Products

Cart

Aitheantas ar deireadh do thuismitheoirí gur mian leo oideachas lán-Ghaeilge dá bpaistí

by | Nov 22, 2019 | Ginearálta, Preasráitis, Tuismitheoirí

31 EU9A8504

Is cúis áthais do Gaeloideachas fógra an Aire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh, go mbeidh péire den cheithre bhunscoil atá le hoscailt in 2020 ina scoileanna lán-Ghaeilge, de bharr nach bhfuil aon soláthar lán-Ghaeilge ar fáil sna ceantair phleanála scoile, Domhnach Bat agus Teach Sagard. Eascraíonn sé seo as athbhreithniú a ndearnadh ar an bpróiseas bunaithe scoileanna nuair a diúltaíodh d’iarratas ar Ghaelscoil nua a bhunú i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath in 2016 in ainneoin tacaíocht a bheith léirithe ag tuismitheoirí breis is 700 páiste ag an am.

“A bhuíochas le diongbháilteacht na dtuismitheoirí sin, tacaíocht a bpátrúin, An Foras Pátrúnachta, stocaireacht leanúnach ó Gaeloideachas agus Conradh na Gaeilge, mar aon le himscrúdú ón gCoimisinéir Teanga, tá leasú déanta ar an gcóras míchothrom a bhí ag cur bac ar fhás an oideachais lán-Ghaeilge ó 2011”, a dúirt Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas. Mar thoradh ar an imscrúdú a rinne an Coimisinéir Teanga, cheadaigh an Roinn oscailt Ghaelscoil Áine in 2019, bunscoil ilchreidmheach le freastal ar cheantair Marino, Droim Conrach agus Baile Átha Cliath 1.

“In ainneoin gur le dícheall a dearadh an próiseas daonlathach a bhí in úsáid ag an Roinn le cinneadh a dhéanamh maidir leis na cineálacha scoileanna a n-osclófaí, bhí an córas sin níos fabhraí d’fhormhór na dtuismitheoirí a roghnaíonn scoileanna a fheidhmíonn trí Bhéarla. Bhí na tuismitheoirí arbh fhearr leo rogha an oideachais lán-Ghaeilge thíos leis, áfach. Ní raibh aon rogha ag na tuismitheoirí seo ach a gcuid páistí a chlárú i scoileanna Béarla de dheasca easpa rogha eile ar fáil dóibh taobh istigh d’achar réasúnta taistil. I bpobail ina bhfuil gach aon scoil ag feidhmiú trí Bhéarla, is gá idirdhealú dearfach a dhéanamh ar son an mhionlaigh nach bhfuil rochtain acu ar oideachas lán-Ghaeilge dá gcuid páistí le cothrom na Féinne a thabhairt”.

Baineann go leor den phlé maidir le pátrúnacht na scoileanna nua leis an gá a bhaineann le hoideachas ilchreidhmeach a chur ar fáil. Áitíonn Gaeloideachas, áfach, nár chóir don oideachas lán-Ghaeilge bheith thíos leis seo. Ón uair a cuireadh tús leis an bpróiseas pátrúnachta scoile in 2011, tá gach aon scoil lán-Ghaeilge nua a osclaíodh seachas ceann amháin ina scoileanna ilchreidmheacha agus freastalaíonn siad ar pháistí le gach creideamh, cultúr, teanga, cúlra socheacnamaíoch, agus gach leibhéal cumais. Freastalaíonn scoileanna lán-Ghaeilge go rialta ar gach cineál éagsúlachta, agus cuireann siad timpeallacht thacúil fháilteach ar fáil do gach páiste agus gach teaghlach.

Déanfar comhairliúchán le tuismitheoirí sna ceithre cheantair ina mbunófar scoileanna nua chun pátrúin a aithint. Tá féidearthacht ann gur scoileanna lán-Ghaeilge a mbunófar i gCarraig Uí Leighin agus scoilcheantar An Naigín/Cill Iníon Léinín/Dún Laoghaire Ráth an Dúin/Coill na Silíní freisin má vótálann tuismitheoirí don rogha sin. Ní heol go fóill cé na pátrúin a bheidh in iomaíocht do na scoileanna nua seo, ach cuirfear gach eolas ar fáil ar shuíomh faoi leith de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna don phróiseas nuair a gcuirfear tús leis an bpróiseas comhairliúcháin, www.patronage.education.gove.ie.

“Cuirfidh an fógra seo go mbeidh péire de na scoileanna ina scoileanna lán-Ghaeilge brú ar phátrúin measúnú a dhéanamh ar a gcuid tiomantais do chearta páistí agus chearta teanga. Tá sé an-tábhachtach go mbeidh tuismitheoirí rannpháirteach sa phróiseas, go mbeidh siad eolach ar na múnlaí atá ar fáil ó na pátrúin éagsúla agus go bhfuil a gcuid vótaí san áireamh” a dúirt ní Ghréacháin.

Tugann Gaeloideachas tacaíocht dóibh siúd a chuireann oideachas lán-Ghaeilge ar fáil ó leibhéal an naíonra, go dtí an bunleibhéal agus ar aghaidh go dtí an t-iar-bhunleibhéal, le pátrúin éagsúla san áireamh. “Is í an fhís atá againn ná go go mbeidh fáil ag gach tuismitheoir agus caomhnóir ar oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán gurb é a rogha é dá gcuid páistí” a dúirt ní Ghréacháin “agus cabhraíonn fógra an Aire leis an sprioc seo a bhaint amach do na pobail seo”.