Ar Aghaidh Linn! Nuachtlitir Leanúnachais

May 26, 2021

Leis an nuachtlitir seo, tá Gaeloideachas ag cur tús le feachtas “Ar Aghaidh Linn” chun cuidiú le scoileanna teaghlaigh agus daltaí a spreagadh chun go leanfaidh daltaí atá ag freastal ar an mbunscoil Ghaeltachta nó lán-Ghaeilge ar aghaidh chun a gcuid oideachais iar-bhunleibhéil a fháil sa chóras lán-Ghaeilge /Gaeltachta freisin.

Bíonn ceisteanna ag tuismitheoirí agus ag daltaí  i gcoitinne maidir leis an aistriú chuig an iar-bhunscoil. Bíonn ceisteanna breise ag teaghlaigh nuair is gá dóibh cinneadh a dhéanamh idir rogha scoileanna – scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla san áireamh. Sa nuachtlitir seo ba mhaith linn díriú ar roinnt de na ceisteanna a bhíonn ag tuismitheoirí le go mbeidh príomhoidí agus múinteoirí in ann na tuismitheoirí agus daltaí a dhíriú ar acmhainní a chuideoidh leo cinneadh a dhéanamh.

Sa Nuachtlitir Seo:

  • Cén fáth go roghnófá iar-bhunscoil lán-Ghaeilge?
  • Tuismitheoirí & an Iar-bhunscoil lán-Ghaeilge
  • Ceisteanna Coitianta
  • Tacaíocht Gaeloideachas
  • Acmhainní CNCM
  • Riachtanais Speisialta Oideachais
  • Eile

Léigh Anseo