cén chaoi cabhrú le do pháiste tús dearfach a bheith acu sa bhunscoil
- Céard iad na gníomhaíochtaí spraíúla praiticiúla a bhféadfaí a dhéanamh le linn an tsamhradh le tacú le do páiste agus é no í ag ullmhú do na Naíonáin Sóisir i suíomh lán-Ghaeilge
- Cén ról atá agatsa mar thuismitheoir do pháiste a spreagadh, is cuma cén leibhéal líofachta atá agat sa Ghaeilge
- Bealaí le níos mó Gaeilge a úsáid sa bhaile
- Cén cúnamh agus tacaíochtaí atá ar fáil
Tá an cheardlann seo saor in aisce, ach tá spásanna teoranta ar fáil
Má tá aon cheisteanna agat, tá fáilte romhat teagmháil a dhéanamh linn ag ciara@gaeloideachas.ie Ná déan dearmad an bosca turscair nó margaíochta a sheiceáil don nasc Zoom níos giorra don am.
Oops! We could not locate your form.