An Polasaí don Oideachas Gaeltachta – Eolas do Thuismitheoirí

Feb 16, 2022

Tá an Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-22 (POG) á chur i bhfeidhm i mbunscoileanna agus iar-bhunscoileanna na Gaeltachta ó 2017. Is polasaí stáit é a cruthaíodh chun aitheantas na scoileanna a dhaingniú mar scoileanna Gaeltachta. Tá Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta á feidhmiú sna scoileanna atá páirteach sa bPolasaí.  

Cén fáth ar tugadh isteach an POG?

De bharr go leor athruithe a bheith tagtha ar an nGaeltacht le blianta, tá meascán teangacha le cloisteáil anois sa phobal agus sa seomra ranga Gaeltachta. Bíonn difríochtaí móra sa gcaighdeán Gaeilge a bhíonn ag páistí nuair a thosaíonn siad ar scoil. Is cainteoirí dúchais cuid acu ó theaghlaigh lán-Ghaeilge, bíonn beagán Gaeilge ag cuid eile agus bíonn roinnt páistí nach mbíonn aon Ghaeilge acu. Bhí an meascán cumas teanga seo fíordhúshlánach do mhúinteoirí i scoileanna na Gaeltachta ag an mbunleibhéal agus an iar-bhunleibhéal. Bhí tionchar diúltach aige seo ar an nGaeilge mar phríomhtheanga teagaisc agus shóisialta sna scoileanna Gaeltachta agus dá réir sa nGaeltacht ina hiomláine.

Cén chaoi a gcuirtear an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta i bhfeidhm?

Faoin scéim tá critéir le comhlíonadh ag gach bunscoil agus iar-bhunscoil chun stádas Gaeltachta a bhaint amach.

Ag leibhéal bunscoile tá 13 chritéar le comhlíonadh ag gach scoil atá páirteach. Baineann an chéad cheann le clár dhá bhliain luath-thumoideachais a chur i bhfeidhm sna naíonáin bheaga agus mhóra chun bunchloch láidir a chur faoi chumas Gaeilge na ndaltaí. Tá sé cruthaithe go hidirnáisiúnta gurb é an luath-thumoideachas an bealach is éifeachtaí chun freastal ar éagsúlacht cumais teanga sa seomra ranga – sa nGaeltacht cothaíonn an luath-thumoideachas líofacht teanga sna páistí ar bheagán nó gan aon Ghaeilge agus treisíonn sé saibhreas Gaeilge na gcainteoirí dúchais.

Ag leibhéal iar-bhunscoile tá 11 chritéar le comhlíonadh ag na scoileanna faoina mbíonn orthu oibriú i dtreo na hábhair ar fad a theagasc trí Ghaeilge, seachas an Béarla agus teangacha eile.

An bhfuil tacaíocht ar fáil do na scoileanna chun an POG a chur i bhfeidhm?

Aonad um Oideachas Gaeltachta bunaithe ag an Roinn Oideachais chun an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta a riaradh agus chun monatóireacht a dhéanamh uirthi. Tá réimse tacaíochtaí breise curtha ar fáil do na scoileanna idir uaireanta tacaíochta teanga breise don Ghaeilge, forbairt ghairmiúil leanúnach ó COGG agus cuairteanna breise ón gCigireacht.

Tá gach eolas breise faoin bPolasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-22 le fáil anseo.

Nóta: De bharr an tionchair a bhí ag Covid-19 ar scoileanna le dhá bhliain anuas, tá síneadh ama 2 bhliain curtha leis an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta go 2024.