Amhráin & Rannta Nua-chumtha do Pháistí
‘Séard atá anseo ná dlúthdhiosca úrnua do leanaí dar teideal Picnic Teidí. Tá gach traic lán le spraoi-agus iad dírithe ar pháistí idir 0 go 9 mbliaina d’aois. Pléann na rannta agus amhráin le himeachtaí i saol an pháiste- Síóg na bhFiacal, cois trá, cuairt ar an zú, agus ar ndóigh Picnic Teidí a thugann an teideal don albam. Tá Picnic Teidí foirfe do naíonraí, ranganna naíonán agus bainfidh teaghlaigh an-súp as!
’Sí Sadhbh Rosenstock a chum an saothar agus í ag tarraingt ar a taithí mar mhúinteoir agus mar mháthair a bhfuil beirt iníon aici. Meallfaidh an t-albam páistí le canadh in éineacht leis na daoine óga a rinne an taifeadadh. Bainfidh tuismitheoirí an-leas as an albam agus iad ar thuras sa charr nó sa bhaile leis an gclann. Is cinnte go bhfanfaidh na hamhráin seo sa chuimhne go ceann i bhfad!
Tá leabhrán gleoite a ghabhann leis an albam agus é maisithe ag Ciara Ní Dhuinn. Sa leabhrán tugtar focail gach ceann de na hamhráin agus rannta, rud a bheidh ina chuidiú mór ag tuismitheoirí agus múinteoirí.
Ag labhairt di faoin albam, deir Sadhbh Rosenstock: ‘Chothaigh mo thuismitheoirí, Nóirín agus Tomás, an-spéis ionainn sa cheol agus bhí ár dteach i gcónaí lán le ceol. Is breá liom páistí a fheiceáil ar bís agus iad ag súil go mór le hócáidí speisialta i gcaitheamh na bliana. Rinne mé iarracht cuid den sceitimíní sin a chur i bhfoirm véarsaí. Bhí an-ríméad orm nuair a dúirt Antoine Ó Coileáin go raibh spéis ag Gael Linn na hamhráin agus rannta seo a eisiúint agus bhí lúcháir orm nuair a tháinig Máire Breatnach ar bord mar léiritheoir’.
Tá ardchaighdeán léirithe ar an albam seo agus glacann roinnt oirfidigh páirt ann m.sh. Marcus Lamb agus Doireann Ní Chorragáin, beirt a bhíonn le cloisteáil go minic ar chartúin TG4 ar nós Spongebob. Cloistear glórtha binne páistí ar na traiceanna, rud a bheidh ina spreagadh ag na héisteoirí óga. Ar na ceoltóirí a ghlacann pairt tá Máire Breatnach, Eavan Ní Mhuirgheasa, Sadhbh Rosenstock, Seán McElwain agus Tristan Rosenstock. Máire Breatnach a léirigh agus tá an t-albam ar lipéad Gael Linn.
Cumadh na saothair seo go grámhar le canadh os ard sa charr, sa seomra ranga, sa teach, nó amuigh faoin aer ag picnic teidí.
Canaigí libh, a pháistí! Tá Picnic Teidí ar fáil anois www.gael-linn.ie ar €14.99 (postas san áireamh).