An Intleacht Shaorga sa Bhunscoil agus san Iar-bhunscoil

Ar an gCéadaoin 5 Márta ag 19.00, d’eagraigh Gaeloideachas seimineár ar líne dar teideal An Intleacht Shaorga sa Bhunscoil agus san Iar-bhunscoil.
Ba é Cormac Ó Tuairisg, múinteoir i Scoil Éinne, An Spidéal agus a bhfuil taithí na mblianta aige ag teagasc i scoileanna Gaeltachta agus i ngaelscoileanna a bhí ag cur i láthair an mhír bunscoile. Dhírigh Cormac ar cén chaoi le hIntleacht Shaorga a úsáid chun ranganna a phleanáil agus léirigh sé eiseamláirí den bhogábhar a úsáidtear chuige seo.
Ba í Derval Newman, Príomhoide Ghairmscoil Mhic Diarmada, Árainn Mhór le raidhse taithí aici féin in iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge a bhí ag cur i láthair an mhír Iar-bhunscoile. Léirigh Derval cén chaoi le hIntleacht Shaorga a úsáid i múineadh ábhar ranga ag an 2ra leibhéal agus cur le saibhreas an teagaisc .
Bhain lucht freastail ón dá leibhéal scoile leas as an dá chur i láthair chun cur lena gcuid tuisceana ar bhuntáistí an Intleacht Shaorga do cheird na múinteoireachta.