Aonaid lán-Ghaeilge: Cruthúnas sa Taighde gur Scoileanna Neamhspleácha Tumoideachais an t-aon Réiteach Sásúil
Fáiltíonn Gaeloideachas, an ceanneagraíocht náisiúnta a thacaíonn le forbairt an oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, roimh fhoilsiú na dtorthaí taighde faoin soláthar reatha sna haonaid lán-Ghaeilge: saincheisteanna a bhaineann le bunú, bainistiú agus buanú. Ba iad TJ Ó Ceallaigh, Muiris Ó Laoire agus Máire Uí Chonghaile a thug faoin taighde.
“Tá tábhacht nach beag leis na torthaí seo, atá anois ina uirlis chriticiúil don Roinn Oideachais agus í ag forbairt an pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht,” a deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas. “Cé gur taighde an-chuimsitheach atá i gceist, a rinneadh thar achar fada le hionchur mór ó phobal na n-aonad agus eile, níl aon ghné de nach dtagann lenár dtuiscint ar na dúshláin atá roimh na n-aonad.”
Tá Gaeloideachas ag achainí le blianta fada go leagfar amach critéir agus céimeanna soiléire, comhleanúnacha do na haonaid reatha chun go n-aithneofar iad mar scoileanna neamhspleácha lán-Ghaeilge iontu féin.
Cé go bhfuil dóchas ann go mbeidh an mapa bóthair seo daingnithe sa pholasaí nua, níl ansin ach gné amháin den mhórcheist, a deir ní Ghréacháin. “Go deimhin, tá an fhianaise eolaíoch ann anois, a thacaíonn leis an bhfianaise a bhí ann cheana – aonaid ag dúnadh, nó ag streacailt le huimhreacha, i measc eile – nach n-oibríonn an múnla seo mar sholáthar iarbhunscolaíochta trí Ghaeilge. In ainneoin sáriarrachtaí le blianta fada anuas ó mhúinteoirí agus ó mhúinteoirí i bhfeighil atá fíordhílis don ghaeloideachas, is í seo an fhírinne lom,” dar léi. “Cuma cé na gealltanais atá ann go bhfeabhsófaí an múnla reatha, a fhad is a mhairíonn sí faoi scáth scoil Bhéarla, leanfaidh na dúshláin. An toradh praiticiúil atá ar seo ná soláthar leochaileach d’iarbhunscolaíocht, faoi scáth scoil le héiteas Béarla. Ní tumoideachas é sin.”
Tá deis anois ag an Roinn Oideachais a bheith ceannródaíoch, glacadh le hiomlán an taighde atá curtha i gcrích, na honaid reatha a chumasú láithreach le bheith neamhspleách agus bunú scoileanna neamhspleácha a bheith mar pholasaí agus gnímh ag an Roinn, i modh iomlán neamhspleách ón tús, nó ceangailte le Gaelcholáiste reatha sa chás go bhfuil an tacaíocht fáis seo de dhíth.
Críoch
Teagmháil
Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach| blathnaid@gaeloideachas.ie | 01 8535195 | 086-8050335
Clodagh Ní Mhaoilchiaráin, Uachtarán | clodaghni@gmail.com | 087-6232191
Nótaí don eagarthóir
Gaeloideachas
Is ceanneagraíocht náisiúnta í Gaeloideachas a thacaíonn le forbairt an oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal.
Tugann Gaeloideachas comhairle, cúnamh agus tacaíocht do dhaoine ar mian leo oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí, chomh maith le seirbhísí tacaíochta agus abhcóideachta do scoileanna lasmuigh agus laistigh den Ghaeltacht mar aon le naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht.