Aighneacht Gaeloideachas do Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge maidir leis an ngéarchéim sna naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht

May 27, 2024

Chuir Gaeloideachas an aighneacht thíos faoi bhráid an Chomhchoiste ar iarratas uathu ar an 24 Bealtaine 2024. 

Réamhrá

A Theachtaí agus a Sheanadóirí, a chairde,

Gabhaim buíochas libh as an deis scríobh chugaibh maidir le cás na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht agus na moltaí atá ag Gaeloideachas maidir le tacú leo.

Sainmhíniú Gaeloideachas ar cad is naíonra ann ná suíomh luath-thumoideachais do pháistí faoi chúram múinteoir luathbhlianta. Is trí mhodh an tsúgartha trí mheán na Gaeilge a fhoghlaimíonn na páistí sa naíonra.

San earnáil oideachais lán-Ghaeilge, aithnítear naíonraí mar bhunchloch an chóras tumoideachais, agus, lasmuigh den Ghaeltacht, bíonn siad go minic mar an chéad teagmháil a bhíonn ag páistí leis an nGaeilge. Aidhmeanna an naíonra ná:

  • Forbairt iomlán an pháiste a chothú sna luathbhlianta
  • Cabhrú le páistí atá á dtógáil le Gaeilge luathoideachas a fháil ina dteanga féin agus an teanga sin a shaibhriú
  • Cabhrú le páistí gan Ghaeilge an dara teanga a shealbhú go nádúrtha

Fís Gaeloideachas ná go mbeidh spás i naíonra áitiúil ar fáil do gach páiste, agus go mbeidh luath-thumoideachas ar ardchaighdeán á sholáthar dóibh. Faraor, ceal aitheantas agus tacaíochtaí cuí ón Stát, tá todhchaí na naíonraí i mbaol.

Ról Gaeloideachas

Is eagraíocht dheonach náisiúnta í Gaeloideachas a thacaíonn le forbairt an oideachas lán-Ghaeilge. Bunaíodh í mar Gaelscoileanna in 1973 le tacú le bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Ó shin, leathnaíodh ról na heagraíochta agus cuireann sí seirbhísí tacaíochta ar fáil anois do scoileanna Gaeltachta agus do naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht chomh maith. Faigheann Gaeloideachas maoiniú ó Foras na Gaeilge mar cheanneagraíocht sa réimse tumoideachas agus réamhscolaíocht lán-Ghaeilge. I measc feidhmeanna na heagraíochta tá

Tacaíocht agus abhcóideacht thar cheann pobal na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht chun struchtúir chuí a mholadh don Stát agus na páirtithe cuí, a thacóidh le soláthar iomlán trí mheán na Gaeilge atá ag freastal ar riachtanais na bpobail agus a éascóidh seirbhísí luathbhlianta den scoth trí mheán na Gaeilge.

Is balleagraíocht í Gaeloideachas, agus tá ballraíocht ceadaithe do naíonraí lonnaithe lasmuigh den Ghaeltacht sna 26 chontae a dheimhníonn go bhfuil siad ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge. 12 naíonra atá mar bhaill reatha ag an eagraíocht. Níl aon ról ag Gaeloideachas mar a bhaineann le bainistíocht, dearbhú cáilíochta nó cigireacht ar naíonraí, agus ní leor an maoiniú nó an t-allúntas foirne atá ag an eagraíocht le seirbhís chuimsitheach tacaíochta a chur ar fáil do naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht.

Naíonraí a aithint

Ní thagann naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht faoi scáth-eagraíocht bhainistíochta, mar a thagann an formhór sa Ghaeltacht faoi Comhar Naíonraí na Gaeltachta. Lasmuigh den Ghaeltacht, is meascán iad de ghnólachtaí príobháideacha agus gnólachtaí pobail le coistí bainistíochta neamhspleácha. Tagann siad faoi na rialacháin céanna is a dtagann na seirbhísí luathbhlianta meán-Bhéarla agus tá na scéimeanna agus tacaíochtaí céanna ar fáil dóibh. Ní fhaigheann siad aon tacaíocht bhreise ó na forais Stáit, cé go bhfuil riachtanais bhreise acu mar suíomhanna luath-thumoideachais.

Is bun fhadhb é nach bhfuil meicníocht ag an Stát le stádas uathúil an naíonra mar shuíomh luath-thumoideachais a aithint agus a dhearbhú. Dá réir, níl cearta nó cosaint ar leith ag na seirbhísí atá ag feidhmiú trí Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Níl siad rangaithe mar cineál seirbhíse ar leith ag na forais Stáit agus mar thoradh ar sin níl fiú eolas ar fáil don phobal maidir le cá bhfuil naíonraí lonnaithe. Tá gá le haitheantas ceart ón Stát don luath-thumoideachas mar mhúnla agus le heolaire poiblí a léiríonn cá bhfuil teacht ar naíonraí a chuireann an luath-thumoideachas ar fáil.

Laghdú i líon na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht

Níl tomhais cruinn ar fáil de líon na naíonraí atá ag feidhmiú lasmuigh den Ghaeltacht.

Nuair a ghlac Gaeloideachas leis an gcúram le seirbhísí tacaíochta a chur ar fáil do naíonraí i 2014, léirigh bunachar sonraí stairiúil de na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht go raibh os cionn 180 dóibh ann. D’iarr Gaeloideachas staitisticí bliantúla ón 180 naíonra ar an liosta sin ó 2016-2021 d’fhonn bonnlíne a aithint, ach gan dualgas ar na naíonraí eolas a thuairisciú don eagraíocht, níorbh fhéidir figiúir iomlán iontaofa a dheimhniú. Chuir Gaeloideachas deireadh leis na staitisticí a lorg i 2021, nuair nár fhreagair ach 82 seirbhís an suirbhé, agus dhírigh an eagraíocht ar stocaireacht a dhéanamh ar an Roinn Leanaí le heolas a bhailiú ina leith.

I 2022/2023 thug an Stát faoi thaighde ar seo don chéad uair. Ní raibh an suirbhé éigeantach, áfach, agus níor lorgaíodh cead na bhfreagróirí leis an eolas maidir le teanga na seirbhísí aonair a roinnt go poiblí. D’fhoilsigh An Roinn Leanaí Suirbhé ar Sholáthar i suímh Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige agus Cúram Leanaí Aois Scoile Lán-Ghaeilge i 2023 agus de réir na tuarascála sin:

  • Ní raibh ach 53 seirbhís luathbhlianta lasmuigh den Ghaeltacht a dúirt go bhfuil siad ag feidhmiú go hiomlán trí Ghaeilge (sé sin, de réir sainmhíniú Gaeloideachas ar cad is naíonra ann). Go comparáideach, tá 153 bunscoil lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.
  • Dúirt 63 seirbhís luathbhlianta lasmuigh den Ghaeltacht go bhfuil siad ag feidhmiú go dátheangach (ach gan cainníochtú ar cad is brí le ‘go dátheangach’).

Léiríonn seo gur dócha go bhfuil titim shuntasach i líon na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht le deich mbliana anuas. Tá seo ag teacht leis an bhfianaise starógach atá faighte ag Gaeloideachas ón bpobal. Tá taifead ag an eagraíocht ar 17 naíonra a dhún ó 2016 agus meastar go bhfuil níos mó ná sin ann. Níl an Stát in ann figiúr cruinn a thabhairt de líon na naíonraí a dhún mar nach lorgaítear eolas maidir le teanga na seirbhíse nuair atá fógra á dtabhairt maidir le seirbhís a dhúnadh. Castacht eile ná gur féidir go mbeadh seirbhís naíonra laistigh de mhórsheirbhís meán-Bhéarla, agus go gcuirtear deireadh leis an soláthar luath-thumoideachais ach nach ndéantar é a thaifead mar sheirbhís a dhún toisc go leantar le soláthar trí Bhéarla ina áit.  

Is céim chun tosaigh é go bhfuil an Roinn Leanaí anois ag aithint go bhfuil tábhacht le heolas a bhailiú maidir leis an nGaeilge san earnáil luathbhlianta, agus go mbeidh ceist maidir le teanga na seirbhíse san áireamh amach anseo i suirbhé bliantúil Pobal. Céim eile sa treo ceart ná an polasaí atá le foilsiú ag an Roinn Leanaí, Plean Cuimsitheach chun breis forbairt ar sholáthair lán-Ghaeilge san earnáil, agus tá sé den riachtanas go mbeidh sé físiúil agus téagartha a dhóthain le dul i ngleic leis an ngéarchéim atá á fhulaingt ag na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht. Bhí an polasaí le foilsiú i 2023, tá sé anois curtha siar go 2024 ach níl tús curtha leis an gcomhairliúchán poiblí ina leith go fóill.

Tá gá le scéim aitheantais don luath-thumoideachas sna luathbhlianta, le scéim dearbhú cáilíochta a chuireann tacaíochtaí cuí ar fáil do na naíonraí agus do na páistí atá faoina gcúram.

Maoiniú

Tá naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht ag brath ar maoiniú ón Stát le costais reatha agus foirne a íoc. Tá costas níos airde ar seirbhís a sholáthar trí mheán na Gaeilge, ach ní fhaigheann naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht aon mhaoiniú breise le cabhrú leo na costais seo a chlúdach. I measc na riachtanais bhreise atá acu, tá:

  • acmhainní i nGaeilge a cheannach nó a fhorbairt;
  • ranganna Gaeilge do bhaill fhoirne mar nach mbíonn an Ghaeilge mar chuid dá n-oiliúint tosaigh;
  • costais aistriúcháin do pholasaithe, foirmeacha, fógraí nó eile; agus
  • liúntas a íoc le foireann a earcú agus a choinneáil.

Idir 2013–2014 cailleadh €1.4 milliún do mhaoiniú Stáit do na naíonraí, idir €876,900 don scéim fóirdheontais, arna maoiniú ag Foras na Gaeilge agus €500,000 nuair a tháinig deireadh le maoiniú Pobal don eagraíocht tacaíochta Forbairt Naíonraí Teoranta (FNT). Tháinig deireadh le Forbairt Naíonraí Teoranta dá réir. Ainneoin gur bronnadh ról tacaíochta ar Gaeloideachas sa réimse, níor lean na socruithe maoinithe agus níl na seirbhísí atá á soláthar ag Gaeloideachas chomh cuimsitheach is a bhí seirbhísí FNT, ceal maoinithe agus acmhainní.

Tá gá le scéim fóirdheontais do naíonraí le cinntiú go mbeidh siad inmharthana agus go mbeidh siad cumasaithe le luath-thumoideachas ar ardchaighdeán a chur ar fáil do na páistí atá faoina gcúram.

Géarchéim earcaíochta agus coinneála foirne

De réir tuairiscí atá faighte ag Gaeloideachas ó naíonraí a dhún le blianta beaga anuas, is toisc nárbh fhéidir foireann le Gaeilge a earcú nó a choinneáil don chuid is mó a dúnadh na seirbhísí lán-Ghaeilge, nó a chuireann bac orthu oscailt ar an gcéad dul síos. Tá géarchéim earcaíochta in earnáil na luathbhlianta i gcoitinne, ach tá sé níos géire sna naíonraí, ach go háirithe mar a bhaineann le foireann a earcú le tacú le hoideachas speisialta sna luathbhlianta.

Go hiondúil, is uaireanta páirtaimseartha a bhíonn i gceist d’fhoireann na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht agus feidhmíonn siad de réir féilire na scoilbhliana. Tá na rátaí pá san earnáil íseal go fóill, agus ní íoctar foireann le linn na saoire. Tá na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht in iomaíocht le hearnáil na mbunscoileanna, áit ina bhfuil pá agus cúinsí oibre níos fearr ar fáil, agus an-éileamh ar daoine le Gaeilge.

Tá gá le hinfheistíocht straitéiseach sna luathbhlianta lán-Ghaeilge le scéim a chabhróidh le naíonraí múinteoirí a earcú, a chumasú agus a choinneáil agus luath-thumoideachais ar ardchaighdeán a chur ar fáil do pháistí óga.

Conclúid agus moltaí

Tá na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht ag feidhmiú i dtimpeallacht chasta agus athraitheach, gan aitheantas cuí dá stádas mar suíomhanna luath-thumoideachais agus gan dóthain tacaíochta le go mbeidh siad inmharthana. Táimid rófhada ag brath ar fhostaithe, mná a bhformhór, a chuireann a leas féin ar deireadh ar mhaithe leis na páistí atá faoina gcúram, suíomh nach bhfuil ceart nó inbhuanaithe. Tá níos fearr ag dul dóibh agus do na teaghlaigh atá ag brath orthu le cúram, oideachas agus Gaeilge a thabhairt dá bpáistí.

Leis an bhfís a fhíorú go mbeadh córas eiseamláireach luath-thumoideachais ar fáil do gach uile dhuine, is gá dul i ngleic le mórdhúshláin reatha na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht agus cinntiú:

  1. Go n-aithneoidh an Stát an luath-thumoideachas mar mhúnla an naíonra agus go bhforbrófar polasaithe tacúla ina leith
  2. Go bhfoilseofar eolaire poiblí a léiríonn cá bhfuil teacht ar naíonraí a chuireann an luath-thumoideachas ar fáil
  3. Go bhforbrófar scéim aitheantais don luath-thumoideachas, le scéim dearbhú cáilíochta a chuireann tacaíochtaí cuí ar fáil do na naíonraí agus do na páistí atá faoina gcúram
  4. Go gcuirfear scéim fóirdheontais ar fáil do naíonraí le cinntiú go mbeidh siad inmharthana agus go mbeidh siad cumasaithe le luath-thumoideachas ar ardchaighdeán a chur ar fáil
  5. Go ndéanfar infheistíocht straitéiseach ar bhonn práinne i scéim a chabhróidh le naíonraí múinteoirí a earcú, a chumasú agus a choinneáil