Áis nua: Turas Tíre sa Teach

by | Jun 30, 2020 | Ginearálta, Muinteoirí, Tuismitheoirí

Tá acmhainn iontach cruthaithe ag Sadhbh Devlin agus Tarsila Kruse (urraithe ag Foras na Gaeilge), a dhíríonn ar dhaltaí sinsireacha bunscoile. Idir ceacht staire ar an laoch Fionn Mac Cumhaill go cuardach focal ar Phortach na Buaraí – tá neart gníomhachtaí ar fáil sa leabhrán seo a bhainfidh obair as an inchinn. Bain triail as anseo.