Agóid Fhíorúil Na Luathbhlianta 2021

Feb 5, 2021

Seas Le Naíonraí (Suíomh)

Beidh agóid na luathbhlianta ag Big Start Ireland ar siúl go fíorúil ar na meáin shóisialta ar fad ó 1pm inniu, 5 Feabhra 2021.

Tacaíonn Gaeloideachas leis na naíonraí! Más múinteoir nó tuismitheoirí nó tacadóir leis an nGaeilge thú, tá lán-fáilte romhat bheith rannpháirteach ach na treoracha thíos a leanúint: 

  • Caith rud éigin dearg
  • Dear póstaer ag léiriú mianta an naíonra don rialtas
  • Cuirigí grianghraif ar na meáin shóisialta leis na haischlibeanna #MeasDoLuathbhlianta & #ValueEarlyYears

Feicfimid ann sibh, ar Facebook, Instagram agus Twitter!