Anailís ar na hacmhainní reatha teagaisc agus foghlama do pháistí a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu sa chóras lán-Ghaeilge agus Gaeltachta

Jun 30, 2022

Tá an-áthas orainn an píosa taighde ríthábhachtach seo ón Dr Sinéad Nic Aindriú agus an tOllamh Pádraig Ó Duibhir a roinnt. Sa taighde seo a choimisiúnaigh Gaeloideachas, déantar imscrúdú ar na hacmhainní measúnaithe agus teagaisc atá riachtanach do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta chun freastal cuí a dhéanamh ar scoláirí a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu.

Meastar go bhfuil diagnóis riachtanais bhreise oideachais (RBO) ag 9.4% de dhaltaí bunscoile a fhreastalaíonn ar bhunscoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht (Nic Aindriú, Ó Duibhir, & Travers, 2020). Tá sé fíorthábhachtach do Gaeloideachas taighde a choimsiúnú a chabhróidh linn a chinntiú go bhfuil eispéireas foghlama agus teagaisc den scoth ar fáil agus go bhfuil acmhainní, cláir, uirlisí measúnaithe agus idirghabhálacha nuálacha ardchaighdeáin ar fáil i dteanga theagaisc agus chumarsáide na scoláirí.

Dúirt formhór na scoileanna a líon suirbhé isteach mar chuid den taighde go raibh an easpa acmhainní measúnaithe agus teagaisc trí Ghaeilge chun freastal ar riachtanais bhreise oideachais a gcuid scoláirí an-dúshlánach, faraor. Déantar moltaí i gCaibidil 5 sa phríomhthuairisc taighde maidir le forbairt don todhchaí i réimse an mheasúnaithe agus acmhainní do scoláirí a bhfuil RBO acu atá ag foghlaim trí Ghaeilge. Is iad na príomhthéamaí faoina ndéantar moltaí ná; seirbhísí seachtracha, litearthacht, teanga agus cumarsáid, uimhearthacht, agus forbairt shóisialta agus mhothúchánach.

Baineann na moltaí a dhéantar leis an gcleachtas is fearr a mholtar go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta maidir le freastal ar scoláirí a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu i gcomhthéacsanna tumoideachais agus iad siúd atá ag foghlaim tríd an dara teanga. Beidh Gaeloideachas ag baint úsáide as na moltaí agus na torthaí taighde seo ar fad le habhchóideacht chuí a dhéanamh ar na saincheisteanna seo agus muid ag plé le heagraíochtaí tacaíochta, Ranna Stáit agus eile le cothrom na Féinne a chinntiú do na scoláirí seo.

Ba mhaith le Gaeloideachas buíochas a ghabháil leis an Dr Sinéad Nic Aindriú agus an tOllamh Pádraig Ó Duibhir as an obair mhór a chuir siad isteach leis an taighde tábhachtach seo a chur ar fáil, mar aon leis na rannpháirithe ar fad a roinn a gcuid taithí agus eolais sa réimse seo.

Tá an taighde iomlán ar fáil ag an nasc seo

Tá achoimre fheidhmheach ar fáil anseo

Tá leagan Béarla den achoimre fheidhmeach ar fáil anseo