Ár Saol 5 Bliana Ar Aghaidh: Tionchar an Oideachais Bhriste

Ar an 12 Márta 2020, cuireadh an chéad dhianghlásáil i bhfeidhm in Éirinn de bharr paindéim Covid 19 a bheith sroichte chomh fada linn. Dhún na scoileanna ar fad ar an dáta sin agus agus ar feadh dhá bhliain ina dhiaidh, bhí scoileanna á n-oscailt agus á ndúnadh arís ag brath ar cé chomh dian is a bhí na ráigeanna den víreas ag scaipeadh sa tír. Fiú nuair a bhí na scoileanna oscailte, bhí brú mór orthu de bharr rialacha géara sláinte, daltaí agus foirne amuigh tinn agus an imní mhór a bhí forleathan. Ar an 12 Márta 2025, d’fhoilsigh An Phríomhoifig Staidrimh an grafaic faisnéise thuas COVID-19 – Ár Saol 5 Bliana Ar Aghaidh: Tionchar an Oideachais Bhriste maidir le Oideachas agus Foghlaim – Dearcadh Tuismitheoirí & Mac Léinn.