Ag tacú le daltaí a bhfuil disléicse orthu sa bhunscoil, 26 Aibreán 2021
Téama: Conas tacú le daltaí a bhfuil disléicse orthu sa bhunscoil lán-Ghaeilge agus Ghaeltachta
Dírithe ar: Múinteoirí agus príomhoidí bunscoile
Am agus áit: 26 Aibreán 2021, 16.00, Zoom
Aoichainteoirí: Anna Ní Chartúir, Scoil Sailearna, Carmel Nic Airt agus Máire Ní Chróinín, Gaelscoil Mhíchíl Uí Choileáin (breis eolais le teacht)
Anna Ní Chartúir, Scoil Sailearna
Is múinteoir tacaíochta foghlama agus comhordaitheoir riachtanais speisialta oideachais í Anna Ní Chartúir i Scoil Sailearna, Indreabhán, áit a bhfuil sí ag múineadh ó 2016. Chaith sí trí bliana déag ina príomhoide i Scoil Leitir Mucú i gCinn Mhara agus seacht mbliana ag forbairt áiseanna teagaisc faoi stiúir na Roinne Oideachais don chúrsa Séideán Sí. Bhain sí máistreacht amach i ‘Modhanna Teagaisc Teangacha’ le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh, in 2006. Rinne sí ionadaíocht ar scoileanna Gaeltachta ar choistí éagsúla; COGG, Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta, agus Coiste Teanga an CNCM. Is ionadaí ar Fhóram NCSE agus ar Bhord Gaeloideachas í faoi láthair.
Máire Ní Chróinín, Gaelscoil Mhichíl Uí Choileáin
Is múinteoir bunscoile í Máire i nGaelscoil Mhichíl Uí Choileáin, Corcaigh. Tá Máire mar chomhordaitheoir ar riachtanais oideachais speisialta sa scoil. Chaith sí roinnt bliana ag múineadh ranganna éagsúla sular bhog sí go tacaíocht foghlama is achmhainn in 2003. Tá sí ag eagrú is ag stiúradh an chláir tacaíochta ó shin. Tá taithí forleathan aici ar riachtanais speisialta thar na blianta agus an-chuid chúrsaí déanta aici.
Tá an clárúchán don seimineár dúnta anois. Coinnigh súil ar an suíomh don taifead den ócáid seo.