Ag Tosú Sa Naíonra

Is athrú mór agus cloch mhíle an-tábhachtach i saol an pháiste tosú ar an naíonra. Gach seans go bhfuil sé nó sí ar bís le tosú ach beagáinín beag neirbhíseach ag an am céanna. Caithfidh sé nó sí dul i dtaithí ar áit nua, ar mhúinteoir nua, ar ghnáthamh nua agus ar chairde nua. Tá an chéad chúpla seachtain sa naíonra an-tábhachtach. Nuair atá tús dearfach spraíúil ag an bpáiste sa naíonra, cabhróidh sé leis nó léi bheith compordach, ar a s(h)uaimhneas agus sona ann go fadtéarmach.
Le roinnt bheag ullmhúcháin agus spreagadh uait, socróidh do pháiste isteach go luath. Seo cúpla nod don tuismitheoir a bhfuil Gaeilge aige nó aici (tá noda do thuismitheoirí nach bhfuil Gaeilge acu sa leagan Béarla den mhír seo):
Bí dearfach
Léirigh do do pháiste go bhfuil tú ag tnúth go mór leo tosú sa naíonra. Cabhróidh sé seo leis an bpáiste bheith ar bís faoina bhfuil os a c(h)omhair. Bí muiníneach as an gcinneadh atá déanta agat maidir le hoideachas luathbhlianta do pháiste agus meabhraigh duit féin cé na cúiseanna ar roghnaigh tú an naíonra áirithe seo dó nó di.
Léigh arís maidir le buntáistí an tumoideachais lán-Ghaeilge do gach páiste. Cabhróidh an naíonra le cumas Gaeilge do pháiste a shaibhriú agus tógáil ar an méid atá sealbhaithe acu sa bhaile. Cuirfidh sé lena scileanna cumarsáide, tuisceana, ceistiúcháin agus anailíse freisin. Cabhróidh do mhuinín agus meon dearfach le do pháiste bheith ar a s(h)uaimhneas agus muiníneach don chéad lá.
Bí ag caint
Tá sé an-tábhachtach caint go dearfach faoin naíonra le do pháiste agus na rudaí éagsúla a bheidh ar siúl aige nó aici ann. Tugann sé seo deis don pháiste caint faoi na rudaí a bhfuil sé nó sí ar bís fúthu agus aon ní eile atá ag cur imní air nó uirthi a phlé.
Cuir béim ar na nithe taitneamhacha a bhaineann le saol an naíonra: cairde nua, gníomhaíochtaí spraíúla, scéalta, amhráin agus cluichí nua. Go minic bíonn leabhrán ag an naíonra a mhíníonn na gníomhaíochtaí éagsúla a bheas ar siúl ó lá go lá. Cabhróidh sé le do pháiste fhios a bheith acu roimh ré cén leagan amach a bheas ar an lá agus cathain a mbeidh sé nó sí ag dul abhaile.
An chéad lá
Beidh polasaí um socrú isteach ag an naíonra. Déan cinnte go dtuigeann tú céard atá ann agus nósanna imeachta an naíonra le cabhrú leis an bpáiste socrú isteach. Go minic bíonn cead ag na páistí an bréagán nó teidí is fearr leo, grianghraf speisialta nó blaincéad a thabhairt isteach chuig an naíonra. Cabhraíonn rud éigin den chineál seo ón mbaile leo socrú isteach agus bheith ar a suaimhneas.
Ar an gcéad lá, tá sé tábhachtach go gcaitheann do pháiste éadaí compordacha gur féidir leis nó léi spraoi agus bogadh timpeall go héasca iontu- éadaí nach bhfuil imní air nó uirthi péint, gealra, gaineamh nó láib a bheith orthu. Ba chóir an naíonra a shroicheadh go luath ionas go mbeidh sibh ar bhur suaimhneas ag dul isteach. Bíonn cead ag tuismitheoirí fanacht ar feadh tréimhse áirithe. Mínigh é seo don pháiste roimh ré agus abair leis nó léi go mbeidh tú ag fágáil ansin. Ná déan dearmad slán a rá le do pháiste agus tú ag fágáil agus a rá leis nó léi cathain a mbeidh tú ar ais. Moltar do thuismitheoirí gan an naíonra a fhágáil gan slán a rá lena bpáistí mar d’fhéadfadh sé cur isteach orthu.
Tá gach páiste éagsúil dar ndóigh agus tógann sé méid éagsúil ama orthu ar fad socrú isteach. Socraíonn roinnt páistí isteach láithreach bonn agus bíonn siad ar bís le filleadh an lá dár gcionn. Tógann sé níos mó ama do pháistí eile, áfach, agus tá sé seo iomlán nádúrtha freisin. Bí foighneach leis seo agus labhair leis an múinteoir naíonra má tá imní ort. Beidh do pháiste tuirseach tar éis a c(h)éad lá ag sú na nithe nua ar fad isteach agus gach seans go mbeidh breis codlata agus scíthe ag teastáil ná mar is gnách ag deireadh an lae.
Bí ag léamh
Is cuma cén teanga ina bhfuil tú á dhéanamh, tá sé tábhachtach nós na léitheoireachta agus grá do leabhair a chothú trí leabhair a léamh sa bhaile le do pháiste. Tá leabhair phictiúr an-mhaith freisin le cur le scileanna cainte agus le comhrá a spreagadh – is féidir caint faoi na pictiúir go spraíúil le chéile. Glac sealanna – is féidir leis an bpáiste féin leabhar gan focal a léamh, agus is féidir leat sult a bhaint as an scéal a insíonn sé/sí. Seo meascán leabhar atá oiriúnach do pháistí óga mar thúsphointe, b’fhéidir go mbeadh suim ag do pháiste ceann nó dhó a léamh roimh dheireadh an tsamhraidh agus cinn eile a léamh le linn na bliana féin: Ainmhithe sa Teas, An Coileach Codlatach, An Gabhar a Raibh An-Ocras Go Deo Air, An Garbhán, Bíonn Carló ag Léamh, Bronntanas do Mhamaí, Cá bhfuil Teidí?, Cáca don Rí, Caitlín agus Cormac: An Chóisir, Dónall an Chlúimh Agus An-Ocras Air!, Is Breá le Lúlú an Leabharlann, Lísín – Ní Banphrionsa Mé!, Oisín ar an bPota, Ruairí agus Úna sa Naíonra, agus Ulchabháin Óga. Tá neart eile ar fáil ón Siopa Leabhar, Cló Iar Chonnacht, Futa Fata, Údar.ie agus na soláthróirí eile leabhar.
Bí ag spraoi
Beidh do pháiste ag foghlaim go leor rudaí nua trí mhodh an tsúgartha sa naíonra. Más féidir leis nó léi bualadh agus spraoi le páistí eile, cabhróidh sé leis nó léi dul i dtaithí ar bhréagáin a roinnt agus babhtáil ar a chéile. Cabhraíonn an spraoi leis nó léi scileanna luaile, cumarsáide, cruthaitheachta agus fiosrachta a fhorbairt agus teacht ar thuiscintí nua ar an saol mórthimpeall air nó uirthi.
Tá go leor bealaí le spraoi a bheith agaibh tríd an nGaeilge sa bhaile, fiú murab í an Ghaeilge an phríomhtheanga atá agaibh sa bhaile cheana féin. Is féidir éisteacht le rainn nó amhráin Ghaeilge le chéile, breathnú ar chláir do pháistí ar TG4 nó ar fhíseáin spraíúla ar líne, cluichí Gaeilge a imirt agus freastal ar imeachtaí do theaghlaigh le Gaeilge. Tá rogha mhór ann agus beidh do pháiste ag foghlaim i ngan fhios dó nó di féin agus é nó í ag tógáil ar a stór focal, scileanna litearthachta agus teanga de réir a chéile.
Tá seinnliosta amhráin ag Gaeloideachas a bhféadfaí a chur ar siúl sa bhaile chomh maith: Seinnliosta Gaeloideachas
Lorg comhluadar
Bealach álainn le bualadh le teaghlaigh eile le Gaeilge ná freastal ar PopUp Gaeltacht na nÓg nó imeachtaí a chuireann eagraíochtaí éagsúla Gaeilge ar siúl timpeall na tíre – Glór na nGael, Gael Taca, Tuismitheoirí na Gaeltachta, Muintearas agus An Carn ina measc. Feicfidh do pháiste go bhfuil go leor daoine eile timpeall orthu a bhfuil Gaeilge acu. Eagraíonn Mother Tongues go leor imeachtaí, seisiúin eolais agus ceardlanna do theaghlaigh ilteangacha – b’fhiú breathnú ar a bhfuil ar siúl acu ar www.mothertongues.ie.
Ná déan dearmad go bhfuil an-taithí ag an na múinteoirí agus foireann uile an naíonra air seo gach bliain. Tabharfar an-aire do do pháiste agus déanfar gach iarracht cabhrú leis nó léi socrú isteach go han-tapa. Luaigh aon ábhar imní leis an múinteoir naíonra nó déan teagmháil le Gaeloideachas ar 01 8535195 nó eolas@gaeloideachas.ie má tá aon cheist agat maidir leis an tumoideachas nó maidir leis an oideachas lán-Ghaeilge i gcoitinne. Go n-éirí go geal libh!
Acmhainní ar líne
Tá acmhainní teanga dírithe ar thuismitheoirí ar fáil ar ár suíomh IrishforParents.ie. Tá stór focal, físeáin agus go leor acmhainní cabhracha eile don bhfoghlaim neamhspleách ar an suíomh.
Má tá sibh ag iarraidh níos mó Gaeilge a úsáid sa bhaile, b’fhiú siúl a chaitheamh ar Déan Comhrá, leabhrán praiticiúil frásaí agus foclóra. Tá an leabhrán roinnte de réir téamaí: ábhair scoile, an teaghlach, timpeall an tí, etc. Tá frásaí úsáideacha ann freisin má tá tú ag iarraidh nóta i nGaeilge a scríobh chuig múinteoirnaíonra.
Tá Foclóir.ie an-úsáideach le teacht ar an leagan Gaeilge d’fhocail nó frásaí, éisteacht le foghraíocht agus breis eolais i dtaobh na gramadaí a fháil. Tá aip acu freisin a bhféadfá a shuiteáil ar d’fhón. Tá Téarma.ie an-chabhrach freisin, go háirithe má tá saintéarma faoi leith ag teastáil.