Ar Aghaidh Linn chuig an Iar-bhunscoil!
Go raibh maith agat as freastal ar ár seimineár Ar Aghaidh Linn chuig an Iar-bhunscoil 8 Iúil 2020. Tá súil againn gur bhain sibh tairbhe as. Tá na sleamhnáin ón ócáid le fáil anseo agus tá an taifead den seimineár ar fáil ar YouTube (agus thuas) anois.
Ná déan dearmad clárú dár nuachtlitir dírithe ar thuismitheoirí agus bheith páirteach inár ngrúpa Facebook do thuismitheoirí chomh maith. Is féidir leagan Gaeilge nó leagan dátheangach den nuachtlitir a fháil.
Guíonn muid gach rath ar do pháiste agus ortsa leis an aistear nua seo.