An Polasaí don Oideachas Gaeltachta – Scéal na Scéime – Samhradh 2026

Tá eagrán 5 de Scéal na Scéime – nuachtlitir na Roinne Oideachais agus Óige do scoileanna sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta ar fáil. Tugtar léargas ar an obair atá á déanamh ag 4 scoil faoin scéim agus dírítear ar théamaí ar nós fáilte a chur roimh fhoghlaimeoirí sa scoil nach iad an Ghaeilge ná Béarla a dteangacha dúchasacha, ionchuimsiú sa scoil, saol scoile le 13 dalta atá suite ar an oileán is mó ar chósta na tíre agus mar a bhain scoil amháin aitheantas amach níos déanaí sa phróiseas. Scéalta áilne iad agus tá féirín sa nuachtlitir – teastóidh do fón póca uait len é aimsiú.