An Intleacht Shaorga san Oideachas lán-Ghaeilge faoi chaibidil ag Tionól Forbartha 2026

Oct 27, 2026

Íomhá leis an bPléphainéal ar IS ag Tionól Forbartha 2026 a fhógairt. Is achoimre atá ann den eolas atá ag dul leis an íomhá anseo.

Tá an-áthas orainn cainteoirí don phléphainéal ar intleacht shaorga, An Intleacht Shaorga san Oideachas lán-Ghaeilge: Deiseanna, Dúshláin agus Cur Chuige Praiticiúil, ag Tionól Forbartha 2026 a roinnt libh anois. 

Teideal: An Intleacht Shaorga san Oideachas lán-Ghaeilge: Deiseanna, Dúshláin agus Cur Chuige Praiticiúil
Cainteoirí: Andy Caomhánach, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, Cormac Ó Tuairisg, Leas-Uachtarán Gaeloideachas/Scoil Éinne, Maria Ní Bheatsúin, Gaelcholáiste Dhoire, agus Robbie Irwin, Institiúid Oideachais Marino

Cara Cuidiúil nó Constaic Chonspóideach? Déanfaidh an pléphainéal seo plé bríomhar ar thionchar na hintleachta saorga (IS) ar mhúineadh agus ar fhoghlaim san oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, agus ar na bealaí ar féidir í a úsáid chun tacú le hobair an oideora. Pléifidh an ceathrar aoichainteoirí na deiseanna agus na dúshláin a bhaineann leis an IS d’oideoirí ag gach leibhéal sa lá atá inniu ann.

Roinnfidh na cainteoirí noda praiticiúla, uirlisí agus acmhainní úsáideacha, agus pléifidh siad conas is féidir an IS a úsáid i gcomhthéacs an oideachais lán-Ghaeilge le tascanna laethúla a éascú, tacú leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim, agus acmhainní Gaeilge ar ardchaighdeán a chruthú. Pléifear freisin an úsáid a bhaineann na cainteoirí féin as an teicneolaíocht seo, na mórcheisteanna atá ag teacht chun cinn i réimse na hintleachta saorga, agus na forbairtí atá ag tarlú anseo in Éirinn agus go hidirnáisiúnta, go háirithe mar a bhaineann leis an oideachas, an tumoideachas, agus mionteangacha.

Déanfaidh an painéal machnamh feasach ar cheisteanna tábhachtacha eiticúla agus praiticiúla chomh maith – an príobháideachas, slándáil sonraí, úsáid fhreagrach eiticiúil na hintleachta saorga i gcomhthéacs an oideachais, mar aon le caighdeán agus cruinneas na Gaeilge, ina measc.

Má tá tú ag baint úsáide as IS cheana féin nó fiosrach faoi na féidearthachtaí a bhaineann léi, beidh deis agat éisteacht leis an bplé, do thuairimí féin a roinnt, ceisteanna a chur agus a bheith rannpháirteach sa bplé.

Cé a bheidh ar an bpléphainéal?

Andy Caomhánach, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe
Is léachtóir agus taighdeoir é Andy Caomhánach in Ollscoil na Gaillimhe, áit a múineann sé teicneolaíocht agus gnó trí mheán na Gaeilge. Tá breis agus fiche bliain de thaithí aige san ardoideachas, in oiliúint múinteoirí agus i gcur chun cinn na teicneolaíochta san oideachas. Tá spéis ar leith aige in úsáid uirlisí digiteacha agus na hintleachta saorga chun tacú le teagasc agus foghlaim sa seomra ranga lán-Ghaeilge. Chomh maith lena chuid oibre acadúla, cuireann sé ceardlanna praiticiúla ar fáil do mhúinteoirí agus d’fhoghlaimeoirí. Is é Fear na Ríomhairí ar RTÉ Raidió na Gaeltachta é, áit a bpléann sé forbairtí teicneolaíochta agus a dtionchar ar an saol laethúil.

Cormac Ó Tuairisg, Leasuachtarán Gaeloideachas agus Príomhoide Cúnta II, Scoil Éinne, An Spidéal
Is múinteoir bunscoile agus Príomhoide Cúnta II é Cormac Ó Tuairisg i Scoil Éinne sa Spidéal. Tá breis agus cúig bliana déag de thaithí aige sa bhunoideachas, agus tá taithí na mblianta aige ag plé le teicneolaíocht dhigiteach agus leis an eolaíocht. D’oibrigh sé i ranganna príomhshrutha agus i suíomhanna tacaíochta agus oideachais speisialta. Sula ndeachaigh sé leis an múinteoireacht, rinne sé staidéar ar an innealtóireacht mheicniúil agus d’oibrigh sé san earnáil aerloingseoireachta. Tá MSc sa tSíceolaíocht aige ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Tá sé ag forbairt ábhar gairmiúil do mhúinteoirí faoi úsáid phraiticiúil na hintleachta saorga chun acmhainní teagaisc a chruthú.

Maria Ní Bheatsúin, Gaelcholáiste Dhoire
Is as Machaire Fíolta, Co. Dhoire, ó dhúchas do Maria. Is múinteoir Teicneolaíochta Faisnéise is Cumarsáide í atá anois mar mheáncheannaire i nGaelcholáiste Dhoire. Tá Maria sa ról seo le trí bliana anuas agus an-taithí aici ag plé le teagasc TFC san iar-bhunscolaíocht. Úsáideann sí intleacht shaorga le heispéireas foghlama an scoláire agus le hualach oibre an mhúinteora a éascú.

Robbie Irwin, Léachtóir Cúnta san Oideachas (Múineadh na Gaeilge agus Teicneolaíochtaí Cruthaitheacha), Institiúid Oideachais Marino
Is léachtóir cúnta é Robbie in Institiúid Oideachais Marino agus tá spéis mhór aige in úsáid na teicneolaíochta le cuidiú le múineadh na Gaeilge. Bhí a chéim mháistreachta i nDearadh agus Forbairt na Ríomhfhoghlama agus tá áiseanna teicneolaíochta cruthaithe aige d’Údaras Oideachais Thuaisceart Éireann. Beidh a thaighde doctúireachta ag fiosrú úsáid na hintleachta saorga i measc múinteoirí faoi oiliúint ó thaobh ardú muiníne agus cumais de. Sular thosaigh sé i Marino, chaith sé bliain mar Oifigeach Oideachais Bunscoile le COGG agus blianta mar mhúinteoir bunscoile. Chomh maith leis sin, ceapadh é mar speisialtóir ábhair le Duolingo nuair a chruthaigh sé aonaid nua Gaeilge don aip.

🔗 Is féidir clárú don Tionól Forbartha ar shuíomh Gaeloideachas agus teacht ar an leagan iomlán den chlár anseo. 

🏨 Níl ach dornán an-bheag lóistín fós ar fáil agus ní mór é a chur in áirithe go han-luath má tá sé i gceist agat fanacht.