Áis Nua – Irish For Parents – Forbartha ag Gaeloideachas agus seolta ag an Aire Oideachais

Ar an 9 Meán Fómhair, sheol an tAire Oideachais, Hildegarde Naughton mol nua do thuismitheoirí, forbartha ag Gaeloideachas le maoiniú ón Roinn Oideachais & Óige agus le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge. Irish for Parents nó Gaeilge do Thuismitheoirí an teideal atá ar an suíomh agus tá sé in oiriúint do gach tuismitheoir, is cuma cén leibhéal Gaeilge atá acu.
An sprioc atá ag an mol ná foghlaim agus úsáid na Gaeilge a dhéanamh níos inrochtana, spreagúla, agus spraíúla dod’ pháiste. Tá os cionn 100 acmhainn ar fáil tríd an mol chomh maith le físeáin agus sraith fuaime úrnua, agus is féidir acmhainní a scagadh de réir leibhéal Gaeilge an tuismitheora, aois an pháiste, an cineál acmhainn atá ann, agus go leor eile.
D’aon tuismitheoir atá ag tabhairt cuairt ar Irish for Parents den chéad uair, is fiú féachaint ar na pacáistí acmhainní atá bunaithe ar théamaí éagsúla. Tá go leor téamaí éagsúla ann, ó chlosleabhair go frásaí Gaeilge, agus is bealach iontach iad na pacáistí chun tús a chur le hacmhainní nua a aimsiú.
Beidh treoir á scaipeadh ar scoileanna go han-luath maidir leis an mol agus conas eolas ina leith a roinnt le tuismitheoirí. Bheadh muid fíorbhuíoch as aon chúnamh é a roinnt i bhur scoilphobail, agus má tá aon cheisteanna nó aiseolas agaibh maidir leis an suíomh, is féidir teagmháil a dhéanamh le clodagh@gaeloideachas.ie.