An Samhradh Sa Naíonra

Jun 18, 2021

An Samhradh sa Naíonra

Tá an samhradh linn agus tá leabhrán nua foilsithe ag Gaeloideachas!

Faoin am seo, ba chóir go mbeadh an leagan clóite dár leabhrán samhraidh faighte ag gach naíonra. Táimid an-bhuíoch do na stiúrthóirí is múinteoirí naíonra a chur ábhar ar fáil dúinn don leabhrán, agus tá súil againn go raibh deis agaibh leas a bhaint as na amhráin is na rannta istigh ann go dtí seo. Tá an leagan digiteach den leabhrán seo (agus na greamáin a théann leis) ar fáil ar líne anois agus is féidir iad a íoslódáil saor in aisce: 

Táimid ag tnúth go mór leis na físeáin a théann leis an leabhrán a thaispeáint daoibh chomh maith! Bheimis buíoch dá scaipfeadh sibh iad go forleathan ar bhur múinteoirí, comhghleacaithe agus tuismitheoirí.

Lean ár seinnliosta ar YouTube nó breathnaigh ar liosta na bhfíseán thíos: