Athbhreithniú ar Gaeilge na hArdteiste – bíodh glór na dtuistí le cloisteáil!

Apr 28, 2021

Céard é an t-athrú atá molta agus á phlé sa chomhairliúchán poiblí?  

Go mbeidh 2 chúrsa (sonraíocht) nua ann do dhaltaí:- 

  • T1 (Teanga 1: le Gaeilge mar an phríomhtheanga scoile, sé sin scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta)  
  • T2 (Teanga 2: le Gaeilge mar an dara teanga scoile, sé sin scoileanna meán-Bhéarla), le 2 leibhéal (gnáthleibhéal agus onóracha). Tá sé molta nach mbeidh ann don bhonnleibhéal a thuilleadh.  

Is féidir le daltaí sna scoileanna meán-Bhéarla sonraíocht T1 (atá níos dúshlánaí) a dhéanamh más mian leo.  

Cathain?  

Má ghlactar leis an dréacht seo, bheadh sé le tosú sna scoileanna in 2023 agus le scrúdú don chéad uair Meitheamh 2025. 

Cén impleacht a bhféadfadh bheith ann dod’ pháiste?  

  • Do dhaltaí a roghnaíonn sonraíocht T1, níl i gceist go mbeidh aon chúiteamh ar an obair sa bhreis don dalta (marcanna bónais, mar shampla). Ardaítear an cheist cén fáth go roghnódh dalta cúrsaí níos dúshlánaí gan cúiteamh? 
  • Tá doiléire ann an mbeidh sonraíocht T1 éigeantach nó roghnach sa scoileanna T1.  
  • % níos ísle don scrúdú béil (ó 40% go 35%) 
  • Múinteoirí imníoch nach mbeidh dóthain tacaíochta ar fáil dóibh len iad a chumasú leis an gcúrsa nua a theagasc. 

Cad a mholann Gaeloideachas?  

  • Athbhreithniú a bheith déanta ag an CNCM ar na hathruithe sa Ghaeilge sa tSraith Shóisearach sula ndéanfar athruithe ar Ghaeilge na hArdteiste. 
  • Aitheantas a thabhairt don dúshlán breise a bheadh ann don dalta a thugann faoin gcúrsa níos dúshlánaí.  

Conas gur féidir leat, mar thuismitheoir, tionchar a imirt ar an bpróiseas seo?  

  • Léigh tríd na hathruithe atá beartaithe, más féidir, agus déan do mhachnamh orthu. Tá siad ar il anseo.
  • Féach ar an mbileog a leagann amach moltaí agus éilimh Gaeloideachas ina leith. Tá sé ar fáil anseo.
  •  linn ar an 5 Bealtaine 2021, 7.00 – 8.15pm le do thuairimí a chur in iúlRoinnfear aiseolas ón tseisiúin leis an CNCM (atá freagrach as na hathruithe a chur i bhfeidhm). Cláraigh anseo